Marc Mac Lochlainn.
Marc Mac Lochlainn, Stiúrthóir Ealaíne Feidhmeannach Bhranar Téatar do Pháistí. Bhunaigh Marc an comhlacht in 2001. Chomh maith le ensemble d’aisteoirí Branar tá 21 bunseó Branar ar fad cruthaithe agus stiúrtha aige. Bhunaigh sé agus reáchtálann sé scéim roinnte acmhainní amharclannaíochta “AG ROINNT” Branar chomh maith le deireadh seachtaine na SEÓNNA BÍDEACHA. Tá Branar ar cheann de na príomhchomhlachtaí amharclannaíochta in Éirinn atá ag déanamh oibre do leanaí. Bunaithe in Iarthar na hÉireann, tá clú agus cáil ar Branar as saothar an-samhlaíoch agus galánta a chruthú.