ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas


Booking now open for 2026 National Portal Day

Beidh an 11ú Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas dár gcuid ar siúl Dé Sathairn an 7 Samhain 2026 ag Cearnóg Thoir, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,i gcomhpháirtíocht leis an Scoil Ealaíne agus Deartha.

Leis an ócáid lae iomlán saor in aisce seo, tugtar gairmithe ó earnálacha na n-ealaíon agus an oideachais le chéile chun nasc a chothú, tuairimí a mhalartú, foghlaim óna chéile, líonraí a fhorbairt, inspioráid a fháil agus dea-chleachtais a iniúchadh chun na healaíona agus an chruthaitheacht a úsáid san oideachas.

Déanann Imeacht na bliana seo iniúchadh ar an téama ‘‘Tá an Todhchaí Cruthaitheach: Cén fáth a bhfuil na healaíona agus an chruthaitheacht níos tábhachtaí ná riamh san oideachas’’, ina mbeidh plé painéil, chomh maith le ceardlanna agus cuir i láthair chruthaitheacha i gcaitheamh an lae

Cuir do thicéad in áirithe anseo!

Cuirfear tús leis an imeacht le plé painéil  faoi chathaoirleacht chomhalta boird de Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus an bainisteoir Pobail agus Oideachais ag Amharclann na Mainistreach, Phil Kingston. Is iad na painéalaithe ná: Jo Mangan, Stiúrthóir The Performance Corporation; Nathan Geszczak, duine óg a bhfuil an-dúil aige sna healaíona; Kate O’Shea, ealaíontóir ildisciplíneach atá an-ghníomhach sa phobal; agus Suzanne Little, Ollamh i Scoil na Ríomhaireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tar éis an phainéil, is féidir leis na rannpháirtithe dul i ngleic le réimse cur i láthair spreagúil agus ceardlann chruthaitheach thar thrí sheisiún a bheidh ag tarlú ag an am céanna. I measc na mbuaicphointí, beidh na nithe seo a leanas: cainteanna ó na faighteoirí a bhain Gradam Doiciméadaithe na Tairsí 2026 amach, lena n-áirítear Playspaces, comhoibriú idir an t-ealaíontóir Chris Finnegan, Féile Lár an tSamhraidh Chorcaí agus trí Ionad Iarscoile Múin i gCathair Chorcaí; agus Orpheus in the Garden, tionscadal de chuid Music Network faoi stiúir an chumadóra Dee Isaacs i gcomhar le dhá scoil DEIS i mBaile Átha Cliath.

Áirítear ar na ceardlanna cruthaitheacha i mbliana Houseplant Horror: Sound Foley mar Chleachtas Cruthaitheach, leis an ealaíontóir Isabel Gill; agus Soft Day, ceardlann le Susan Leen ina ndéantar iniúchadh ar an mbáisteach mar mhodh cruthaitheach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san oideachas.

Tá ateangaireacht TCÉ ar fáil ar iarratas. Cuir isteach d’iarratas faoin gCéadaoin, an 28 Deireadh Fómhair, le do thoil.

Féach ar an gclár iomlán anseo

Le haghaidh tuilleadh fiosrúcháin déan teagmháil le events@artsineducation.ie.

Féach iompar poiblí, roghanna páirceála agus léarscáil suímh na Cearnóige Thoir ag OT Bhaile Átha Cliath Ghráinseach Ghormáin

Foilsithe

6/10/2026

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Ar fud na tíre