Anna Newell
Tá Anna Newell ar dhuine de phríomhamharclannóirí na hÉireann do luchtanna féachana óga agus cruthaíonn sí eachtraí faoi leith amharclainne do leanaí, do na luathbhlianta agus do pháistí/daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.
Chruthaigh sí an chéad BabyDay riamh ar domhan, thug sí amharclannaíocht do pháistí agus daoine óga a bhfuil deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama acu isteach go hÉirinn, agus chabhraigh sí le hamharclann do leanaí a thosú san Afraic Theas. Cuireadh a cuid saothar do luchtanna féachana Luathbhlianta ar fáil ar shé mhór-roinn.
Is iad luchtanna féachana na seónna atá mar bhonn agus mar inspioráid leo ag gach ceann de chéimeanna a gcruthaithe agus tá nasc daonna i gcroí na léirithe.
Buaiteoir an Tonic Theatre Award 2017 - do “mhná a bhfuil an amharclannaíocht á hathrú ó bhonn acu”
Iomaitheoir i mbabhta ceannais an Ella Stewart Award 2016 - “d’amharclannóirí a bhfuil a gcuid oibre le/do dhaoine óga i ndiaidh tionchar ollmhór sóisialta a bheith aici”.