ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1: An Dr. Claire Dunne, Ceann ar Oideachas an Bhéarla agus na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino.


Teacher reading from a book to school children in a classroom

Dr Claire Dunne
Creidiúint na híomhá: Claire Dunne

Tá Claire Dunne ag feidhmiú mar Cheann na Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino ó 2022. Tá sí ag obair mar léachtóir sa Ghaeilge agus mar aistritheoir san institiúid chéanna le 17 mbliana anuas.

Roimhe sin, bhí sí ina múinteoir bunscoile agus d’oibrigh sí mar aistritheoir don chomhlacht Sanas. Tá MA aici sa Staidéar Idirchultúrtha agus PhD sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. Tá an-suim aici i bhfoghlaim agus teagasc na Gaeilge.

Is eispéireas saibhir é teanga eile a fhoghlaim nó a shealbhú a thugann spléachadh dúinn ar dhearcthaí éagsúla an domhain. Ligeann sé dúinn ceangal a dhéanamh lenár gcruthaitheacht agus le gnéithe éagsúla d’ár bhféiniúlacht a fhiosrú. Déanann an tsraith blaganna seo a leanas iniúchadh ar na bealaí éagsúla a chuireann an Ghaeilge lenár gcruthaitheacht.

Cén fáth nach bhfoghlaimeofá Gaeilge? Deiseanna cruthaitheacha na foghlama teanga á bhfiosrú

Gach lá ón 9 a chlog ar maidin go dtí a 3 a chlog tráthnóna, bíonn fuadar faoi sheomraí ranga bunscoile ar fud na tíre. Chomh maith leis seo, tá an seomra ranga ar cheann de na háiteanna a mbuaileann an pobal is mó de chainteoirí Gaeilge, cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí, lena chéile, ag caint agus ag roinnt scéalta lena chéile.

Ó tugadh an Ghaeilge isteach i gcuraclam na bunscoile go foirmiúil in 1922, tá ról ríthábhachtach ag múinteoirí chun aire agus cúnamh a thabhairt don pháiste go mbeidh sé in ann forbairt iomlánaíoch a dhéanamh. Tá breis agus céad bliain de thaithí againn ag foghlaim agus ag teagasc na Gaeilge agus mar sin, tá sé in am dúinn machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ionchuimsiú na Gaeilge tar éis cabhrú linn lenár gcruthaitheacht féin a chothú.

Domsa, is iad seo cuid de na hiontais a bhaineann leis an nGaeilge a fhoghlaim.

Tá foghlaim na Gaeilge tábhachtach ó thaobh na nEalaíon de

Tá dlúthcheangal ann idir an Ghaeilge agus na healaíona le fada an lá. D’aithin luathoideoirí agus díograiseoirí teanga an ról a d’fhéadfadh a bheith ag eispéiris chruthaitheacha chun nuachainteoirí na Gaeilge a spreagadh, agus chun cabhrú leis na healaíona Gaeilge bláthú.

Nuair a rinneadh cuid lárnach de churaclam na bunscoile den Ghaeilge, rinneadh amhránaíocht trí Ghaeilge agus teagmháil leis na healaíona traidisiúnta mar chuid d’eispéireas an pháiste ag foghlaim na Gaeilge. Is cinnte sa lá atá inniu ann, nuair a iarrtar ar dhaoine fásta smaoineamh siar ar chuimhní cinn dearfacha den Ghaeilge a fhoghlaim, is minic go dtagann miotais agus finscéalta chun cuimhne, chomh maith le hamhráin, dánta agus drámaí na hóige. Go fóill, deir páistí an lae inniu go mbaineann siad sult as foghlaim trí mhodheolaíochtaí cruthaitheacha, spraíúla, a bhfuil an páiste lárnach iontu agus go dtaitníonn sé leo go bhfuil stór de rainn agus dánta acu as Gaeilge.

Cabhraíonn foghlaim na Gaeilge leis an bpáiste rochtain a fháil agus taitneamh a bhaint as litríocht shaibhir na Gaeilge

Tá cultúr scéalaíochta an-saibhir in Éirinn. Trí scileanna litríochta a fhorbairt i nGaeilge bíonn fáil ag an bpáiste ar an bhflúirse scéalta seo, ó bhéal agus scríofa. I measc cuid de na gnéithe uathúla de litríocht na Gaeilge tá seánra ar leith ‘An tAgallamh Beirte’, díospóireacht fhileata, nach bhfuil a leithéid ar fáil i dteangacha eile. Is féidir le rochtain ar litríocht chomhaimseartha d’ardchaighdeán tionchar dearfach a imirt ar eispéireas léitheoireachta an pháiste agus ar an dearcadh atá aige air féin mar léitheoir.

Is spás sa churaclam, agus sa lá scoile, é an ceacht Gaeilge inar féidir leis an bpáiste teagmháil a bheith aige leis na healaíona chomh maith le scileanna teanga agus cleachtais chruthaitheacha a fhorbairt i bpáirt le chéile.

Foilsithe

18/6/2025

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

Irish, Irish language