Iarratais á nglacadh do Chomhaltachtaí Raising Voices 2026

Leabhair Pháistí Éireann: Chomhaltachtaí Raising Voices 2026
Spriocdháta: 19 Feabhra 2026 ag 3pm.
Tá Comhaltacht Raising Voices ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí agus/nó maisitheoirí ardaidhmeannacha a chruthaíonn saothair do pháistí agus aosaigh óga le hiarratas a chur isteach ar a clár lánmhaoinithe nua a chabhróidh leo a ngairmeacha a bhaint amach. Cuireadh an scéim i bhfeidhm cheana in 2026 agus beidh réimse leathan tacaíochtaí cruthaitheacha agus praiticiúla ag baint leis. Beidh na Comhaltaí a roghnófar nasctha le pobal fáilteach agus tabharfar tacaíocht dóibh lena ngairmeacha a fhorbairt.
Reáchtálann grúpa d’eagraíochtaí litríochta an Chomhaltacht, grúpa a bhfuil Leabhair Pháistí Éireann, Illustrators Ireland, Publishing Ireland, Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath, West Cork Literary Festival agus Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg mar chuid de. Tá sé mar chuspóir ag Raising Voices deireadh a chur le constaicí ar an bhfoilsiú agus ar an bhforbairt, chomh maith le héagsúlacht agus ionadaíocht in earnáil litríochta na hÉireann a mhéadú dóibh siúd atá faoi ghannionadaíocht mar gheall ar a gcúlra nó a bhféiniúlacht.
Cuirfear tús le Comhaltacht Raising Voices i mí Márta 2026 agus beidh sí ar siúl go dtí mí na Samhna 2026. Roghnófar seisear scríbhneoirí agus/nó maisitheoirí (Comhaltaí) do chlár de thacaíochtaí cruthaitheacha agus praiticiúla.
Glacfar le hiarratais go dtí an Déardaoin 19 Feabhra 2026 ag 3pm.
Eolas faoin togra
I measc na dtacaíochtaí cruthaitheacha agus praiticiúla a chuirfear ar fáil le clár na Comhaltachta beidh:
- Meantóireacht ó scríbhneoir nó maisitheoir a bhfuil taithí aige/aici/acu
- Critíc mhionsonraithe ó eagarthóir nó stiúrthóir ealaíne atá oiriúnach do chleachtas an Chomhalta
- Cónaitheacht seachtaine in Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg
- Seóthaispeántas mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath le críochphointe an togra a chomóradh i mí na Samhna 2026.
- Rochtain ar shraith cainteanna saincheaptha, clinic eolais faoi sparánachtaí leis an gComhairle Ealaíon agus imeachtaí agus cúrsaí éagsúla eile
- Grianghrafadóireacht phroifisiúnta chun seatanna cinn a thabhairt do Chomhaltaí ar mhaithe le poiblíocht agus iad ag leanúint orthu ar a n-aistir fhoilsitheoireachta.
- Deiseanna teagmhála leis an gcomhphobal ag maidineacha caife d’ealaíontóirí agus imeachtaí sóisialta eile eagraithe ag Leabhair Pháistí Éireann
- Ceangail leanúnacha leis na heagraíochtaí comhpháirtíochta
- Uirlisí, eolas agus treoir le lámhscríbhinn nó eagrán samplach de leabhar a thabhairt chun críche, saothar a ullmhú le cur faoi bhráid foilsitheoirí agus gníomhairí, taighde a dhéanamh ar an margadh, ceangail ghairmiúla a dhéanamh, iarratais a chur isteach ar sparánachtaí, srl.
Riachtanais iontrála
Is le haghaidh na scríbhneoirí agus maisitheoirí seo a leanas atá an clár:
- daoine a chruthaíonn saothair do pháistí agus aosaigh óga, lena n-áirítear ficsean, neamhfhicsean agus filíocht
- daoine a oibríonn i mBéarla nó i nGaeilge
- daoine a bhfuil lámhscríbhinn iomlán acu nó creat de phictiúrleabhar/ leabhar maisithe
- daoine as cúlraí nó pobail atá imeallaithe agus/nó faoi ghannionadaíocht sa litríocht do pháistí agus aosaigh óga
- daoine nach bhfuil saothar foilsithe acu go fóill nó nach bhfuil conradh faighte acu le foilsitheoir nó gníomhaire
- daoine a bhfuil cónaí orthu ar bhonn buan in Éirinn nó i dTuaisceart na hÉireann
- In áit liosta cuimsitheach de chritéir dhiana a chur ar fáil, iarraimid ar na scríbhneoirí agus maisitheoirí a dhéanann iarratas cur síos orthu féin mar ealaíontóirí ‘faoi ghannionadaíocht’. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
Roghnóidh ionadaithe ón gcúig eagraíocht chomhpháirtíochta agus triúr léitheoirí seachtracha (ealaíontóirí foilsithe nó saineolaithe ar an tionscal arb as comhphobail faoi ghannionadaíocht iad) ceathrar Comhaltaí ar a laghad. Toisc go bhféadfadh bacainní airgeadais a bheith ag Comhaltaí, beidh an togra maoinithe go hiomlán le gach tacaíocht agus meantóireacht curtha ar fáil saor in aisce.