ENGLISH

NUACHTLITIR





Fáilte chuig Tairseach nua na nEalaíon san Oideachas . . .


Bhí Tairseach na nEalaíon san Oideachas ar cheann de chuspóirí Chairt na nEalaíon san Oideachas – a shínigh an tAire Oideachas agus Scileanna agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i Nollaig 2012. Ba mhórchuspóir i gCairt na nEalaíon san Oideachas Tairseach Náisiúnta Ar Líne na nEalaíon san Oideachas a bhunú i dtaobh oideachas na n-ealaíon in Éirinn (4.12). Thug Grúpa um Chur i bhFeidhm na Cairte, a bhunaigh an bheirt Airí in 2013, aird mhionsonraithe ar phleanáil agus ar dhearadh na tairsí sin.  Le cúnamh a fháil ó shaineolaithe ó eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla, a bhfuiltear buíoch as, rinneadh go leor dul chun cinn agus seoladh Tairseach Ealaíon san Oideachas na hÉireann an 19 Bealtaine, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Is é éiteas na tairsí ná chun pobal cleachtais laistigh de na healaíona agus den oideachas a fhorbairt, agus spás a sholáthar inar féidir tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí agus do mhúinteoirí araon.  Soláthróidh an tairseach ardán trína dtacófar, trína bhforbrófar agus trína bhfeabhsófar cleachtas dea-chomhoibrithe sna healaíona san oideachas.  Tabharfar cuireadh d’aighneachtaí don tairseach ar bhonn leanúnach agus cuireadh teimpléid agus treoirlínte i dtoll a chéile chun cabhrú leo siúd ar mian leo aighneacht a dhéanamh.  Tá forbairt na Tairsí bunaithe ar an mian chun daoine a chumasú, agus chun cur le muinín, paisean agus tacaíocht. Tá comhchreideamh tréan intuighte i luach intreach na n-ealaíon i saol leanaí mar bhonn agus taca le forbairt na tairsí. Beidh ról ag an Tairseach – tríd an ábhar a chomhroinneann sí – chun tacú leis an luach seo. Lorgaíonn an tairseach chun an cleachtas reatha a léiriú atá ar bun in Éirinn. Is é fís na tairsí chun struchtúr a bhunú trínar féidir pobal na n-ealaíon agus an oideachais a fhorbairt. Forbrófar an t-ábhar feasta trí thacaíocht leantach agus tríd an bpobal a fhorbairt ar líne agus as líne araon. Tabharfar isteach gnéithe nua don Tairseach ar bhonn céimnithe sna míonna amach romhainn.

Is é an cuspóir ná chun an phríomhacmhainn náisiúnta dhigiteach de chleachtas na n-ealaíon agus an oideachais a dhéanamh den tairseach in Éirinn. Tá straitéis cumarsáide beartaithe ina dtabharfar cuntas ar bhealaí go gcoimeádfaidh Eagarthóir na Tairsí plé agus cumarsáid leanúnach ar bun le pobal na n-ealaíon/an oideachais. Príomhchritéar treorach a bheidh i gcáilíocht an ábhair. Nuair a bheidh sí i mbun feidhme, soláthróidh an Tairseach deis nach raibh ar fáil roimhe seo do dhaoine óga ar fud na tíre chun tabhairt faoi na healaíona san oideachas ar bhonn torthúil in Éirinn.

Féadfaidh na sainmhínithe a leanas ó Chairt na hEalaíon agus an Oideachais cabhrú le tuiscint a thabhairt ar chineál chleachtas na nEalaíon san Oideachas:

“Cé go dtarlaíonn go leor d’idirghníomhú na n-ealaíon san oideachas laistigh d’am scoile, ní thiteann sé go léir amach in áitreabh na scoile. Tá dhá shnáithe ann maidir le cleachtas na n-ealaíon san oideachas: snáithe amháin ina bhfuil idirghabháil ag domhan na n-ealaíon isteach i réimse an oideachais fhoirmiúil, agus snáithe eile ina bhfuil mic léinn a thugann faoi na healaíona sa limistéar poiblí, de ghnáth in ionaid ealaíon a chistítear go poiblí, bíodh siad ina n-ionaid áitiúla nó náisiúnta.

