ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Liz Coman, Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Éascaitheoir SSA


Image copyright: Primary School Teacher, Jane Malone

Íomhá: Múinteoir Bunscoile, Jane Malone

Liz Coman

Is Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í Liz Coman.  Is éascaitheoir cáilithe Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc le SSA/USA í agus chuir sí oiliúint chomh fada le leibhéal cóitseála i gcrích.  Tá sí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán Erasmus+ Permission to Wonder - togra AE do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ag tástáil chonair oiliúna VTA le hoidí sa seomra ranga agus i dtimpeallachtaí gailearaí. Tá cúlra Stair Ealaíne agus Staidéar Músaeim ag Liz agus taithí cúig bliana déag aici ar thograí nuálacha a dhearadh a thacaíonn leis na healaíona, oideachas agus foghlaim.  Bhí sí i gceannas ar oiliúint i gcuir chuige atá á dtreorú ag fiosrúcháin chun idirghabháil a dhéanamh ar shaothar ealaíne d’éascaitheoirí amharc-ealaíne san Áirc, Ionad Cultúrtha do Leanaí, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, agus An Duais Turner, Doire agus cuireann sí meantóireacht ar fáil go leanúnach d’ealaíontóirí, oidí ealaíon agus múinteoirí aonair.

“Tá níos mó ná rud amháin i gceist le breathnóireacht - úsáidimid ár gcuid súl chun anailís a dhéanamh ar íomhá, agus úsáidimid smaointeoireacht chomh maith, agus ár gcuid céadfaí agus mothúcháin chun an méid a fheicimid a léamh” - Erasmus+ Permission to Wonder 

Comhrá le Múinteoir Bunscoile, Jane Malone

Don cheathrú bhlag nó don bhlag deireanach seo faoi Erasmus+ Permission to Wonder, tá sé tráthúil dom machnamh a dhéanamh ar chuid den mhéid a d’fhoghlaimíomar ón gconair oiliúna SSA d’oidí.  Tugadh tacaíocht do bhreis is 150 oide, ó sheomraí ranga agus ó mhúsaeim, rochtain a fháil ar chonair oiliúna SSA le SSA/USA. Tharla sé seo, trí chur chuige comhpháirtíochta a lig do réimse leathan páirtithe áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha clár oiliúna uathúil a mhaoiniú.

Léireoidh creat mheastóireacht an taighde do Erasmus+ Permission to Wonder an ‘tionchar’ a bhí ag an gconair oiliúna SSA ar oidí i mbun traenála agus cleachtaidh SSA i scoileanna agus músaeim i ngach áit.  Beidh torthaí á gcur i láthair ag SSA Nederland ag ár gComhdháil Erasmus+ Permission to Wonder ar an 21 Aibreán 2020 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Idir an dá linn, táimid ag cuimhneamh ar an méid atá i ndán dár gcuid oibre le SSA.  Céard iad na conairí oiliúna príomhshrutha do mhúinteoirí agus d’ealaíontóirí atá ann cheana féin a d’fhéadfadh tacaíocht a chur ar fáil don chonair oiliúna SSA?  Cén chaoi ar féidir linn greim a choinneáil ar an bhfiúntas a bhaineann leis an bhfoghlaim idir phiaraí thar ghrúpa measctha oidí - ealaíontóir, oide ealaíne, múinteoir meánscoile (ealaíne) agus múinteoirí ranganna bunscoile? Cén chaoi a dtugaimid tacaíocht do ghrúpaí measctha de dhaoine faoi oiliúint chun go mbeidh fáil fós ar eispéiris foghlama thaitneamhacha dhoimhne SSA faoin ealaín, faoin bhfoghlaim, an seomra ranga agus an pobal ina bhfuil ardmheas ar agus ina gcloistear gach glór ar leith?

