Tá tú ag Amharc faoi láthair ar > All Projects by Date
-
Earnáil/Beartas
Fáiltíonn an tAire Foley roimh na céadta scoileanna breise sna Braislí Cruthaitheacha agus i gclár ealaíon BLAST.
D’fhógair Norma Foley na cónaitheachtaí BLAST le déanaí do 629 scoil in 2022-2023, an dara bliain den chlár BLAST (Ag Tabhairt na nEalaíon Beo do Scoláirí agus Múinteoirí).
5/1/2023
-
Earnáil/Beartas
Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí: Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022-2026
Sheol Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022-2026 le déanaí. Tá cuntas sa straitéis ar a thábhachtaí atá na healaíona agus tá leagtha amach inti creatlach le haghaidh an oideachais ealaíon agus chun na healaíona a chur chun cinn agus chun tacú lena gcur i bhfeidhm ar fud BOO Chorcaí.
16/12/2022
-
Professional Development
Podchraoltaí ó Fhéile Bhaboró 2022
Tá Baboró tar éis taifeadtaí de thrí chaint a eisiúint ó fhéile 2022. Pléann na podchraoltaí seo an t-oideachas ealaíon sna luathbhlianta, inbhuanaitheacht na hearnála agus forbairt ealaíontóirí.
16/12/2022
-
Deiseanna
Deis d’ealaíontóirí: Coimisiún um Ealaíona Gaeilge do na Luathbhlianta 2023
Is mian le clár Éire Ildánach Átha Cliath Theas saothar ealaíne Gaeilge do na Luathbhlianta a choimisiúnú in 2023. Iarratais ar oscailt anois!
16/12/2022
-
Imeachtaí
Clár Scoileanna de chuid Institiúid Scannán na hÉireann 2022/23
Tá lúcháir ar Institiúid Scannán na hÉireann clár úrnua scannán a chur ar fáil do scoláirí ó leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, atá ar fáil sa phictiúrlann agus ar líne trí IFI@Schools.
16/12/2022
-
Deiseanna
Gairm ar chuir i láthair: Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh 2023
Tá Foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas ag lorg aighneachtaí le haghaidh cur i láthair do Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh 2023.
15/12/2022
-
Deiseanna
Deis: Dámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2023
Achoimre ar Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022, lá ar tháinig pobal na n-ealaíontóirí agus na múinteoirí agus na gairmithe do na healaíona san oideachas le chéile in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath don chéad chomhdháil a reáchtáladh ar an láthair ó bhí 2019 ann.
15/12/2022
-
Deiseanna
An Smaoineamh Mór: Clár Teagaisc Scileanna Cruthaitheacha
Dearadh an clár cruthaitheachta saor in aisce a bhfuil roinnt duaiseanna buaite aige, an Smaoineamh Mór, chun scoláirí a chumasú leis na scileanna 21ú haois a theastaíonn uathu. Rinne saineolaithe oideachais agus tionscail an clár a fhorbairt agus beidh deis ag scoláirí scileanna inaistrithe a fhorbairt chun tacú leo maidir le dul i ngleic leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith rompu.
29/11/2022
-
Uncategorized
Gailearaí Butler: Cartoon Saloon – My Father’s Dragon, An Taispeántas
Leantar leis an gcomhpháirtíocht rathúil atá ag Gailearaí Butler leis an stiúideo beochana Éireannach, Cartoon Saloon, atá lonnaithe i gCill Chainnigh agus ar ainmníodh cúig huaire é do Oscar©, mar fhreagra taispeántais don scannán nua beochana My Father’s Dragon, faoi stiúir Nora Twomey.
29/11/2022
-
Deiseanna
CPD nó Forbairt ghairmiúil leanúnach do Mhúinteoirí: Cruthaitheacht agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Oideachas Fighting Words
I gcomhpháirtíocht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, sheol Fighting Words Cruthaitheacht agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Oideachas, cúrsa ar líne chun na modheolaíochtaí, fianaise agus acmhainní a fhorbairt i measc oideoirí le do mhuinín a neartú agus spéis a spreagadh i rannpháirtíocht chruthaitheach agus scríbhneoireacht chruthaitheach.
29/11/2022
-
Deiseanna
Deis Fostaíochta: Stiúrthóir Cruthaitheach Carnival of Collective Joy i gCeatharlach
Tá Stiúrthóir Cruthaitheach á lorg ag Féile Ealaíon Cheatharlach, i gcomhpháirtíocht le VISUAL Cheatharlach, chun comhdhearadh Carnival of Collective Joy Cheatharlach a stiúradh in 2023.
29/11/2022
-
Imeachtaí
Ionad Ealaíon Grianstad: Rannpháirtíocht agus acmhainní gailearaí do scoláirí & múinteoirí
Rinne an Solstice Arts Centre acmhainn a dhearadh do churaclaim na Sraithe Sóisearaí agus Sinsearaí chun cabhrú le múinteoirí agus scoláirí foghlaim cén chaoi le taispeántas a mheasúnú agus a mheas.
29/11/2022