Fógraíonn an tAire McEntee 37 eagraíocht a bhainfidh tairbhe as deontais oideachais ceoil

an tAire Oideachais agus Óige
1 lúil
Fógraíonn an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, na 37 eagraíocht a gheobhaidh deontas tríd an Scéim Sparánachta um Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha 2025.
Cuireann an Scéim Sparánachta Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha deontas beag airgid ar fáil chun tacú le hoideachas ceoil agus tionscnaimh cheoil chun tacú le tallann ceoltóirí óga agus í a chothú. Soláthraíonn na heagraíochtaí, na grúpaí agus na daoine aonair atá i gceist rochtain neamh-phríomhshrutha ar feadh na bliana ar eispéiris éagsúla oideachais ceoil áitiúla do dhaoine óga agus do leanaí.
Dúirt an tAire McEntee:
"Tá sé an-tábhachtach gur féidir lenár ndaoine óga rochtain a fháil ar dheiseanna a ligeann dóibh iad féin a chur in iúl, a gcruthaitheacht agus a gcuid scileanna a chothú agus tacú lena bhfolláine agus lena gcumas cairde a dhéanamh. Sin é an fáth a bhfuil ríméad orm an sparánacht seo a thairiscint, ar sparánacht í a chabhróidh chun ár gceoltóirí óga cumasacha a chothú ag an leibhéal áitiúil agus a thacóidh le mórán tionscnamh iontach ceoil ar fud na tíre"
Tuilleadh eolais: gov.ie/ga/an-roinn-oideachais