Tá an poitéinseal idirdhisciplíneach do SSA suntasach.  Is í an ealaín an pointe tosaigh agus éiríonn na scileanna inaistrithe don oide oilte SSA agus don ghrúpa atá ag glacadh páirte níos soiléire agus níos soiléire le cleachtadh rialta.  Domsa, bíonn an rath is follasaí ar an gcleachtas SSA laistigh den bhunscoil nó sna seomraí ranga luath-óige.  Sna seomraí ranga seo, bíonn cúpla limistéar ábhair taobh lena chéile, ach tugtar tús áite uileghabhálach do chuspóirí chun pátrúin foghlama, mhachnaimh, agus chumarsáide a thógáil. Feictear an cur chuige seo don fhoghlaim níos minice agus níos minice san áit oibre chomhaimseartha.  Caithfidh ealaíontóirí, dlíodóirí, feirmeoirí, fostaithe agus fiontraithe ó na disciplíní uilig solúbthacht a léiriú ina gcuid smaointeoireachta agus sa chaoi ina reáchtálann siad a gcuid gnóthaí/ ina gcuireann siad a dtáirge amach/ ina gcomhlíonann siad riachtanais a gcliant. Is iad na scileanna a bhaineann le fadhbanna a réiteach agus cumarsáid a choinneáil leis an bhfoireann bun agus barr an scéil chun é sin a dhéanamh.  Caithfidh foirne a gcuid scileanna breathnóireachta agus smaointeoireachta a úsáid i bpáirt le cur chuige a dhíríonn ar an scéal iomlán a thacaítear leis trí bheith oscailte i leith tuairimí difriúla, chun tairbhe a bhaint as taithí daoine eile mar aon lena dtaithí féin.

Thíos, Jane Malone, múinteoir bunscoile ó Scoil Náisiúnta San Caitríona, Ascaill Dhún Uabhair, ag caint faoin gcaoi gur neartaigh SSA an cleachtas a bhfuil aici foghlaim na ndaltaí a stiúradh; sa mhéid is gur uirlis é an cleachtas seo do scileanna cumarsáide mar shampla an éisteacht dhomhain agus an plé measúil; gur uirlis é chun go gcuirfidh daltaí lena bpróisis smaoinimh féin le tacú leis an gcaoi a bhfoghlaimíonn siad, go mbíonn fáil acu ar eolas agus go réitíonn siad fadhbanna; gur féidir leis an gcleachtas seo athrú ó ealaín, go matamaitic, go eolaíocht go OSPS, go forbairt labharthachta, go forbairt tionscadail.

Cén chaoi a gcuireann SSA le do chleachtas mar mhúinteoir bunscoile?

I seomra ranga bunscoile an lae inniu, is éascaitheoirí na foghlama muid, thar aon ní eile, an smaoineamh traidisiúnta de mhúinteoirí, mar shampla. Is cinnte gur dhírigh SSA m’aird ar an scil a bhaineann le bheith i d’éascaitheoir. Déantar éascaíocht ar na scileanna smaointeoireachta a mbeadh acu go hidéalach nó ar na scileanna scríbhneoireachta, ach is leosan an chaoi ina n-úsáideann siad iad, chomh fada is atá sé oiriúnach.

Measaim gur uirlis iontach iad ár gcuid seisiún SSA chun éisteacht ghníomhach a léiriú agus a chleachtadh.   Nuair a thugann duine barúil i dtaobh ruda, agus nuair atá athleagan á chur agam air, bíonn siad go léir ag éisteacht. Níl a gcuid lámh suas acu lena bpointe, is eispéireas éisteachta roinnte é seo ina bhfeiceann siad an méid a fheiceann an té atá ag caint. Thug sé sin go leor cúnaimh ó thaobh bhainistiú ranga ginearálta, ach freisin ó thaobh sealaíochta don chomhrá measúil.  Ní rud é seo ar féidir é a theagasc go soiléir. Ag an am céanna, bíonn sé seo le brath sna ranganna eile uilig, mar gheall go dtéimid go léir i dtaithí ar an bpróiseas.

