ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Scoileanna: Cnuasaigh Chruthaitheacha 2026 - 2028


School students during a creative project for Creative Clusters

An Roinn Oideachais agus Óige
Spriocdháta: 20 Aibreán

Tá áthas ar an Roinn Oideachais agus Óife a fhógairt go mbeidh babhta nua de Chnuasaigh Chruthaitheacha don tréimhse 2026 - 2028. Tá an clár ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna, lena n-áirítear scoileanna oideachais speisialta, chomh maith le heagraíochtaí Ógtheagmhála.

Creative Clusters 2026-2028 poster with students involved in creative activities

Comhoibríonn idir trí agus cúig scoil ar feadh tréimhse dhá bhliain ar aon chineál tionscadail chruthaitheach a dhíríonn ar shaincheist nó dúshlán comhchoiteann. Faigheann cnuasaigh tacaíocht ó éascaitheoir speisialtóra agus maoiniú €1,500 in aghaidh na scoile in aghaidh na bliana den tionscnamh chun infheistíocht a dhéanamh ina gcomhoibriú cruthaitheach.

Is é aidhm thionscnamh na gCnuasach Cruthaitheacha ná:

  • Bealaí nua a chur chun cinn inar féidir le scoileanna agus leis an earnáil ealaíon agus chultúir oibriú le chéile
  • Teagasc agus foghlaim a fheabhsú
  • Deis a chur ar fáil do chnuasaigh scoileanna idirghníomhú le gairmithe ón earnáil chultúrtha, agus rochtain a fháil ar acmhainní chun dul i mbun fiosraithe agus nuálaíocht a dhéanamh trí thionscadal foghlama cruthaitheach saincheaptha
  • Cruthaitheacht na bhfoghlaimeoirí agus na múinteoirí a fhorbairt
  • Fiosraigh an bhfuil grúpáil scoileanna ag céimeanna éagsúla dá dturas cruthaitheach, idir chleachtas sa seomra ranga agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a fhorbairt, ina mhúnla éifeachtach chun cleachtas a chothú agus a leabú i scoileanna
  • Rochtain a chur ar fáil do scoileanna ar dhaoine, scileanna agus acmhainní cruthaitheacha, agus tacú leo leas a bhaint as a gcuid scileanna agus taithí féin agus as na scileanna agus na taithí atá acu laistigh dá bpobail níos leithne

Conas a oibríonn Cnuasaigh Cruthaitheacha

Tá an clár oscailte do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, lena n-áirítear scoileanna speisialta, chomh maith le hionaid Ógtheagmhála. Éascaíonn sé am scaoilte do scoileanna chun bualadh le chéile agus a dtionscadal a fhorbairt, chomh maith le maoiniú suas le €15,000 chun cabhrú leo beocht a chur lena bpleananna agus a smaointe cruthaitheacha. Go dtí seo, tá 591 scoil i 168 cnuasach tugtha le chéile ag Cnuasaigh Chruthaitheacha a thacaíonn leo agus iad ag úsáid ealaíne agus a gcruthaitheachta mar an teanga comhchoiteann chun a scéal uathúil a insint.

Foirm iarratais

Iarratais do Cnuasaigh Cruthaitheach 26 Eanáir go 20 Aibreán 2026.