ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Jennifer Buggie


Rinne Jenny Buggie staidéar ar an stair agus ar an tseandálaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus chuaigh sí leis an múinteoireacht in 2009 trí Ollscoil Newman, Birmingham. Tá sí ag obair mar Mhúinteoir Bunscoile i Scoil an Teaghlaigh Naofa i bPort Laoise agus mar Éascaitheoir in Ionad Oideachais Laoise. Bronnadh an Duais IPPN ar Jenny in 2017 dá Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Oideachais in Ollscoil Mhaigh Nuad inar díríodh ar athrú a stiúradh trí mhúinteoireacht i ndrámaíocht agus i stair. D’eascair a tráchtas Máistreachta Gairmiúla as an obair, tráchtas ina ndearnadh iniúchadh ar fhéiniúlacht i gcleachtas an mhúinteora le linn cumasc scoile. Tá Jenny ag obair leis an gComhpháirtíocht Múinteoirí agus Ealaíontóirí ón mbliain 2014, oibríonn sí mar phríomhéascaitheoir agus d’fhoireann deartha náisiúnta na heagraíochta. Tá an-fhonn uirthi na scileanna agus na deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí, d’ealaíontóirí agus do pháistí chun oibriú le chéile i scoileanna a bhfuil na healaíonta iontu go láidir agus ina n-aithnítear agus ina bhforbraítear an duine mar fhoghlaimeoir agus mar mhúinteoir.