Measaim freisin go mbíonn ár gcuid seisiún SSA an-ionchuimsitheach, mar ní faoin gcumas atá sé, is faoin bpictiúr nó faoin bpíosa ealaíne a bhfuil siad ag breathnú air, agus ní hé ‘mo thuairim’ an tuairim cheart, d’fhéadfadh sí a bheith an-difriúil le ‘do thuairim’. Baineann sé le teacht a bheith ar an ealaín ag gach leibhéal do ghasúir ar gach leibhéal cumais, ní do ghasúir ‘ealaíonta’ amháin nó do na daoine a dtaitníonn an saothar ealaíne sin leo.  Tógtar an chaoi go mbíodh ealaín dosháraithe, bhíodh sí i ngailearaithe, taobh thiar de fhrámaí, agus cuirtear scata léirithe féideartha ar fáil di.

Dom féin, bíonn tionchar ag SSA ar gach réimse curaclaim, go háirithe na gnéithe teanga agus an ghné shóisialta agus mhothúchánach de rudaí chomh maith. Bainim úsáid as le ‘Cainteanna Uimhris’, agus le rud ar bith a bhíonn ar siúl agam in OSIE ina mbím ag déanamh éascaíocht ar an bhfoghlaim bunaithe ar thionscadail agus tá siad ag socrú cén treo ina rachaidh a dtionscadal. Oireann SSA don Churaclam Teanga Nua go háirithe, leis an nGaeilge agus leis an mBéarla, agus an chaoi a ndéantar cur síos ar ról an athleagan a chur ar ráiteas na scoláirí, nach bhfuil aon ráiteas mícheart, ach gurb ionann an t-athleagan a thabhairt agus pointe ama an teagaisc agus na foghlama. Tá na gasúir ag éirí níos feasaí faoin gcaoi a bhfuilim á dteagasc, tá níos mó taithí acu ar phróisis an athleagain, agus tugann sé seo an mhuinín dóibh an ráiteas a dhéanamh, le linn rang teanga, gan a bheith buartha faoina bheith ceart nó mícheart.

Céard a thug tú faoi deara a tharlaíonn i do chuid oibre sa seomra ranga le SSA?

Rang a sé atá agam mar ghrúpa i mbliana. Bhí siad agam i rang a ceathair, nuair a thosaigh mé ag cleachtadh SSA sa seomra ranga. Mar sin i mbliana, nuair a dhéanaim SSA leis na gasúir, tosaím seisiún trí labhairt leo faon gcoincheap leathan bheith ag smaoineamh faoin méid a thiteann amach nuair a dhéanaimid SSA - ‘céard is ciall le bheith ag breathnú?’ Labhraímid faoinár gcuid súile a úsáid, agus ról na héisteachta. Téimid níos doimhne le híomhá ealaíne agus labhraímid faoin gcaoi a n-úsáidimid ár gcuid céadfaí chun faire ar rudaí, agus faoin gcaoi a dtugann ár bhfreagairt mhothúchánach eolas dár gcuid smaointeoireachta freisin.

Chuir mé tús le curaclam eolaíochta na bliana seo le cleachtadh inar thógamar rolla seilitéipe agus chuireamar thart ar an seomra é. B’éigean do gach páiste ráiteas breathnaitheach a dhéanamh faoi, de réir mar a cuireadh ó dhuine go duine é. Is é an fáth gur mheasc mé SSA leis an gcleachtadh seo, mar go mbíonn scéal, suíomh, iar-thaithí agus eolas á n-insint go nádúrtha in SSA le híomhánna ealaíne. Dá bhrí sin, sa chleachtadh seo leis an seilitéip, ba léir dom go bhféadadh sé brú a chur orthu teanga níos sofaisticiúla a thógáil don mhéid a bhfuil cur síos á dhéanamh acu air.  Coinním mo chuid athleaganacha faoi choinníoll agus cuirim lipéad ar na próisis smaointeoireachta ionas go mbeidh na gasúir ábalta a aithint gur féidir a bpróisis smaointeoireachta a aistriú ó chleachtadh SSA a dhéanaimid san ealaín, go dtí an cleachtadh seo, a bhfuil níos mó baint aige le teanga eolaíoch a thabhairt isteach don bhreathnóireacht. Is cleachtadh an-rathúil é mar chloistear iad ag caint faoi uigeacht na seilitéipe, ag úsáid teanga chun cur síos a dhéanamh uirthi bunaithe ar a gcéadfaí, ag déanamh cur síos ar a cruth bunaithe ar a gcuid eolais matamaitice, ag déanamh ráiteas meiteachognaíocha a thugann eolas isteach ó chorpais eolais eile.

