Dámhachtain Doiciméadaithe 2025: Fógraítear Little Woodland Heights mar an tríú buaiteoir

Tá lúcháir ar Fhoireann na Tairsí a fhógairt gurb é Little Woodland Heights le Scoil Mhuire Eimhín i gContae Luimnigh an tríú buaitear de Dhámhachtain Doiciméadaithe Tairseach na hEalaíona san Oideachas 2025.
Tá ríméad orainn a bheith ag obair leis na trí bhuaiteoir seo dár ndámhachtainí doiciméadaithe sna míonna atá le teacht. Beidh na tionscadail seo ar taispeántas ar an Tairseach de réir mar a thiteann an doiciméadú amach—bí san airdeall!
Teideal an Tionscadail: Little Woodland Heights
Is clár de sheisiúin idirghníomhacha maidir le cumadh ceoil é Little Woodland Heights do leanaí idir 8-11 bhliain d’aois a phléann an gaol idir éiceolaíocht foraoise agus ceol. Is é an cumadóir agus oideachasóir Nick Roth a dhear an clár agus cuireadh an clár seo ar fáil in Éirinn, san Úcráin agus sa RA. Cuirfidh cumadóir Fiona Lianne, soprán Triona Walsh agus múinteoir ranga Nuala Dooly an tionscadal seo ar fáil do dhaltaí ag Scoil Mhuire Eimhín i gContae Luimnigh - is é seo an chéad leagan Gaeilge de Little Woodland Heights lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Sa chlár seo, thar 10 seachtaine, foghlaimíonn leanaí faoi bhithéagsúlacht agus an gaol atá aici le cumadóireacht. Téann siad ar thuras allamuigh go foraois ina roghnaíonn gach leanbh a chrann féin chun píosa gairid ceoil a chumadh faoi. Tacóidh Fiona agus Triona leis na leanaí taifid fuaime a dhéanamh san fhorais, an crann a tharraingt agus aird a thabhairt ar a ghnéithe. Ceanglaítear na gnéithe sin le gnéithe ceoil ansin: is ionann struchtúr na craoibhe agus rithim, is ionann patrúin na nduilleog agus fonn. Ag deireadh an chláir, seinneann na leanaí a gcumadóireacht agus cuireann siad crainn nua laistigh d’fhearann na scoile. Is tionscadal an-trialach é seo, a thugann dúshláin do leanaí agus d’éascaitheoirí rud éigin nua a chur i láthair.
Tacaíonn Ceol Comhaimseartha do Chách leis an gclár seo agus maoiníonn ciste Franc-na Breataine-na hÉireann Diaphonique do cheol clasaiceach comhaimseartha é seo. Is é misean Ceol Comhaimseartha do Chách cultúr de chomhoibriú agus rannpháirtíocht cheoil a chruthú. Is gá dóibh a bheith spraíúil, cruthaitheach, uaillmhianach, cuimsitheach, comhoibríoch agus pobal-bhunaithe de réir a luachanna.
Fiona Linnane - Cumadóir
Is cumadóir í Fiona agus díríonn a cleachtas ar cheol gutha lena n-áirítear ceoldrámaíocht, amhrán ealaíne agus píosaí téacs-bhunaithe. Is téamaí athfhillteacha iad nádúr agus an timpeallacht ina cuid oibre. Is í Fiona stiúrthóir Ensemble Ceol Nua Luimnigh (ensemble comhlach de Cheol Comhaimseartha do Chách, eagraíocht rannpháirtíochta cheoil nua bunaithe sa RA). Tá ról suntasach ag obair i suíomhanna oideachais agus pobail ina cleachtas. Is ealaíontóir a rinne oiliúint TAP, Comhlach Cruthaitheach Scoileanna Cruthaitheacha, agus ball den phainéal saineolaithe don Scéim um Oidhreacht i Scoileanna í. Áirítear le hobair pobail dhá Thionscadal Ealaíontóir sa Phobal de chuid Comhairle Ealaíon na hÉireann- Bells Across the Burren (2013) agus comhoibriú le Grúpa Ialtóg Luimnigh (2021). Áirítear le tionscadail ealaíona san oideachas a rinneadh le déanaí Fia Mór na hÉireann le Scoil Náisiúnta an Charnáin, Feadamair a dhéanfaidh ionadaíocht d’Éirinn ag Comórtas Déantóirí Oidhreachta Óga na hEorpa 2025. Tá cur chuige Fiona bunaithe ar chuimsitheacht agus áthas maidir le cleachtas ealaíona comhaimseartha a roinnt i suíomhanna seomra ranga.
Nuala Dooly - Múinteoir
Is múinteoir bunscoile í Nuala a bhfuil 23 bliain taithí aici. Teagascann sí daltaí i Rang 3 agus Rang 4 faoi láthair i suíomh cumaisc ag Scoil Mhuire Eimhín, agus is Leas-Phríomhoide í freisin sa scoil sin. Is múinteoir a rinne oiliúint TAP+ í Nuala. Chomhoibrigh sí le healaíontóirí cruthaitheacha chun cónaitheachtaí TAP agus BLAST araon a éascú laistigh dá seomra ranga agus den suíomh scoile ar fad. Tá sé mar aidhm ag Nuala seomra ranga tacúil, cuimsitheach a chruthú ina bhfuil meas ar chumais agus smaointe éagsúla gach dalta. Trí eispéiris teagmhasacha sna healaíona, spreagann sí daltaí iad féin a chur in iúl, a bheith ag smaoineamh go criticiúil, agus scileanna maidir le réiteach fadhbanna a fhorbairt.
Tríona Walsh – Soprán
Is amhránaí ceoldráma, ealaíontóir comhoibríoch agus oideachasóir ceoil í Tríona. Tá a cleachtas oideachais ceoil fréamhaithe in úsáid chéad uirlisí ceoil linbh - an guth agus an corp - mar mheán le haghaidh léirithe, cumarsáide, súgartha agus iniúchadh ealaíonta. Tugann ceol a dhéanamh le chéile réimse leathan buntáistí ceoil agus neamhcheoil do leanaí, lena n-áirítear comhordú agus scileanna mótair, athléimneacht, comhbhá agus scileanna cumarsáide a fhorbairt trí chuspóirí comhoibríocha. Is ealaíontóir oilte TAP í Tríona agus oibríonn sí go rialta le comhpháirtíochtaí Music Generation agus Sing Ireland, ag stiúradh laethanta amhránaíochta grúpa agus ag soláthar tionscadal bunaithe sa seomra ranga i suíomhanna éagsúla bunscoile, meánscoile agus luathbhlianta. Is í a fealsúnacht ná cuimsitheacht, idirdhealú agus glacadh le gach tairiscint mar léiriú ealaíonta ar an leanbh. Is comhábhair riachtanacha ina próiseas comhoibríoch iad spraoi a bheith agat agus ‘botúin’ a dhéanamh.
Foilsithe
10/6/2025