“Is éard a bhíonn i gceist le cleachtas na n-ealaíon san oideachas ná ealaíontóirí oilte gairmiúla i ngach disciplín a oibríonn do agus le scoileanna chun réimse fairsing d’eispéiris ealaíon a chruthú, a fháil agus a léirthuiscint. Féadfaidh cleachtas na n-ealaíon san oideachas tarlú laistigh nó lasmuigh den scoil. Bíonn idir cuairteanna aonuaire, cláir níos sínte agus tionscadail dhiana chomhoibríocha i gceist leis.

“Oibríonn ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, daltaí, múinteoirí, agus amanna, cúramóirí príomhúla as lámh a chéile chun eispéiris ealaíon a chruthú a shaibhríonn an curaclam agus a thacaíonn le croímhisean oideachais na scoile. Saibhríonn cleachtas na n-ealaíon san oideachas saol gach duine a bhíonn bainteach ann, go háirithe maidir le haigní agus samhlaíocht na ndaltaí atá á bhforbairt a chothú.”

Rialachas

Déanann Coiste Eagarthóireachta, ina bhfuil ionadaithe de na grúpaí páirtithe leasmhara ar a bhfreastalaíonn an Tairseach maoirsiú ar rialachas Thairseach na nEalaíon san Oideachas. Is iad comhaltaí reatha an choiste:

An Dr Katie Sweeney (Cathaoirleach)
An Stiúrthóir Náisiúnta do Chomhtháthú na nEalaíon san Oideachas (DES)
..........
Helen O’Donoghue
Coimeádaí Sinsearach: Rannpháirtíocht agus Foghlaim, Aras Nua-Ealaíne na hÉireann
(Ionadaí Encountering the Arts, Ireland)
..........
Phil Kingston
Bainisteoir Pobail agus Oideachais, Amharclann na Mainistreach
(a dhéanann ionadaíocht do Chomhairle Náisiúnta na nInstitiúidí Cultúrtha)
..........
Dermot Carney
Oifigeach Ealaíon, Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí
..........
Lucina Russell
Oifigeach Ealaíon, Comhairle Contae Chill Dara
(Ionadaí Chumann Oifigigh Ealaíon na nÚdarás Áitiúil)
..........
Patrick Coffey
Comhordaitheoir Náisiúnta, SFGM Teicneolaíocht san Oideachas/Scoilnet
..........
Kate Delaney
Príomhaí Cúnta sa Chlár Éire Ildánach
(Ionadaí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta)
..........
Catherine Boothman
Bainisteoir Scoileanna Ildánacha, an Chomhairle Ealaíon
..........
Jennifer Buggie
Comhairleoir do Chomhtháthú na Cruthaitheachta agus na nEalaíon san Oideachas
(Ionadaí de chuid na Rannóige Beartas Curaclaim agus Measúnachta)
..........
Edel Doherty
Bainisteoir Tionscadail, Kids’ Own Publishing Partnership Ltd
(Eagarthóirí Tairseacha)

..........

Tá Polasaí Príobháideachais Thairseach na nEalaíon san Oideachas ar fáil artsineducation.ie/ga/privacy-policy/


Is é éiteas na tairsí ná chun pobal cleachtais laistigh de na healaíona agus den oideachas a fhorbairt, agus spás a sholáthar inar féidir tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí agus do mhúinteoirí araon.

Launch of Across An Open Field, 1st Irish History book by children

Image credit Our Place Project with The Glucksmam, UCC and direct provision centres in Kinsale Road and Glouthaune, Cork

The Playground Project, image credit Evelyn McNamara

"Sea Legs" TULCA with Louise Manifold and Cregmore NS

"Elk" Project Kate Heffernan & Sacred Heart Portlaoise

"Violin" Music Generation Sligo

"Taste" Tadhg Crowley, Glucksman

Kids' Own Virtually There project, image by Lucy Hill