ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Dáta Fógartha do Lá Réigiúnach an Earraigh 2025 de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas


Attendees at the Spring Regional Portal Day 2023

Lá Réigiúnach Earraigh 2025 de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas ag VISUAL Ceatharlach
Dé Sathairn an 17 Bealtaine 2025

Tá ríméad ar Fhoireann na Tairsí iarraidh ar mhúinteoirí, ealaíontóirí agus aon duine ar spéis leis cúrsaí a bhaineann leis na healaíona agus le cruthaitheacht san oideachas an dáta seo a chur ina gcuid féilirí agus a bheith linn do Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí 2025 san Oirdheisceart. Beidh ócáid na bliana seo ar siúl Dé Sathairn, an 17 Bealtaine i gCeatharlach i gcomhpháirtíocht le VISUAL Ceatharlach. Taispeánfaidh an ócáid tionscadail na n-ealaíon san oideachas agus cleachtas cruthaitheach i gcontaetha Cheatharlach, Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Phort Láirge agus Loch Garman.

Iarraimid ar an lucht féachana teacht linn i mbun sraith imeachtaí, ina bhféadfaidh cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla.

Fáiltímid roimh mhúinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas a bheith linn don imeacht saor in aisce seo. Beidh an ócáid seo dírithe ar réigiún an Oirdheiscirt, contaetha Cheatharlach, Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Phort Láirge agus Loch Garman.

Coinnigh súil amach don sceideal iomlán agus do na sonraí maidir le háirithint a dhéanamh, a bheidh ar fáil sna seachtainí amach romhainn. Beidh sé riachtanach é a chur in áirithe roimh ré.

Gairm ar Chuir i láthair agus Ceardlanna: Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí 2025

A Ealaíontóirí, a mhúinteoirí a acadóirí agus a ghairmí oideachais ealaíne, ar mhaith libh a bheith páirteach i Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh? Tá Foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas ag lorg aighneachtaí do chuir i láthair maidir le Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí 2025. Spriocdháta: 5pm, an 2 Aibreán 2025. Tuilleadh eolais: call-for-presentations-and-workshops-portal-spring-regional-day-2025/