ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3: Cén fáth nach bhfoghlaimeofá Gaeilge? Deiseanna cruthaitheacha na foghlama teanga á bhfiosrú


Mother and daughter sit on a sofa reading together - Blog 3 Dr Claire Dunne

Dr Claire Dunne
Creidiúint na híomhá: Claire Dunne

Tá Claire Dunne ag feidhmiú mar Cheann na Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino ó 2022. Tá sí ag obair mar léachtóir sa Ghaeilge agus mar aistritheoir san institiúid chéanna le 17 mbliana anuas.

Roimhe sin, bhí sí ina múinteoir bunscoile agus d’oibrigh sí mar aistritheoir don chomhlacht Sanas. Tá MA aici sa Staidéar Idirchultúrtha agus PhD sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. Tá an-suim aici i bhfoghlaim agus teagasc na Gaeilge.

Is eispéireas saibhir é teanga eile a fhoghlaim nó a shealbhú a thugann spléachadh dúinn ar dhearcthaí éagsúla an domhain. Ligeann sé dúinn ceangal a dhéanamh lenár gcruthaitheacht agus le gnéithe éagsúla d’ár bhféiniúlacht a fhiosrú. Déanann an tsraith blaganna seo a leanas iniúchadh ar na bealaí éagsúla a chuireann an Ghaeilge lenár gcruthaitheacht.

Ina blag is déanaí, leanann an Dr Claire Dunne, Ceann ar Oideachas an Bhéarla agus na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino, lena sraith ar ról cruthaitheach na teanga.

Cén fáth nach bhfoghlaimeofá Gaeilge? Deiseanna cruthaitheacha na foghlama teanga á bhfiosrú

Bíonn tionchar ag foghlaim na Gaeilge ar ghnéithe éagsúla dár bhféiniúlacht agus ar ár gcaidrimh le daoine eile. Ní thagann deireadh leis an aistear teanga ag geataí na scoile agus is féidir daoine tábhachtacha eile inár saol a thabhairt ar an aistear linn.

Tá foghlaim na Gaeilge tábhachtach ó thaobh caidrimh ranga agus folláine de
Is spás le linn na seachtaine é an ceacht Gaeilge inar féidir leis an bpáiste labhairt faoina shaol agus a eispéiris féin. Bí ag smaoineamh ar chuid de na téamaí atá fite fuaite i dteagasc na Gaeilge – Mo chaitheamh aimsire, Mo mhuintir. Cruthaíonn na téamaí seo deiseanna tábhachtacha le féinfheasacht a fhorbairt, agus le haitheantas a thabhairt do na heispéiris a bhíonn ag an bpáiste taobh istigh agus lasmuigh den scoil.

Cuireann foghlaim na Gaeilge deiseanna ar fáil do rannpháirtíocht tuismitheoirí agus teaghlaigh
Nuair a thosaíonn an páiste ar fhoghlaim fhoirmiúil na Gaeilge sa bhunscoil, bíonn an deis ag tuismitheoirí agus teaghlaigh spéis a chur agus / nó a athmhúscailt sa teanga. Is féidir tacú le haistear teanga an pháiste trí eispéiris a roinnt maidir le foghlaim na Gaeilge, nó foghlaim teanga eile. Bain triail as cuid de na gníomhaíochtaí spraíúla san áis seo agus tú sa bhaile Gaeilge sa Bhaile.

Tá foghlaim na Gaeilge tábhachtach le haithne a chur ort féin agus ar dhaoine eile
Is féidir aithne a chur ar thaobh eile duit féin trí theanga eile a labhairt nó a úsáid. Cuireann sé ar do chumas buanna níos cruthaithí agus buanna teanga a fhorbairt. Uaireanta, ní bhíonn tú chomh deisbhéalach nó greannmhar céanna i do theanga bhreise is atá tú i do theanga dhúchais, ach is eispéireas saibhir a théann go mór go croí ionat agus tú ag dul i dtaithí ar an taobh níos leochailí seo duit féin. Is féidir leis cabhrú leat tuiscint níos mó a fháil ar chainteoirí teanga bhreise eile.

Nascann labhairt na Gaeilge tú le glúnta eile de chainteoirí Gaeilge, agus cabhraíonn sí leat a bheith páirteach sa phobal idirnáisiúnta de chainteoirí ilteangacha. Cuireann foghlaim na Gaeilge deiseanna ar fáil duit forbairt a dhéanamh go cruthaitheach agus is féidir léi tionchar dearfach a bheith aici ar roinnt mhaith gnéithe dár saol agus dár bhforbairt.

Mar sin, cén fáth nach bhfoghlaimeofá Gaeilge?

Foilsithe

28/8/2025

Tags

Gaelige, Irish