Tá Scoileanna Cruthaitheacha 2025 ag Glacadh le hIarratais

Scoileanna Cruthaitheacha: Clár Éire Ildánach
Spriocdháta: 8 Bealtaine 2025
D’fhéadfadh do Scoil a bheith ina Scoil Cruthaitheach!
Tá Scoileanna Cruthaitheacha 2025 ag glacadh le hiarratais ón 25 Feabhra 2025 go dtí an 8 Bealtaine 2025. Tacaíonn Scoileanna Cruthaitheacha le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann chun na healaíona agus cruthaitheacht a chur chun tosaigh i saol na leanaí agus na ndaoine óga. Glacann scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála sa chlár páirt i dturas treoraithe dhá bhliain chun Plean um Scoileanna Cruthaitheacha atá uathúil dá scoil féin a fhorbairt, agus é seo a chur i bhfeidhm. Tá ról lárnach ag rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga maidir le pleanáil, cinnteoireacht agus machnamh sa turas seo.
Cuireann Scoileanna Cruthaitheacha trí phríomhthacaíocht phraiticiúla ar fáil:
- Comhlach Cruthaitheach a shannadh chun oibriú leat chun tacú le do thuras Scoileanna Cruthaitheacha le haghaidh dhá bhliain acadúla
- oiliúint a chur ar fáil
- deontas €4000 a chur ar fáil do ghníomhaíocht a thagann chun cinn ó do Phlean um Scoileanna Cruthaitheacha.
Clinicí Faisnéise ar Líne
Tá clinicí faisnéise ar líne ar fáil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí/chomhordaitheoirí bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, Scoileanna Speisialta agus ionaid Ógtheagmhála atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chlár Scoileanna Cruthaitheacha 2025. Pléifidh siad ceisteanna coitianta agus dúshláin choitianta – lena n-áirítear treoir céim ar chéim ar an bpróiseas iarratais ar líne agus conas clárú leis an gComhairle Ealaíon chun rochtain a fháil ar an gcóras iarratais.
Cuir d’áit in áirithe ag ceann amháin dár gclinicí faisnéise ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.
Dé Céadaoin an 26 Márta 2025, 16:00 - 17:00 Cuir ticéad in áirithe anseo
Dé Céadaoin an 9 Aibreán 2025, 16:00 - 17:00 Cuir ticéad in áirithe anseo
Dé Céadaoin an 30 Aibreán 2025, 16:00 - 17:00 Cuir ticéad in áirithe anseo
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an duais agus ar conas iarratas a dhéanamh, féach ceisteanna coitianta anseo: Scoileanna Cruthaitheacha | An Chomhairle Ealaíon
Is tionscnamh suaitheanta é Scoileanna Cruthaitheacha den Chlár Éire Ildánach chun cumas cruthaitheach gach linbh a chumasú. Tá Scoileanna Cruthaitheacha faoi stiúir na Comhairle Ealaíon, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Foilsithe
26/2/2025