ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 – Tríona Walsh, Amhránaí Ceoldrámaíochta, Ealaíontóir TAP agus Oideoir Ceoil


Students from Scoil Mhuire Eimhin climbing trees in Curraghchase Forest Park

Tríona Walsh

Is amhránaí ceoldráma, ealaíontóir comhoibríoch agus oideachasóir ceoil í Tríona Walsh. Tá a cleachtas oideachais ceoil fréamhaithe in úsáid chéad uirlisí ceoil linbh – an guth agus an corp – mar mheán le haghaidh léirithe, cumarsáide, súgartha agus iniúchadh ealaíonta.

Tugann ceol a dhéanamh le chéile réimse leathan buntáistí ceoil agus neamhcheoil do leanaí, lena n-áirítear comhordú agus scileanna mótair, athléimneacht, comhbhá agus scileanna cumarsáide a fhorbairt trí chuspóirí comhoibríocha.

Is ealaíontóir oilte TAP í Tríona agus oibríonn sí go rialta le comhpháirtíochtaí Music Generation agus Sing Ireland, ag stiúradh laethanta amhránaíochta grúpa agus ag soláthar tionscadal bunaithe sa seomra ranga i suíomhanna éagsúla bunscoile, meánscoile agus luathbhlianta. Is í a fealsúnacht ná cuimsitheacht, idirdhealú agus glacadh le gach tairiscint mar léiriú ealaíonta ar an leanbh. Is comhábhair riachtanacha ina próiseas comhoibríoch iad spraoi a bheith agat agus ‘botúin’ a dhéanamh.

In 2025, chomhoibrigh Tríona leis an gcumadóir Fiona Linnane agus an múinteoir ranga Nuala Dooly chun Little Woodland Heights a sheachadadh, clár idirghníomhach déanta ceoil do pháistí le daltaí i Scoil Mhuire Eimhín i gCo. Luimnigh. Bhí Little Woodland Heights ar dhuine de thriúr a fuair Duais Doiciméadúcháin Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2025.

Sa tríú postáil dá sraith blaganna, insíonn an soprán Tríona Walsh dúinn faoi thús Little Woodland Heights - tionscadal déanta ceoil idirghníomhach le daltaí ag Scoil Mhuire, Eifinn, Co. Luimnigh Labhraíonn Tríona faoin turas ranga chuig Páirc Foraoise na Cora - ag bailiú sonraí agus ag dreapadh crann.

Little Woodland Heights – Ag Bailiú Sonraí agus ag Dreapadh Crann

Ba bhaile dúchais mhuintir de Vere í Páirc Foraoise na Cora lá den saol, agus í suite idir na bailte Áth Dara agus Eas Géitine i gContae Luimnigh, agus bá é an duine is cáiliúla den teaghlach sin ná an file agus an léirmheastóir Sir Aubrey Thomas de Vere. Ba cheann sprice den scoth í sin dár dturas bailithe sonraí. Chomh maith leis an gCrannlann iontach a bhí ann, bhí láthair phicnicí an-deas agus áit súgartha adhmaid ansin a raibh na páistí in ann sult a bhaint aisti. An lá álainn sin i mí na Bealtaine, bhí griansciath agus hiodráitiú ag teastáil.

Ba iad na chéad sonraí a bhí le bailiú ná na ‘Téacsanna Brionglóide’. Bhí ar na páistí cúig fhocal a thaifeadadh arna spreagadh ag a gcuid brionglóidí ón oíche roimhe sin. Dhéanfaí na focail sin a thaifeadadh le linn an taifeadta allamuigh dá gcuid má roghnaigh páiste éigin crann ina raibh Scoilt. Scaramar ó chéile inár dhá ghrúpa agus chuireamar muid féin in ‘ord’ lena ndéanfaí gníomhaíochtaí uile a threorú idir bhailiú sonraí agus taibhiú. Eagraíodh páistí de réir a lá breithe. Ba é an duine a rugadh ar an lá ba luaithe den mhí an chéad duine san ord, agus bhí an duine a rugadh ar an lá ba dhéanaí den mhí san áit dheireanach.

Bhí tábhacht na bithéagsúlachta maidir le hinbhuanaitheacht pléite againn cheana. Roghnaigh gach páiste a c(h)rann féin - crann a sheas amach dó nó di. Bhí struchtúr rithimeach an phíosa ag brath ar stoc an chrainn agus ar a chraobhacha. D’fhoghlaim na páistí go dtugtar ‘Phyllotaxis’ sa Luibheolaíocht ar shocrú na nduilleog ar ghas. Trí shocrú na nduilleog i bpatrún bíseach, fáinneach, malartach nó contrártha socraíodh cruth an fhoinn a ndéanfadh na páistí é a chumadh níba dhéanaí. Theastaigh uainn Géineas an chrainn a fháil amach, agus bhainfí úsáid as sin níba dhéanaí mar ghlaoch chun deireadh a chur le mír laistigh den taibhiú. Agus rud amháin eile. Bhí ar gach páiste dhá ‘Bhata’ a bhailiú ó thalamh na foraoise. Bheadh siad sin ina n-uirlisí acu.

 

Bhí tuirse ar na páistí, ach bhí áthas orthu de réir mar a d’imigh leo ar a dturas ar ais chuig Eifinn. Bheadh codladh sámh acu an oíche sin agus bhí siad ag súil leis na ‘Téacsanna Brionglóide’ dá gcuid a bhailiú an mhaidin dár gcionn. Bhíomar uile go léir fiosrach maidir le cén saghas brionglóidí a bheadh againn tar éis dúinn lá chomh hálainn sin a chaitheamh san fhoraois.

Ina dhiaidh sin thiocfadh an ‘obair chrua’. Bhí orainn tús a chur le cruthú an phíosa agus lenár scileanna a chleachtadh. Bheadh foighne, díograis agus seasmhacht ríthábhachtach. Bheadh jab le déanamh freisin ag gach taibheoir le linn ár searmanais curtha crann. Nár luaigh mé sin go fóill? Go luath, bheadh dhá chrann áille, dhúchasacha na hÉireann curtha ar thailte Scoil Náisiúnta Eifinn.

 

Foilsithe

8/12/2025

Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Luimneach