Deiseanna do Scoileanna: Gradaim na hÉireann do Scannánóirí Óga, 2025

Íomhá le caoinchead Fhéile Scannán Fresh. Stadán ó 'Showtime'
Féile Scannán Idirnáisiúnta Fresh
An dáta deiridh i gcomhair iontrálacha: 24 Eanáir 2025 (síneadh ama curtha leis)
A Scannánóirí Óga uile! Is féidir iontrálacha a chur isteach anois! Seo chugainn Féile Scannán Idirnáisiúnta Fresh, 2025, a osclóidh doirse do scannánóirí ardaidhmeannacha.
An mbeidh tusa ar an gcéad duine eile ó Fresh Film chun cáil dhomhanda a bhaint amach?
Tá an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha chuig Féile Scannán Idirnáisiúnta Fresh, 2025, agus Gradaim na hÉireann do Scannánóirí Óga na Bliana ag druidim linn!
Iarrtar ar scannánóirí óga na hÉireann a bhfuil gealladh fúthu iarratas a dhéanamh ar Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Fresh, 2025 chun a gcuid buanna a léiriú. Tá Fresh Film ag ceiliúradh 29 bliain den tacaíocht do scannánóirí óga, agus tá sé ag leanúint ar aghaidh ag cur ardán spreagúil don chruthaitheacht agus don scéalaíocht ar fáil. Tá rath idirnáisiúnta bainte amach ag roinnt mhaith rannpháirtithe roimhe seo, ainmniúcháin do na gradaim Oscar agus onóracha mór eile sa tionscal san áireamh. D’fhéadfadh an spotsolas a bheith ort féin i mbliana.
Tá ag spriocdháta le haghaidh iontrálacha, Dé Máirt, 10 Eanáir 2025 ag druidim linn. Is cuma más scannánóir neamhspleách, cuid de ghrúpa scoile, nó cuid de chomharghrúpa thú, tá an seans agat anois do chuid buanna a chur ar taispeáint. Idir dhrámaí ó chroí agus chláir faisnéise a bhfuil ábhar machnaimh iontu agus bheochaintí, d’fhéadfá do shaothar a chur i lár stáitse ag an gceiliúradh dinimiciúil seo ar scannánóireacht na n-óg.
Ar cheann de na buaicphointí na féile tá na taispeáintí réigiúnacha, a chuirfear ar siúl ag pictiúrlanna Omniplex ar fud na tíre idir an 10 agus an 21 Márta 2025. Taispeánfar saothar gach scannánóra a chuirfidh isteach ar an bhféile ar an scáileán mór – eispéireas dodhearmadta do na cruthaitheoirí agus don lucht féachana araon.
Chun sonraí maidir le hiontráil a fháil, téigh chuig: Cuir isteach ar Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Fresh, 2025 freshfilm.ie
Cuireann Gradaim na hÉireann do Scannánóirí Óga na Bliana spotsolas ar scoth scannánóireacht na n-óg i dtrí chatagóir: Scannánóir Sóisearach (aois 7–12), scannánóir Sinsearach (aois 13–18), agus scannánóir Idirnáisiúnta (aois 7–18, do dhaoine óga nach cónaitheoirí in Éirinn iad). Bronntar duaiseanna iontach ar na buaiteoirí, ina measc, duaiseanna airgid, trealamh scannánóireachta, seisiúin mheantóireachta le gairmithe sa tionscal, agus an scleondar speisialta a bhaineann le do shaothar a fheiceáil ar an scáileán mór.
I dteannta na gcatagóirí sin tá duaiseanna speisialta ag an bhféile freisin, amhail Gradam Animation Ireland, Gradam Inbhuanaitheachta SPI, agus Gradam Taibhithe Bow Street, chomh maith le duaiseanna a vótálann an lucht féachana, onóracha clár faisnéise, agus tuilleadh lena gcois, lena gcinntítear go ndéantar ceiliúradh ar gach gné den tsármhaitheas scannánóireachta.
Glactar le scannáin i nGaeilge agus i mBéarla araon (nó le scannáin ina n-úsáidtear fotheidil Bhéarla) do Ghradaim na hÉireann do Scannánóirí Óga, agus fáiltítear roimh iarratais ó: Scannánóirí óga neamhspleácha, Grúpaí agus comhghrúpaí, Bunscoileanna agus Meánscoileanna
Cuir i d’fhéilire é
Spriocdháta Aighneachtaí: 24 Eanáir 2025
Taispeáintí Réigiúnacha: 10–21 Márta 2025 i bPictiúrlanna Omniplex ar fud na tíre
Seachtain na Féile: 7–13 Aibreán 2025