Feicim gurb é seo an chaoi a bhfuilim chun mo chleachtas SSA a thabhairt chun cinn.  Sa seomra ranga, táim ag déanamh iarrachta atmaisféar ETIEM in áit ETIM a chruthú.  Tá SSA ar cheann de na modheolaíochtaí a thugann tacaíocht dom é seo a dhéanamh.  Úsáidim meabhairmhapaí agus Elklan (próiseas chun freastal ar riachtanais labhartha, teanga agus chumarsáide na ngasúr) le topaicí inar féidir linn stór focal agus teanga a thógáil. Feictear domsa go bhfuil SSA ag teacht i bhfeidhm do na limistéir ábhair churaclaim níos teicniúla mar shampla na scileanna litearthachta chun teanga a bhriseadh síos, ag breathnú ar agus ag baint triail as fadhb mhatamaitice a réiteach, agus don eolaíocht chomh maith.

Cé chomh tábhachtach is atá ciúnas ag tús na breathnóireachta, dar leat?

Thar a bheith tábhachtach. Ach déanaimid é sin i bhfoirm dhifriúil inár gcuid ‘cainteanna uimhris’ chomh maith, mar sin cuireann duine a abairt uimhris suas agus caithfidh siad fanacht go litriúil. Tá sé an-deacair fanacht sách fada nuair a dhéantar mar mhúinteoir i dtosach é, tá sé sách deacair a bheith ag seasamh gan focal a rá. Mar gheall go rabhamar tar éis é a dhéanamh sna ‘cainteanna uimhris’, bhí mé ábalta é a nascadh leis, mar sin tugaim roinnt mhaith ama dóibh. Ritheann sé liom gach uair a dhéanaim é “Meas tú cé mhéad ama a thugann gach duine eile?” Is í Sherry Parrish saineolaí na gcainteanna uimhris, mar sin dá mbeadh ceann dá cuid físeán feicthe agat thuigfeá na cosúlachtaí. Is éard atá i gceist leis ná “cén chaoi a ndéanfá é seo?”, “cén chaoi ar tháinig tú ar do chonclúidí?”, “anois, inis don chuid eile den rang cén chaoi a bhfuair tú an freagra sin nó cén fáth a ndeachaigh tú sa treo sin” nó “céard a shíleann gach duine faoin gcaoi go ndearna X an tsuim sin?”. Arís, mar sin, tá sé cosúil, próiseas cosúil le tacú le smaoineamh agus foghlaim sóisialta.

An féidir leat cuimhneamh siar ar Phlé Íomhá SSA a thaitin go mór leat?

Ba é ceann de na seisiúin SSA ab fhearr liom ná nuair a bhí mé ag cleachtadh ar an oiliúint Permission to Wonder in Heilsincí.  Bhí mé ag breathnú ar íomhá den chéad uair agus ní raibh mé cinnte cá rachadh sé leis an ngrúpa.  Bhí neart léamh difriúla ar an íomhá ó dhaoine aonair agus mar sin b’éigean dom díriú go mór ar na hathleaganacha a thabhairt.  Léirigh sé dom go raibh ag éirí go maith liom athleaganacha a thabhairt, bhí mé ag éisteacht agus mé ag caint. Bhí sé an-dúshlánach, agus ba chosúil go raibh sruth ann. Chuimhnigh mé air seo mar gheall gur fhoghlaim mé an oiread sin uaidh.

