Scéim Scríbhneoir Cónaithe / Ánracht na Comhairle Ealaíon 2026

Scéim Scríbhneoir Cónaithe / Ánracht na Comhairle Ealaíon 2026
Dáta oscailte: 4 Meán Fómhair 2025
Cuireann scéim Scríbhneoir Cónaithe/Ánracht na Comhairle Ealaíon deiseanna cónaitheachta ar fáil do scríbhneoirí atá i lár a ngairmréime agus scríbhneoirí aitheanta i roinnt ollscoileanna comhpháirtíochta in Éirinn.
Díríonn an scéim ar thimpeallacht spreagthach a chur ar fáil don scríbhneoir cónaithe, agus ar roinnt tacaíochta airgeadais a sholáthar le díriú ar chleachtas an scríbhneora féin. Anuas air sin, cuireann an chónaitheacht fuinneamh agus spleodar leis an ollscoil, agus tugtar deis do na mic léinn teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir atá i mbun na ceirde ar feadh dlúth-thréimhse.
Deiseanna maidir le Scéim Scríbhneoir Cónaithe / Ánracht na Comhairle Ealaíon 2026:
- Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge na Comhairle Ealaíon ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon ag Ollscoil Mhá Nuad
- Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon ag Ollscoil na Gaillimhe
- Scríbhneoir Comhlach na Comhairle Ealaíon ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Léigh treoirlínte agus eolas faoi Scéim Scríbhneoir Cónaithe / Ánracht na Comhairle Ealaíon 2026
Foilsithe
29/9/2025