ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis: Comhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ Cúrsa Samhraidh agus Clár Cónaitheachta 2025


A group of school students wearing colourful t-shirts and characters made from floor mops

An Roinn Oideachais: Comhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ (TAP+) 2025

Tá áthas ar an Roinn Oideachas go bhfuil Clárú do Chomhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ 2025, Cúrsa Samhraidh do Mhúinteoirí agus do Chleachtóirí Cruthaitheacha, oscailte anois.

Comhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ 2025 Cúrsa Samhraidh do Mhúinteoirí, 1 - 5 Iúil 2025
Dáta deiridh: 20 Meitheamh 2025 

Is cúrsa samhraidh cruthaitheacht-bhunaithe í Comhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ (TAP+) a thacaíonn le forbairt ghairmiúil trí fholláine, chaidrimh, agus chomhpháirtíocht chruthaitheach do mhúinteoirí agus d’ealaíontóirí / do chleachtóirí cruthaitheacha.

Saor in aisce do gach múinteoir bunscoile, iar-bhunscoile & speisialta. Arna reáchtáil ag d’Ionad Tacaíochta Oideachais lán-aimseartha áitiúil. Arna chéadú agus arna threorú ag an Roinn Oideachais agus Ionaid Tacaíochta Oideachais in Éirinn (ESCI) faoi Óige Ildánach 2023-2027.

Bain úsáid as an nasc seo a leanas chun clárú don Chúrsa Samhraidh, Comhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ atá le teacht: Cliceáil anseo

Gairm ar Chleachtóirí Cruthaitheacha do Chomhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí 2025/2026
Dáta deiridh: 6 Meitheamh 2025

Fógraíodh deis iontach do chleachtóirí cruthaitheacha ó gach disciplín chun a gcleachtas a fhorbairt tríd an gClár cónaitheachta scoile agus forbartha gairmiúla Comhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí+ (TAP+).

Is féidir comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a fhorbairt le múinteoirí agus leanaí. Is féidir oiliúint mhaoinithe agus cónaitheachtaí a chuireann na healaíona agus cruthaitheacht ar fáil do leanaí ar fud na hÉireann a fháil trí TAP+, is tionscnamh Óige Ildánach 2023-27 é seo faoi ‘Éire Ildánach’ agus faoi stiúir na Roinn Oideachais.

Is féidir le Cleachtóirí Cruthaitheacha clárú do TAP+ trí Litir a chuireann Léiriú Suime in iúl a chur chuig Stiúrthóir d’Ionaid Tacaíochta Oideachais áitiúil tráth nach déanaí ná 5pm Dé hAoine an 6 Meitheamh 2025. Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí chliceáil anseo: edcentretralee.ie/teacher-artist-partnership/teacher-artist-partnership-course.html

Foilsithe

30/4/2025

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

TAP+, Teacher Artist Partnership+