Liz Coman

Is Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í Liz Coman. Is éascaitheoir cáilithe Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc le SSA/USA í agus chuir sí oiliúint chomh fada le leibhéal cóitseála i gcrích. Tá sí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán Erasmus+ Permission to Wonder - togra AE do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ag tástáil chonair oiliúna VTA le hoidí sa seomra ranga agus i dtimpeallachtaí gailearaí. Tá cúlra Stair Ealaíne agus Staidéar Músaeim ag Liz agus taithí cúig bliana déag aici ar thograí nuálacha a dhearadh a thacaíonn leis na healaíona, oideachas agus foghlaim. Bhí sí i gceannas ar oiliúint i gcuir chuige atá á dtreorú ag fiosrúcháin chun idirghabháil a dhéanamh ar shaothar ealaíne d’éascaitheoirí amharc-ealaíne san Áirc, Ionad Cultúrtha do Leanaí, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, agus An Duais Turner, Doire agus cuireann sí meantóireacht ar fáil go leanúnach d’ealaíontóirí, oidí ealaíon agus múinteoirí aonair.