ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Súil Siar ar Lá Réigiúnach an Earraigh 2026 de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas


People swirling colourful ribbons at Circus skills workshop at Portal Regional Day 2026

Ceardlann Sorcais leis an ealaíontóir Maria Corcoran ag Lá Réigiúnach Earraigh na Tairsí i Muineachán. Grianghraf: Éilís Murphy

Lá Réigiúnach an Earraigh de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas
25 Aibreán 2026

Tionóladh Lá Réigiúnach an Earraigh 2026 dár gcuid Dé Sathairn, an 25 Aibreán in Amharclann an Gharáiste, Muineachán. Lá ardspraíúil a bhí ann ina raibh neart comhráite suimiúla le piaraí, cuir i láthair spreagúla agus ceardlanna idirghníomhacha.

Rinne an Dr. Katie Sweeney, Cathaoirleach Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus an Stiúrthóir Náisiúnta do Chomhtháthú na nEalaíon san Oideachas an t-aitheasc tosaigh inar thug sí léargas ar réimse na cruthaitheachta san oideachas. Ansin labhair Teresa McSorley, Stiúrthóir Ionad Oideachais Mhuineacháin, faoi dheiseanna i réigiún an Oirthuaiscirt agus d’fháiltigh sí roimh ealaíontóir nó múinteoir ar bith a raibh suim acu sna deiseanna sin teagmháil a dhéanamh lena nIonad Oideachais.

Aistrithe Aireacha – Ag Foghlaim Tríd an gCruthaitheacht

Ansin roinn na healaíontóirí Sally-Ann Duffy agus Caroline Clarke ó Mhol Cruthaitheach Choill an Chollaigh a gcomhthionscadal fíorshuimiúil idir daltaí bunscoile agus meánscoile a thug aghaidh ar chúiseanna imní a bhaineann le bogadh ón mbunscoil go dtí an mheánscoil agus níos faide i gcéin. Bhí sé go hiontach cloisteáil faoin bplé idir daltaí ó aoisghrúpaí éagsúla agus na caidrimh fhadtéarmacha a cruthaíodh agus a cothaíodh a bhuíoch leis an tionscadal seo.

Féach ar chur i láthair Sally-Ann agus Caroline ar Aistrithe Aireacha – Ag Foghlaim Tríd an gCruthaitheacht thíos:

Féach ar ghearrfhíseán den taispeántas tionscadail seo de chuid an Ghrúpa Chruthaithigh – nasc chuig Gearrfhíseáin YouTube

Waves And Wonders: Tionscadal Cruthaitheach TAP

Roinn an múinteoir Oonagh Gilsenan agus an t-ealaíontóir Rebecca Maguire an méid a d’fhoghlaim siad ó chónaitheacht TAP+ ag Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile na hUaimhe inar claochlaíodh seomra ranga Naíonáin Mhóra ina aigéan samhlaíochta ag baint úsáide as cloch bheag! Bhí a gcur i láthair an-teagmhálach: d’fhoghlaimíomar céim ar chéim an chaoi ar chuir siad struchtúr ar an tionscadal agus ansin fuaireamar deis na céimeanna aonair sin a dhéanamh sinn féin, agus pearsana agus scéalta a bhain le clocha á gcruthú againn.

Féach ar chur i láthair Rebecca agus Oonagh – “Waves and Wonders”: Tionscadal Cruthaitheach TAP anseo

Féach ar an bhfíseán ón “Waves and Wonders Pebble Art Project” thíos.

“Groovin’ Out” – Ceardlann Drumadóireachta

Tar éis lóin, ghlac leath de na rannpháirtithe páirt i seisiún idirghníomhach teagmhála na drumadóireachta láimhe leis an gceoltóir Aidan Dunphy. Is éascaitheoir den scoth é Aidan. Cuireann sé gach duine ar a suaimhneas agus treoraíonn sé an grúpa trí rithimí éagsúla.

Cruthaitheacht tríd an Sorcas

Bhí an chuid eile de na rannpháirtithe i dteannta an ealaíontóra sorcais Maria Corcoran le haghaidh scileanna sorcais spraíúla agus gníomhaíochtaí bunaithe ar dhráma. Ba cheardlann an-ghníomhach, spraíúil í seo inar ndearnamar lámhchleasaíocht, inar choinníomar cleití cothrom, ina rabhamar ag húlahúpáil agus go leor eile! Bhí sé thar a bheith suimiúil Maria a fheiceáil ag leagan amach an chaoi is féidir na scileanna seo a úsáid i suíomhanna oideachais. Bí ag súil le borradh mór ar líon na sorcas i réigiún an Oirthuaiscirt!

Gabhaimid buíochas le gach duine a raibh baint acu le rath mór an lae, go háirithe Amharclann an Gharáiste a chuir fáilte is fiche romhainn!

[caption id="attachment_12238" align="aligncenter" width="661"] Drumming workshop with Aidan Dunphy at Portal Spring Regional Day 2026. Photos: Éilís Murphy[/caption]

[caption id="attachment_12239" align="aligncenter" width="661"]Circus skills workshop with Maria Corcoran at 2026 Portal Spring Regional Day 2026 Circus Skills workshop with artist Maria Corcoran at 2026 Portal Spring Regional Day 2026. Photo: Éilís Murphy[/caption]

Foilsithe

12/5/2026

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

An Cabhán

Tags

Monaghan, Portal Spring Regional Day, Regional Day