ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An Chomhairle Ealaíon 2025 Deiseanna Maoinithe d'Ealaíontóirí agus do Scoileanna


Arts Council 2025 Funding Opportunity Schedule. Image of chalk drawing from 2018 National Arts in Education Portal Day, image by Emma Eager

Creidiúint na híomhá: Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2018, íomhá le Emma Eager

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an Sceideal do Dheiseanna Maoinithe 2025

Is í An Chomhairle Ealaíon gníomhaireacht rialtais na hÉireann do na healaíona a fhorbairt. Oibríonn sí i gcomhar le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne, lucht déanta beartais sa phobal agus daoine eile chun áit lárnach a thógáil do na healaíona in Éirinn. D’fhógair sí an sceideal reatha do dheiseanna maoinithe 2025. Tá an liosta iomlán ar fáil anseo.

Chuireamar liosta de dheiseanna maoinithe le chéile lena n-áirítear príomhdhátaí a bhaineann le healaíontóirí a bhfuil spéis acu i gcúrsaí ealaíne agus cruthaitheachta i gcleachtas oideachais agus le scoileanna/ceannairí oideachais.

Is í anScéim Scríbhneoirí i Scoileanna a mhaoiníonn cuairteanna scríbhneoirí agus scéalaithe ar scoileanna ar fud na hÉireann go páirteach. Is é Éigse Éireann a riarann an scéim seo.
Ar oscailt: Ar siúl

Tacaíonn An Duais Sparánachtaí do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas le healaíontóirí gairmiúla aonair a oibríonn le leanaí agus daoine óga, agus a dhéanann ábhar dóibh, ar fud foirmeacha ealaíne éagsúla.
Ar oscailt: 7 Eanáir 2025
Spriocdháta: 13 Feabhra 2025

Tacaíonn Scéim Ensembles na nÓg le grúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus ceithre bliana is fiche d’aois saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfoirm ealaíne ar bith.
Ar oscailt: 28 Eanáir 2025
Spriocdháta: 27 Feabhra 2025

Tugann Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí deiseanna do naíonáin agus do leanaí óga na healaíona a phlé le tacaíocht ealaíontóirí, oideachasóirí luathfhoghlama, cleachtóirí ar aois scoile, teaghlaigh, agus cúramóirí.
Spriocdháta: 3 Aibreán 2025

Cónaitheachtaí na hEalaíona do Leanaí agus do Dhaoine Óga ar fáil d’institiúidí ardoideachais a chuireann oideachas tosaigh do mhúinteoirí ar fáil agus/nó cúrsa ar féidir céim Leibhéal 7 nó 8 in oideachas agus cúram luath-óige a ghnóthú as.
Spriocdháta: 3 Aibreán 2025

Tacaíonn an tionscnamh Scoileanna Ildánacha le scoileanna/ionaid na healaíona agus cruthaitheacht a chur chun tosaigh i saol na leanaí agus na ndaoine óga.
Ar oscailt: 25 Feabhra 2025
Spriocdháta: 8 Bealtaine 2025
*Sula ndéanann tú iarratas, ba chóir duit do scoil / d’ionad oideachais a chlárú mar ‘Eagraíocht’ trí Sheirbhísí Ar Líne. Tabhair do d’aire go nglacfaidh sé suas go 5 lá gnó chun an clárú a phróiseáil.

Foilsithe

7/1/2025

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Ar fud na tíre