ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2: An Dr. Claire Dunne, Ceann ar Oideachas an Bhéarla agus na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino.


Dr Claire Dunne
Creidiúint na híomhá: Claire Dunne

Tá Claire Dunne ag feidhmiú mar Cheann na Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino ó 2022. Tá sí ag obair mar léachtóir sa Ghaeilge agus mar aistritheoir san institiúid chéanna le 17 mbliana anuas.

Roimhe sin, bhí sí ina múinteoir bunscoile agus d’oibrigh sí mar aistritheoir don chomhlacht Sanas. Tá MA aici sa Staidéar Idirchultúrtha agus PhD sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. Tá an-suim aici i bhfoghlaim agus teagasc na Gaeilge.

Is eispéireas saibhir é teanga eile a fhoghlaim nó a shealbhú a thugann spléachadh dúinn ar dhearcthaí éagsúla an domhain. Ligeann sé dúinn ceangal a dhéanamh lenár gcruthaitheacht agus le gnéithe éagsúla d’ár bhféiniúlacht a fhiosrú. Déanann an tsraith blaganna seo a leanas iniúchadh ar na bealaí éagsúla a chuireann an Ghaeilge lenár gcruthaitheacht.

Cén fáth nach bhfoghlaimeofá Gaeilge? Deiseanna cruthaitheacha na foghlama teanga á bhfiosrú

Tá fianaise ann go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint le teanga bhreise a fhoghlaim, lena n-áirítear smaointeoireacht cruthaitheach agus solúbtha a fhorbairt, cabhraíonn sé linn naisc a dhéanamh, agus tacaíonn sé le foghlaim teanga amach anseo.

Tugann foghlaim na Gaeilge dearcthaí éagsúla dúinn

Is féidir le léargais ón nGaeilge cabhrú linn tuiscint chaolchúiseach a bheith againn ar an domhan. Bí ag smaoineamh ar an gcaoi a gcuirtear síos ar mhothúcháin i nGaeilge. Tá áthas orm. Tá fearg orm. I nGaeilge, is féidir a rá go dtagann mothúchán ort agus go n-imíonn sé uait ansin. Is dearcadh suimiúil é seo a léiríonn dúinn nach riocht buan ár mothúcháin agus nach léiriú orainn iad.

Is iad Oide agus Buime na focail bhunaidh ar an bhfocal múinteoir i nGaeilge. Is comhchiallaigh iad ar thuismitheoir altrama chomh maith. Tá an bhrí iomlán atá ag baint lenár ról mar oideoirí léirithe sa téarma Gaeilge seo agus cuireann sé i gcuimhne dúinn aire a thabhairt don pháiste taobh amuigh de ghnóthachtáil acadúil amháin.

Tá foghlaim na Gaeilge tábhachtach chun ceangal a chothú lenár dtimpeallacht

Ní haon ionadh é gurb iad na háiteanna ina labhraítear an réimse is mó teangacha na háiteanna ar domhan a bhfuil an leibhéal is airde de bhithéagsúlacht ann chomh maith, m.sh Nua-Ghuine Phapua. Tá nasc ann idir saol inbhuanaithe a chaitheamh agus meas a bheith againn ar éagsúlacht inár dtimpeallacht fhisiciúil agus shóisialta araon.

Tá tábhacht leanúnach ag baint le seanfhocail agus nathanna cainte na Gaeilge. Mar a fheicimid sna samplaí thíos, is minic go mbíonn siad ag teacht leis an tírdhreach agus cabhraíonn siad linn iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuair ár sinsir tuiscint ar a dtimpeallacht agus ar an gcaoi ar mhair siad leis an timpeallacht, chomh maith leis na bealaí ar féidir linn leas a bhaint as an tsaíocht sin inniu.

Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac.

An té nach gcuirfidh sa earrach ní bhainfidh sé san fhómhar.

Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.

Cabhraíonn foghlaim na Gaeilge linn naisc a dhéanamh le teangacha eile

Is minic gurb í an Ghaeilge an chéad theanga bhreise a mbíonn teagmháil ag an bpáiste léi agus mar sin, leagann an t-eispéireas seo an bhunchloch ó thaobh eispéireas foghlama teanga eile sa todhchaí. Cuireann an Ghaeilge lenár stór teanga ar an iomlán. Meascadh an Ghaeilge le teangacha eile agus chuir siad go mór léi mar gheall ar na Gaeilgeoirí a thaistil ar fud na cruinne. Chomh maith céanna, tá na pobail a tháinig go dtí an t-oileán seo tar éis tionchar a imirt ar an nGaeilge. Tugadh focail isteach a bhain leis an loingseoireacht agus an taisteal le teacht na Lochlannach a thaistil ar an bhfarraige, mar shampla.

Tá roinnt cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus teangacha Ceilteacha dúchasacha eile (m.sh Caintis, Breatnais, Albainis). Bain úsáid as do scileanna Gaeilge chun cabhrú leat comhaireamh a dhéanamh go dtí a 10 i mBreatnais! Tá na huimhreacha ó 1-10 i nGaeilge sa cholún ar thaobh na láimhe clé. Tá na huimhreacha ó 1-10 i mBreatnais sa cholún ar thaobh na láimhe deise ach níl siad san ord ceart! An féidir leat aon chosúlachtaí a fheiceáil idir na huimhreacha i nGaeilge agus i mBreatnais (agus i dteangacha eile) a chabhróidh leat na huimhreacha Gaeilge agus Breatnaise a mheaitseáil?

Dr Claire Dunne Blog 2 comparing welsh and irish wordsCaith súil ar ghníomhaíochtaí eile chun na naisc idir an Ghaeilge agus saol inbhuanaithe a chaitheamh a fhiosrú i Sceitimíní (Cuid 5).

Caith súil ar thuilleadh gníomhaíochtaí chun na naisc idir an Ghaeilge agus teangacha eile a fhiosrú i Léitheoirí Líofa (Cuid 8) agus Sceitimíní (Cuid 4).

 

 

Foilsithe

30/7/2025

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Tags

Gaelige, Irish, Irish language