Gairm ar Chuir i láthair agus Ceardlanna: Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí 2025

Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí ag VISUAL Ceatharlach Dé Sathairn an 17 Bealtaine
Spriocdháta Aighneachtaí: an 2 Aibreán
A Ealaíontóirí, a mhúinteoirí a acadóirí agus a ghairmí oideachais ealaíne, ar mhaith libh a bheith páirteach i Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh?
Tá Foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas ag lorg aighneachtaí do chuir i láthair maidir le Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí 2025 agus béim ar leith á cur ar Réigiún an Oirdheiscirt. Beidh an ócáid réigiúnach seo ar siúl Dé Sathairn an 17 Bealtaine i gcomhpháirtíocht le VISUAL Ceatharlach, Co. Cheatharlach.
Is é an aidhm atá leis an imeacht seo ná nasc a dhéanamh idir múinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas, atá lonnaithe i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i dTiobraid Árann, i bPort. Láirge agus i Loch Garman.
Is féidir le cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla.
Táimid ag cur fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí nó ó dhaoine aonair a bhfuil baint acu leis na healaíona nó le tograí cruthaitheachta san oirdheisceart, ar mian leo cuir i láthair nó ceardlanna spreagtha a thabhairt ina mbeidh deis ann scileanna a roinnt le chéile, mar aon le cuir chuige phraiticiúla, léargais nua agus smaointeoireacht chriticiúil a chur ar fáil thar an réimse ar fad, ó réimse peirspictíochtaí.
An bhfuil cur i láthair agat ba mhaith leat a chur san áireamh i gclár Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh?
Má tá suim agat ann, líon do thogra trínár bhfoirm ar líne ón nasc thíos, le do thoil. Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chuig editor@artseducation.ie.
Faisnéis ar an Iarratas:
- Áirítear leis an gclár dhá chur i láthair tionscadail le suas le beirt láithreoirí.
- Roghnófar dhá cheardlann chruthaitheacha le héascaitheoir amháin.
- Ní mór do gach Cainteoir agus Éascaitheoir ceardlainne cruthaithí a bheith lonnaithe i Réigiún an Oirdheiscirt (Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Loch Garman).
Spriocdháta: 5pm, an 2 Aibreán 2025
Ba cheart tograí a chur isteach trí Google Forms, cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an bhfoirm.