Lá Réigiúnach 2023 de chuid na Tairsí – Fógairt an Chláir

Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Dáta: Dé Sathairn, an 17 Bealtaine 2025
Tá an-áthas ar Fhoireann na Tairsí clár iomlán Lá Réigiúnach an Earraigh de chuid Thairseach na hEalaíon san Oideachas a fhógairt. Beidh an Lá ar siúl Dé Sathairn, an 17 Bealtaine i VISUAL i gCeatharlach. Is éard a bheidh san ócáid seo ná seóthaispeántas de thionscadail ealaíona san oideachas agus cleachtas cruthaitheach san Oirdheisceart.
Cuirimid fáilte roimh mhúinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíon agus aon duine a bhfuil suim acu sna healaíona san oideachas i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i dTiobraid Árann, i bPort Láirge agus i Loch Garman a bheith linn le haghaidh na n-imeachtaí saor in aisce seo. Is féidir le cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla.
Cuirfear tús leis an gclár le dhá chur i láthair ar maidin: Foghlaim in VISUAL (Learning at VISUAL): Cuir chuige faoi stiúir ealaíontóirí le bheith ag obair le páistí scoile, leis an gCoimeádaí Foghlama Clare Breen; agus an Phodchraoltóireacht Phraiticiúil le Muireann Nic Cába mar a léireofar an phodchraoltóireacht mar mheán tarraingteach do dhaoine óga.
San iarnóin, bígí linn le haghaidh roinnt cruthaitheachta praiticiúla le rogha idir dhá cheardlann iontacha. Tagaigí chuig Fréamhaithe san Ealaín (Rooted in Art): Ceardlann Kokedama le Agnieszka Krym, ina gcruthóidh sibh bhur kokedama féin, dealbh phlanda atá clúdaithe i gcaonach agus fréamhaithe i dtraidisiún Seapánach na healaíne luibheolaíochta. Mar rogha air sin, bígí le Olana Kucher le haghaidh An Fhaisin Chiorclaigh & Cruthú Gan Truailliú: Scileanna Óige le haghaidh an Fhaisin Inbhuanaithe (Circular Fashion & Create Without Pollution: Youth Skills for Sustainable Fashion). Tá an chuma ar na ceardlanna seo go mbeidh siad idirghníomhach, spraíúil agus lán eolais!
Conas áit a chur in áirithe
Tá na ticéid le haghaidh Lá Réigiúnach an Earraigh 2025 de chuid na Tairsí saor in aisce ach tá sé riachtanach áit a chur in áirithe, mar go bhfuil teorainn le líon na n-áiteanna.
Chun d’áit a chur in áirithe, téigh chuig
https://www.eventbrite.ie/e/arts-in-education-portal-regional-day-south-east-tickets-1333823163989
– – – – – – – –
Sceideal
10:15 — Clárúchán & caife
11:00 — Fáiltiú & Intreoir - An Tairseach: Cur in aithne gairid - Leah Johnston, Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own (Bainisteoirí Ábhar na Tairsí) / Katie Sweeney, Coiste Eagarthóireachta na Tairsí.
11:15 — Cur i Láthair: Foghlaim in VISUAL (Learning at VISUAL): Cuir chuige faoi stiúir ealaíontóirí le bheith ag obair le páistí scoile, leis an gCoimeádaí Foghlama Clare Breen
11:45 — Cur i Láthair: An Phodchraoltóireacht Phraiticiúil leis an Ealaíontóir Cruthaitheach Comhlach, Muireann Nic Cába
12:15 — C & F le painéal láithreoirí
12:45 — Lón & líonrú
13:45 - 15:00 — Seisiún comhuaineach: rogha idir dhá cheardlann chruthaitheacha: Fréamhaithe san Ealaín (Rooted in Art): Ceardlanna Kokedama le Agnieszka Krym nó An Faisean Ciorclach & Cruthú Gan Truailliú: Scileanna Óige le haghaidh an Fhaisin Inbhuanaithe le Olana Kucher (Circular Fashion & Create Without Pollution: Youth Skills for Sustainable Fashion).
Foilsithe
23/4/2025