Tairseach na nEalaíon san Oideachas Dámhachtainí Doiciméadaithe - Uasdátú

Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Bhí am ar dóigh ag Foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas le cúpla mí anuas agus í ag tabhairt cuairt ar buaiteoirí Dámhachtainí Doiciméadaithe na Tairsí 2025. Ba mhór againn comhoibriú agus bualadh le healaíontóirí, múinteoirí agus scoláirí Scoil Speisialta Naomh Muire i gContae na Mí, Scoil Mhuire Eimhín i gContae Luimnigh agus Scoil Náisiúnta Naomh Séamas i mBaile Átha Cliath 8 (cuid den chlár Cruthaitheacht sa Seomra Ranga) chun a dtionscadail a dhoiciméadú. Léirigh gach cuairt an chumhacht atá ag na healaíonta agus cruthaitheacht san oideachas, agus táimid ag tnúth go mór lena scéalta a roinnt.
An Sorcas le Scoil Speisialta Naomh Muire, Co na Mí
Ba mhór ag foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas cuairt a thabhairt ar Scoil Speisialta Naomh Muire i mBaile Eoin, Contae na Mí chun An Sorcas! a fheiceáil — is tionscadal cruthaitheach áthasach agus fuinniúil é seo a rinneadh ina bhfoirgneamh scoile úrnua, snasta saintógtha.
Bhuaileamar le múinteoir Siobhán Doughty, múinteoir ealaíne Ina Olohan agus ealaíontóir Deirdre Shannon agus scoláirí sinsearacha na scoile freisin le haghaidh maidin dhodhearmadta de spraoi sorcais agus de shúgradh cruthaitheach. Bhí sceitimíní sa seomra ranga agus na scoláirí ina dtaibheoirí — agus iad ag siúl ar théad rite, ag léim trí fhonsaí lasánta (a rinneadh as páipéar síprise daite), ina bhfir ghrinn, agus chuir gothaí drámatúla agus neart gáire go mór leis seo! Ba rud iontach é an comhoibriú láidir idir ealaíontóirí agus oideachasóirí a fheiceáil, agus bhí an seomra lán le muinín, brí agus lúcháir de réir mar a chuir na scoláirí beocht sa sorcas.

Ealaíontóir Deirdre Shannon le scoláirí Scoil Speisialta Naomh Muire a ghlac páirt sa tionscadal ‘An Sorcas’
Little Woodland Heights le Scoil Mhuire Eimhin, Contae Luimnigh
Thaistealaíomar go dtí an sráidbhaile álainn Eifinn i gContae Luimnigh chun bualadh le scoláirí ag Scoil Mhuire Eimhin de réir mar a d’oibrigh siad le Cumadóir Fiona Linnane, Soprán Triona Walsh agus Múinteoir Nuala Dooly ar Little Woodlands Heights, clár idirghníomhach maidir le cumadh ceoil a phléann an gaol idir éiceolaíocht foraoise agus an ceol arna dhearnadh ag Nick Roth.
Ar ár gcéad chuairt, bhuaileamar leis an rang i bPáirc na Cora ar lá samhraidh den scoth. Cuireadh na scoláirí i ngrúpaí difriúla de réir lá na míosa ar a dtiteann a b(h)reithlá. Roghnaigh gach leanbh crann a thaitin leis nó léi agus rinneadh taifeadadh fuaime den chrann. Bhí neart taiscéalaíochta sa pháirc agus comhráite faoi ghnéithe de chrainn dhifriúla i gceist leis seo. Cheap siad rithim ghairid freisin a léirigh conas a bhí craobhacha an chrainn scaipthe.

Scoláirí Scoil Náisiúnta Eifinn ag Páirc na Cora don tionscadal Little Woodland Heights.
Bhí an chéad chuairt eile go dtí an scoil in Eifinn. Bhuaileamar le Fiona agus Triona ag ceardlann ar chumadóireacht cheoil bunaithe ar na crainn ar leith a roghnaigh na leanaí. D’fhoghlaim an grúpa conas gach rithim a cheap siad a bhriseadh síos agus é seo a athrú go ceol a bhfuil script leis is féidir leis an ngrúpa a sheinm. Bhí sé iontach le feiceáil cé chomh fiosrach agus a bhí gach leanbh faoin bpróiseas iomlán agus doimhneacht a gcuid eolais ar chrainn freisin.
Cruthaitheacht sa Seomra Ranga
Ba mhór againn cuairt a thabhairt ar Scoil Náisiúnta Naomh Séamas i mBaile Átha Cliath 8, scoil amháin as na cúig scoil atá páirteach i gCruthaitheacht sa Seomra Ranga. Bunaíodh an clár ealaíne scoil-bhunaithe seo 28 bliain ó shin ar an tuiscint go bhféadfadh na healaíona tacú le folláine mhothúchánach agus shóisialta na leanaí sa cheantar ar bhealach gníomhach agus dearfach.
A luaithe a théann tú isteach geataí na scoile, is féidir ealaín agus cruthaitheacht a fheiceáil i ngach áit! Ar na ballaí, ar crochadh ón tsíleáil, tá saothair ealaíne gheala dhaite na leanaí fiú le feiceáil sna leithris.
Ar ár gcéad chuairt, bhuaileamar isteach i gceardlann chruthaitheach le healaíontóir Duffy Mooney Sheppard a bhí ag obair le daltaí ó naíonáin shinsearacha agus a múinteoir Ms Doherty. Bhí scéal iontach ag tús na ceardlainne faoi na hainmhithe a d’fhéadfadh a fheiceáil ar do shiúlóid mhaidine. Tar éis sin, rinne na leanaí ainmnithe agus gnáthóga cré den scoth ó ábhair nádúrtha – trí úsáid a bhaint as cipíní, duilleoga agus caonach. Chonaiceamar síolta puimcín agus lintilí chun dromlaigh agus súile a léiriú.
Ar ár ndara cuairt, bhuaileamar le rang a ceathair agus bhí na scoláirí ag obair le healaíontóir Liz McMahon agus a múinteoir chun gnáthóg a chruthú ina bpobal féin. Spreagadh na leanaí smaoineamh ar áit agus ar phobal. Arís, trí úsáid a bhaint as ábhair nádúrtha, rinne siad na tithe, sráidbhailte, páirceanna is áille agus fiú stainnín uachtar reoite ó chré, síolta triomaithe agus craobhóga!

Ealaíontóir Liz McMahon le daltaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Séamas i mBaile Átha Cliath 8 - Cruthaitheacht sa Seomra Ranga
Fuair Cruthaitheacht sa Seomra Ranga an tríú Dámhachtain Doiciméadaithe speisialta chun 10 mbliana den Tairseach a cheiliúradh.
Tá lúcháir orainn na trí thionscadal iontacha seo a dhoiciméadú agus táimid ag tnúth go mór leis na tionscadail seo a roinnt leis an bpobal i gcoitinne tríd an Tairseach san fhómhar. Léigh níos mó faoi Dhámhachtainí Doiciméadaithe na Tairsí