Deis do Scoileanna agus do Chleachtóirí Cruthaitheacha: Ceangail Chruthaitheacha

An Roinn Oideachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.
Spriocdháta: 27 Feabhra 2025
Iarrann na Ranna Oideachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn ar scoileanna agus ar chleachtóirí cruthaitheacha páirt a ghlacadh i dtionscnamh píolótach uile-oileáin nua a mhaoiníonn Roinn an Taoisigh. In Éirinn, tá fáilte roimh léirithe suime don chlár píolótach seo ó chleachtóirí cruthaitheacha agus ó scoileanna i gcontaetha amhail an Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Lú, agus Liatroim.
Is clár píolótach spreagúil nua é Ceangail Chruthaitheacha a thugann an deis do leanaí agus do dhaoine óga oibriú le cleachtóirí cruthaitheacha gairmiúla i scoileanna, rud a thugann cruthaitheacht agus na healaíona isteach san fhoghlaim. Tugann sé deis dóibh cruthaitheacht a chomhtháthú in oideachas, agus tacú le folláine, forbairt phearsanta, agus foghlaim. Fréamhaithe sa churaclam, tá sé ar intinn ag an tionscadal uile-oileáin seo ceangail idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann a neartú, i gcontaetha amhail Dún na nGall, Lú, Liatroim, Muineachán agus an Cabhán trí iarrachtaí cruthaitheacha comhoibríocha.
Rithfidh an clár in dhá chéim:
Céim 1: Feabhra go Meitheamh 2025 - Imeachtaí foghlama gairmiúla do mhúinteoirí agus do lucht na n-ealaíon, agus ansin cónaitheachtaí scoile agus comhpháirtíochtaí cruthaitheacha.
Céim 2: Meán Fómhair 2025 go Meitheamh 2026 - déanfaidh scoileanna cnuasaigh le scoileanna comhpháirtíochta trasna na teorann chun pobail foghlama chruthaitheacha thrasteorann a chruthú.
Tacófar le scoileanna i gCeangail Chruthaitheachta trí mhúinteoirí ionaid a earcú ionas gur féidir le múinteoirí freastal ar imeachtaí foghlama gairmiúla agus maoineofar buiséad taistil agus ábhar do chónaitheachtaí ar a bhfuil cleachtóirí cruthaitheacha. Beidh maoiniú breise do
chruthaitheacht i gCéim 2.
Gheobhaidh cleachtóirí cruthaitheacha maoiniú agus costais taistil chun freastal ar imeachtaí foghlama gairmiúla le múinteoirí, mar aon le dhá chónaitheacht scoile mhaoinithe eile le daoine óga agus múinteoirí le linn Ceangail Chruthaitheacha.
Éire:
In Éirinn, tá fáilte roimh léirithe suime don chlár píolótach seo ó chleachtóirí cruthaitheacha agus ó scoileanna i gcontaetha amhail an Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Lú, agus Liatroim.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh spreagúil seo, cliceáil anseo:
An Roinn Oideachais:
Leagan Béarla: gov.ie/en/publication/131dd-creative-connections/
Leagan Gaeilge: gov.ie/ga/foilsiuchan/ceangail-chruthaitheacha/
Dáta Deiridh:
Is é an 27 Feabhra an spriocdháta do Léirithe Suime.
Tuaisceart Éireann
Tá fáilte roimh Léirithe Suime don chlár píolótach seo ó chleachtóirí cruthaitheacha ó gach disciplín agus ó gach
Bunscoil, Iar-Bhunscoil agus Scoil Speisialta i dTuaisceart Éireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh spreagúil seo, cliceáil anseo:
An Roinn Oideachais TÉ: education-ni.gov.uk/publications/creative-connections