Ceann eile a sheasann amach dom, le rang a sé anuraidh, bhí siad i gcónaí ag iarraidh a aithint gur chur i gcéill iad na híomhánna. ‘Ó, cuireadh é seo ar bun d’aon ghnó amhail is go bhfuil sé sna 1960idí agus bhí sé conspóideach d’aon ghnó mar....’ - bhí siad an-soiniciúil faoin íomhá agus bhí an chosúlacht ar an scéal gur bhain easpa solúbthachta lena gcuid rannpháirtíochta léi.  Is mó imní a bhí orthu faoi scéal cúlra a chruthú faoin gcúis go ndearna an t-ealaíontóir é, seachas breathnú ar an méid a bhí os a gcomhair amach. Mheas mé go raibh sé sin an-spéisiúil.

Ceann eile, ba ea pictiúr de bhean ar thraein faoi thalamh agus í timpeallaithe ag go leor fear. Tá sí chun tosaigh, agus d’aithin duine de na gasúir a bhfuil imní uirthi mar a cuid taithí le mothú an-imníoch agus gan a fhios ag aon duine thart uirthi. An cineál sin staideanna mothúchánacha pearsanta a chaitheamh amach ar na híomhánna atáimid ag breathnú orthu, sílim go bhfuil sé sin an-spéisiúil.

Tá an chuma air go bhfuil tú ag breathnú ar an ‘smaoineamh’ a bhíonn ar siúl le linn phlé íomhá SSA - do chuid smaoinimh féin nó smaoineamh na ndaltaí?

Is cinnte gur cuid de mo chleachtas mar mhúinteoir é.  Táimid anseo chun scileanna a theagasc, go háirithe chun tuiscint go bhfuil próisis smaointeoireachta ann chun cúnamh a thabhairt dóibh oibriú amach cén chaoi le tacaíocht a thabhairt do na próisis seo amach anseo iad féin. Ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar na fíricí.  Cé na daoine ar cuimhin leo aibhneacha agus sléibhte uile na hÉireann, is faoin gcaoi a bhfuil tú chun taighde a dhéanamh ar an eolas seo atá sé agus faoi do phróiseas smaointeoireachta maidir leis an gceist a fhiosrú atá tábhachtach.

Conas a thug Erasmus+ Permission to Wonder tacaíocht duit chun do chleachtas SSA a fhorbairt?

Thacaigh sé go mór liom mo chuid foghlama agus mo thaithí a chur ar leataobh agus a bheith oscailte do bhealach nua le dul i ngleic le teangacha. Mheas mé go raibh sé sin an-spéisiúil ós rud é go bhfuil an-dúil agam i dteangacha. Tá céim agam sa Fhraincis agus san Iodáilis, is iad an Béarla agus an Ghaeilge na hábhair is fearr liom a mhúineadh, agus is breá liom an ghramadach, mar sin bhí an chaoi a raibh mé ag streachailt leis na ceisteanna SSA ar dtús an-spéisiúil dom. D’airigh siad chomh Meiriceánach agus aisteach dom ach nuair a chonaic mé an corpas ollmhór taighde taobh thiar díobh agus fuair mé taithí phearsanta ar cé chomh héifeachtach is atá siad maidir le srian a chur ar chlaontacht nádúrtha an éascaitheora, d’athraigh mé m’intinn go hiomlán faoi. Ba mhór an sólás é freisin oibriú le healaíontóirí agus le gairmithe ealaíne den sórt sin a bhfuil taithí acu agus féachaint conas nár chuir m’easpa taithí isteach ar mo chumas seisiún SSA a éascú. Ar deireadh, ba thaithí an-tuirsiúil ach an-iontach a bhí ann ar leibhéal pearsanta. Airím go ndearna mé dul chun cinn mar dhuine aonair agus gur spreagadh mo ghrá don fhoghlaim arís. Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt.

Foilsithe

31/10/2019

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath