Naomi Cahill
Oibríonn Naomi Cahill mar Chomhlach Cruthaitheach do na Scoileanna Ildánacha agus is í bunaitheoir agus stiúrthóir Bespoke Productions. Is múinteoir drámaíochta cáilithe í a bhfuil taithí aici i mbunscoileanna, i meánscoileanna agus in oideachas aosach agus, i dteannta leis sin, d’oibrigh sí le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtach. Bhain Naomi céim amach i Léann na Drámaíochta agus an Téatair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, chuir sí Ard-Dioplóma Ealaíon in Oideachas Drámaíochta i gcrích agus bronnadh ‘An Ghnóthachtáil Acadúil is Airde’ ó Scoil Ceoil agus Drámaíochta Laighean. Stiúrann Naomi cúrsaí drámaíochta trí Bespoke Productions in Éirinn agus ar an gcoigríoch, agus dírítear iontu ar mhuinín a fheabhsú, chomh maith le féinmheas agus scileanna cumarsáide a fhorbairt. Stiúir sí leagan nua-aimseartha de ‘Romeo & Juliet’ le déanaí in Teatro Re Grillo, Licata, sa tSicil. Tá taithí ag Naomi ar bheith ar stáitse agus i scannáin, agus taitníonn léi a taithí a roinnt lena cuid scoláirí. Tá an-áthas uirthi a bheith ag obair mar Chomhlach Cruthaitheach do Clár na Scoileanna Ildánacha.