An Chomhairle Ealaíon: Deiseanna Maoinithe d'Ealaíontóirí agus do Scoileanna 2026

Scoláirí agus comhlach cruthaitheach i mbun comhoibriú ar thionscadal Fuadar Feabhra ag scoil náisiúnta Naomh Bernadette. Grianghraf: Brian Cregan
Tá Sceideal na gComhairle Ealaíon do Dheiseanna Maoinithe 2026 Fógartha
Dátaí: éagsúil
Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon sceideal de dheiseanna maoinithe do 2026 a roinnt. Le maoiniú a dháiltear trí scéimeanna na Comhairle Ealaíon, beidh ealaíontóirí ábalta a saothar a chruthú, a dhéanamh agus a chur i láthair, agus cinnteofar go mbeidh rochtain ag daoine ar eispéireas ealaíon den scoth ar fud na tíre.
Chuireamar liosta de dheiseanna maoinithe le chéile lena n-áirítear príomhdhátaí a bhaineann le healaíontóirí a bhfuil spéis acu i gcúrsaí ealaíne agus cruthaitheachta i gcleachtas oideachais agus le scoileanna/ceannairí oideachais.
Scéim Emsemble na nÓg
Tacaíonn Scéim Emsemble na nÓg le grúpaí daoine óga idir deich agus ceithre bliana is fiche d’aois.
Ar oscailt: Dé Máirt 27 Eanáir | Ag dúnadh: Déardaoin an 26 Feabhra
Scoileanna Cruthaitheacha 2026
Tacaíonn an tionscnamh Scoileanna Cruthaitheacha le scoileanna na healaíona agus cruthaitheacht a chur chun tosaigh i saol leanaí agus daoine óga, rud a threisíonn a n-eispéireas foghlama.
Ar oscailt: Dé Máirt an 24 Feabhra | Ag dúnadh: Déardaoin an 30 Aibreán
Cónaitheacht Ealaíon do Leanaí agus Daoine Óga
Tacaíonn Cónaitheacht Ealaíon do Leanaí agus Daoine Óga le healaíontóirí nó le heagraíochtaí ealaíon bliain acadúil a chaitheamh i gcónaitheacht in institiúid ardoideachais a sholáthraíonn cáilíochtaí in oideachas tosaigh múinteoirí nó in oideachas agus cúram na luath-óige.
Ar oscailt: Dé Máirt 3 Márta | Ag dúnadh: Déardaoin an 2 Aibreán
Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí
Tacaíonn Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí le healaíontóirí agus eagraíochtaí aonair chun dul i gcomhpháirtíocht le seirbhísí incháilithe chun deiseanna a fhorbairt do bhabaithe agus do leanaí óga na healaíona a iniúchadh agus taitneamh a bhaint astu.
Ar oscailt: Dé Máirt 3 Márta | Ag dúnadh: Déardaoin an 2 Aibreán
Faigh tuilleadh eolais faoi dheiseanna maoinithe na Comhairle Ealaíon in 2026 anseo
Foilsithe
27/1/2026
Foirmeacha Ealaíne
Leibhéal
Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil