ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Fógraítear The Ark mar Ealaíontóirí Cónaithe DCU 24/25


A DCU student places a colourful paper hat on another students head.

Íomhá le caoinchead The Ark

The Ark agus Institiúid Oideachais DCU

Roghnaíodh The Ark mar Ealaíontóirí Cónaithe na nDaoine Óga, na Leanaí agus an Oideachais don bhliain acadúil 2024/25, arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon.

Bhuail mic léinn ón Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile) in DCU leis na healaíontóirí ó The Ark ar Champas Choláiste Phádraig an seimeastar seo le haghaidh ceardlann phraiticiúil inar léiríodh conas ealaín, drámaíocht agus ceol a chur i gceachtanna a bhaineann leis an athrú aeráide. Chuir na mic léinn an-aithne ar Jane Groves, Ríona Sally Hartman, agus Joanna Parkes le linn an fhómhair. D’iarr an triúr ealaíontóirí sin ar na mic léinn saoil oileáin a léiriú leis na hamharcealaíona, leis an gceol agus leis an drámaíocht – agus roinnt téamaí maidir le hinbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide á bhfiosrú i rith an ama! Ansin tharraing siad na saothair ar fad le chéile i gceardlann iomlánach deiridh, inar iarradh orthu smaoineamh ar na trí fhoirm ealaíne a chomhtháthú.

Mar chuid den scéim Ealaíontóra Chónaithe do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, roghnaíodh Ionad Cultúrtha na bPáistí ag The Ark chun deiseanna ar leith agus cláir shaincheaptha a chur ar fáil do mhic léinn DCU atá i mbun staidéar ar an oideachas i rith na bliana reatha acadúla.

Dúirt Una McCabe, Scoil an Oideachais Ealaíon agus Luaile, an méid seo a leanas faoi thionchar na cónaitheachta:

“Is deis thar na bearta é seo chun acmhainní, eolas agus eispéiris a chomhroinnt idir ealaíontóirí, oideoirí múinteora agus múinteoirí faoi oiliúint agus ár dtiomantas comhroinnte, maidir le ceart an linbh i dtaobh rochtain ar ealaín agus ar chultúr mar chuid dá chuid foghlama agus forbartha, a chur chun cinn”.

Rinne Josh Bannon, mac léinn ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile), an cur síos seo ar an gceardlann: “[bhí sé] i bhfad níos taitneamhaí agus níos praiticiúla ná a bheith ag scríobh rud éigin ar do ríomhaire glúine. As measc na drámaíochta, an cheoil agus na healaíne, tagann siad ar fad le chéile. Nuair a fheicim iad ar fad le chéile, tugann sé smaointe iontacha dom don seomra ranga – is féidir mo cheacht ealaíne, mo cheacht drámaíochta agus mo cheacht ceoil a chur le chéile. Cheap mé go raibh sé go hiontach é sin a fheiceáil”.

Léigh tuilleadh faoin gcónaitheacht anseo

Foilsithe

17/12/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre