ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Liz Coman, Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Éascaitheoir SSA


Image copyright: Dublin City Arts Office - Art Teacher Anne Moylan with pupils from Hartstown Community School.

Cóipcheart íomhá: Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath - Múinteoir Ealaíne Anne Moylan lena scoláirí ó Phobalscoil Bhaile an Hartaigh.

Liz Coman

Is Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í Liz Coman.  Is éascaitheoir cáilithe Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc le SSA/USA í agus chuir sí oiliúint chomh fada le leibhéal cóitseála i gcrích.  Tá sí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán Erasmus+ Permission to Wonder - togra AE do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ag tástáil chonair oiliúna VTA le hoidí sa seomra ranga agus i dtimpeallachtaí gailearaí. Tá cúlra Stair Ealaíne agus Staidéar Músaeim ag Liz agus taithí cúig bliana déag aici ar thograí nuálacha a dhearadh a thacaíonn leis na healaíona, oideachas agus foghlaim.  Bhí sí i gceannas ar oiliúint i gcuir chuige atá á dtreorú ag fiosrúcháin chun idirghabháil a dhéanamh ar shaothar ealaíne d’éascaitheoirí amharc-ealaíne san Áirc, Ionad Cultúrtha do Leanaí, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, agus An Duais Turner, Doire agus cuireann sí meantóireacht ar fáil go leanúnach d’ealaíontóirí, oidí ealaíon agus múinteoirí aonair.

Ag Seasamh Siar - Erasmus+ Permission to Wonder i Seomra Ealaíne Iar-Bhunscoile

 

Comhrá le hAnne Moylan, Múinteoir Ealaíne, Pobalscoil Bhaile an Hartaigh, Cluain Saileach, Baile Átha Cliath 15.

Mhúin mo chuid taithí le SSA dom nach próiseas líneach é tacú le fíorchleachtas SSA, dár gcuid oidí, dár scoláirí ná dom féin.  Éiríonn go maith leis má bhíonn spiorad an chomhoibrithe, am, agus roinnt acmhainní ann chun rochtain a fháil ar oiliúint agus tuiscintí ar an modh a roinnt.

In 2016, reáchtáil Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath cur chuige comhpháirtíochta ar bhonn píolótach leis an CNCM chun an chonair oiliúna SSA a thástáil le grúpa oidí Éireannacha ó chúlraí éagsúla - oidí gairmiúla ó thimpeallachtaí luath-óige; múinteoirí sheomraí ranga bunscoile; múinteoirí meánscoile (ealaíne); oidí ealaíne (saoroidí músaeim agus gailearaí, lena n-áirítear ealaíontóirí teagaisc). Thug sé tacaíocht d’oidí gairmiúla oiliúint a fháil ar Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc trí Bhabhtaí Oiliúna do Thosaitheoirí agus ag Ardleibhéal a dhéanamh, le Stiúrthóir an Chláir SSA/USA, Yoon Kang O’Higgins. Leathnaigh Erasmus+ Permission to Wonder an cur chuige seo chomh fada le sé pháirtí Eorpacha, a thug an deis dúinn cur lenár gcuid tuisceana ar thuras cleachtais SSA na n-oidí trí chreat measúnú taighde a raibh ár bpáirtithe, SSA Nederland, i gceannas air.  Is é an tionchar atá beartaithe ná, trí thacú le hoidí, beidh fáil ag gasúir agus daoine fásta ar dheiseanna don smaointeoireacht chriticiúil & don tsaoránacht mhachnamhach; spreagfar go gníomhach iad chun go mbeadh muinín acu as a gcuid tuairimí féin agus go mbeidís oscailte i leith smaointe daoine eile; aireoidh siad go bhfuil meas ar a gcuid tuairimí agus go bhfuil tábhacht ag baint leo i ndéileáil le léiriú amhairc.

Tá go leor athruithe á gcur i bhfeidhm ag athdhearadh curaclaim na meánscoile in Éirinn le blianta beaga anuas. Leagann an tSraith Shóisearach ‘nua’ béim ar fhorbairt iomlánaíoch na scoláirí, ag nascadh réimsí ábhair, agus ag athrú na staire as cuimse de ‘eolas a thabhairt’ i dtreo tacú le scileanna saoil na scoláirí chun iad a réiteach i gcomhair domhan atá ag athrú go hiomlán ar luas lasrach ó thaobh na teicneolaíochta de.  Is athrú é seo a gcuirtear fáilte roimhe, agus a bhfuiltear ag súil leis le fada sa réimse a sháraíonn an bhearna idir na healaíona, an t-oideachas agus an fhoghlaim. Spreagann sé ceisteanna dúshlánacha freisin. Meas tú céard a tharlaíonn dáiríre sa seomra ranga nuair a ‘sheasaimid siar’ agus tugaimid tacaíocht dár gcuid scoláirí chun bheith ar thús cadhnaíochta?  I mo chomhrá le hAnne Moylan, múinteoir ealaíne meánscoile, agus oide atá ag glacadh páirt in Permission to Wonder, déanaimid plé ar an gcaoi ar thug a cuid oiliúna SSA tacaíocht don athrú ina cleachtas teagaisc agus ar cuireadh lena cuid feasachta ar an bhfiúntas a bhaineann le ‘seasamh siar’ dá scoláirí.

Cén tionchar atá ag SSA ar do chleachtas teagaisc?

Dom féin, baineann an modh go mór le seasamh siar.  Shimpligh sé an próiseas breathnú ar phictiúr, ar rud, ar dhealbh, ar phíosa cóimeála, den chéad uair.  Chun an cheist a chur - céard atá ar siúl sa saothar seo? - agus ansin cloisteáil faoin méid a fheiceann na scoláirí agus an méid a shíleann siad faoi. Bíonn do chuid eolais féin agat i gcónaí ach i bplé SSA ar íomhá caithfear seasamh siar uaidh sin.  Is faoi ligean dóibh tú a thabhairt ar aon chineál turais lena gcuid tuairimí atá sé.

Is mór an t-iontas é nuair a chuireann siad rud ar do shúile nár smaoineamh tú faoi nó nach raibh ar eolas agat cheana féin. Ba cheart a bheith ullamh chun gabháil leis an sruth agus dá bhrí sin, athraíonn do ról go hiomlán le do chuid scoláirí. Is féidir naisc a chruthú, ráitis agus téamaí a cheangal, ag forbairt thuras a gcuid tuairimí faoin saothar ealaíne i gcónaí. Ar dtús, ba dheacair dom é seo a dhéanamh. Uaireanta, feicfear go bhfuil déagóirí ciúin nó go bhfuil faitíos orthu go ndéanfaidís botún.  Éiríonn sé sin níos éasca le taithí agus cleachtadh mar go dtéann na scoláirí i dtaithí ar an bpróiseas le himeacht ama.

Nílimid ag breathnú ar íomhánna ar chúrsa stair na healaíne. Is íomhánna iad seo ó shuíomh gréasáin an SSA/USA nó an togra Permission to Wonder, a roghnaíodh go sonrach le húsáid i bplé íomhá SSA. Is íomhánna iad seo nach bhfuil cleachtadh agam féin orthu. Mar sin, tá sé ina dhúshlán dom. Spreagann sé seo mé.

Tá páirtithe *Permission to Wonder ag tógáil agus ag déanamh tástáil ar bhanc íomhá lonnaithe san Eoraip go háirithe le húsáid laistigh de thogra na n-oidí.  Beidh sé seo ar fáil gan mhoill ar shuíomh gréasáin an togra www.permissiontowonder.com. Tógadh na híomhánna eile a ndearnamar cleachtadh leo ó churaclam íomhá SSA/USA d’aoisghrúpaí ar leith agus tá siad ar fáil ag https://vtshome.org/

Céard a thug tú faoi deara a tharla do do scoláirí i bplé íomhá SSA?

Go minic, i seisiún SSA, feictear go mbíonn go leor le rá ag scoláirí faoi shaothar de réir a chéile, scoláirí a bhíonn an-chiúin de ghnáth. Ní labhródh cuid de na scoláirí seo riamh, fiú i rang praiticiúil ealaíne. Ansin taispeántar íomhá dóibh, rachaidh rud éigin san íomhá sin i bhfeidhm orthu, agus beidh an-fhonn orthu insint duit céard a fheiceann siad inti.

Tá roinnt mhaith scoláirí agam nach é an Béarla an chéad teanga acu. Bíonn deacrachtaí acu iarracht a dhéanamh a rá céard atá siad ag breathnú air ina ndara teanga. Ach mar sin féin tugann SSA an spás dóibh é sin a dhéanamh.  Tá an t-atmaisféar an-suaimhneach. Sin é an t-athrú domsa.  Seachas fíricí, dátaí agus eolas faoi shaothar ealaíne a thabhairt dóibh, tá tú ag fanacht le fáil amach an méid ar mhaith leo a rá faoi, thar aon ní eile.

Le SSA, tá ceangal á dhéanamh agat lena ndomhan. Ceadaíonn SSA an spás chun go ndéanfaidh a ndomhan ceangal le saothar ealaíne agus go deimhin liomsa, mar dhuine ó ghlúin eile. Breathnaíonn tú isteach ina n-intinn. Dá bhrí sin, d’fhéadfá íomhá a thaispeáint dóibh agus d’fhéadfadh téama na meabhairshláinte nó ceisteanna teaghlaigh teacht aníos ina gcuid cainte. Ar ndóigh caithfear a bheith cúramach agus bheith in ann ag an bplé, gan chúbadh nó ionadh a léiriú.  D’fhéadfadh an méid a deir siad mearbhall a chur ort.  Mar sin tá sé tábhachtach fanacht neodrach agus an spás a choinneáil sábháilte do scoláirí. Cabhraíonn oiliúint SSA foghlaim cén chaoi leis seo a dhéanamh go héifeachtach.  Cheapfá scaití go bhfuil siad ag caint faoina saol féin, ach níl, tá siad ag caint faoi shaothar ealaíne.

Is tusa éascaitheoir an phlé gan amhras. Go minic bheadh scoláirí, ag rá liom ‘Cathain is féidir linn é seo a dhéanamh arís?’

An ndearna tú cleachtadh SSA le híomhánna atá ar chúrsa stair na healaíne?

Rinne, mar shampla, le Arnolfini Wedding de chuid Jan Van Eyck. Nuair a chuirtear an chéad cheist - céard atá ar siúl sa saothar seo? - freagraítear “Tá gach rud ar eolas agam faoi seo, rinneamar staidéar air seo sa reiligiún/rinneamar staidéar air sa stair”. Is íomhá í seo a bhfuil beagán aithne acu uirthi. Tá siad ar tí an méid a múineadh dóibh a insint. É sin ráite, nuair a éiríonn leat an plé a stiúradh trí athleaganacha faoi choinníoll a thabhairt agus ‘Céard eile is féidir linn a aimsiú?’ neartaítear a gcuid rannpháirtíochta san obair. Cé go gceapann siad go bhfuil gach ar féidir a bheith ar eolas acu faoi ar eolas acu, athdhírítear a n-aird ar ais ar an íomhá. Neartaítear a n-aird agus stiúrtar a gcuid súl ar ais ar bhunghnéithe an phictiúir.

‘The Arnolfini Wedding’ le Jan van Eyck

https://www.nationalgallery.org.uk/paintings/jan-van-eyck-the-arnolfini-portrait

Mar chuid de stair na healaíne a theagasc, tapaím an deis chun na scoláirí a thabhairt go dtí gailearaithe i mBaile Átha Cliath.  Bíonn sé de nós ag na treoraithe an turas a threorú le haon ghlór amháin - glór an treoraí. Mar mhúinteoir ealaíne, ba mhaith liom go mbeadh a fhios acu gur féidir siúl isteach i ngailearaí in aon chathair, gan íoc, is féidir dul isteach, dhá shaothar a fheiceáil, agus siúl ar ais amach. Le SSA agus na trí cheist, is creat é dóibh le húsáid chun breathnú ar shaothar ealaíne, is cuma cén áit a bhfuil siad nó cén saothar ealaíne a bhfuil siad ag breathnú air.

An féidir leat cuimhneamh siar phlé íomhá SSA a thaitin go mór leat?

D’úsáid mé SSA leis na bliainghrúpaí ar fad. É sin ráite, is cuimhin liom plé SSA amháin le grúpa scoláirí sa séú bliain go háirithe, ag deireadh na bliana, i mí Bealtaine. Bhíomar críochnaithe leis an gcuid phraiticiúil den ullmhúchán don scrúdú. Leis an séú bliain, níor mhaith leat iallach a chur ar aon duine labhairt. Tá sé ceart go leor murar mhaith leo rud ar bith a rá.  Mar sin féin, bhí buachaill amháin ón tSín sa seisiún seo. Bhí an oiread le rá aige faoi íomhá ar leith. Nasc sé í lena thír féin. Péintéireacht a bhí ann, le pailéad gealbhuí agus léiríodh na gasúir uilig leis na ciarsúir dhearga seo. Chonacthas do na gasúir Éireannacha gur ghasóga iad, nó gur bhaill de ghrúpa nó de chlub iad. Chuaigh an buachaill seo i dtreo iomlán difriúil. D’inis sé gurb é seo mar a bhíonn cúrsaí sa tSín, ar scoil. Labhair sé faoina thaithí féin. Labhair sé ar feadh cúpla nóiméad agus thug na scoláirí eile bualadh bos dó. Dúirt cailín sa ghrúpa leis ‘i gcaitheamh na mblianta uilig a chaith tú ar an scoil seo, ba é sin an méid is mó cainte a chuala mé uait riamh’.  Mar sin is é sin an cineál eispéiris dhomhain ar féidir liom cuimhneamh air a d’eascair ó na cainteanna íomhá SSA.

‘Mask Series No. 6’ le Zeng Fanzhi,

https://muse.union.edu/aah194-wi19/2019/01/30/zeng-fanzhi-mask-series-no-6/

Cén chaoi a gcuireann SSA le curaclam ealaíne na Sraithe Sóisearaí?

I gcuraclam ealaíne nua na sraithe sóisearaí, tá an-tábhacht ag baint le glór an scoláire.  Is éard atá i gceist leis ná seasamh siar agus cead a thabhairt don scoláire tabhairt faoin obair, a bpróiseas foghlama féin a stiúradh.  Ní chiallaíonn sé seo go bhfuil do phost níos éasca. Laistigh den struchtúr measúnaithe atá bunaithe sa seomra ranga, tá gá le go leor machnaimh, cuir in iúl agus stór focal físiúil a thógáil do mhúinteoirí agus do na scoláirí.  Is ionann an t-athrú ná go gcuirtear an fhoghlaim agus an cur síos ar an bpróiseas foghlama faoi úinéireacht an scoláire arís.  Dá bhrí sin, caithfear atmaisféar an tseomra ranga a éascú ionas go mbaintear é sin amach.

An méid a bhfuilimid go léir neirbhíseach faoi ná gur deacair measúnú a dhéanamh air seo. Tá sé deacair do scoláirí agus do thuismitheoirí an t-athrú béime seo a thuiscint. Thug mé plé íomhá SSA mar obair bhaile do na scoláirí chun é a thriail lena dtuismitheoirí.  Thóg siad an creat agus d’úsáid siad é chun breathnú ar aon shaothar ealaíne nó ar aon phíosa eolais fhísiúil lena dteaghlach. Bhí iontas ar na scoláirí faoin méid a thug a dtuismitheoirí faoi deara agus na comhráite faoin saothar ealaíne sa bhaile. Bainim úsáid as le mo theaghlach féin agus éiríonn go hiontach leis!

Conas a chabhraigh an Erasmus+ Permission to Wonder leat do chleachtas SSA a fhorbairt?

Is mór agam gur ghlac mé páirt in Permission to Wonder. Mar mhúinteoir ealaíne i scoil, seans gur tusa an t-aon mhúinteoir ealaíne amháin. D’fhéadfá a bheith i d’aonar, i do dhomhan cruthaitheach féin.  Tá tú chomh gnóthach ó lá go lá le hobair thionscadail. Tá sé dochreidte teacht amach as sin le SSA agus an deis a bheith agat bualadh le hoidí eile - breathnú ar shaothar ealaíne leo ag baint úsáid as formáid dhifriúil. Tá go leor le foghlaim uaidh agus is deas é mar athrú. Tá ceathrar oidí againn ann ó Bhaile Átha Cliath agus táimid uilig ag teacht ó chúlraí iomlán éagsúla - gailearaí, ealaíontóir, bunscoil agus meánscoil. Bhí sé iontach páirt a ghlacadh inár ngrúpa Éireannach féin. Thugamar cúnamh dá chéile iniúchadh a dhéanamh ar ár gcomhthéacs féin agus breathnú ar a gceann. Thaitin an comhoibriú go mór liom agus bhí sé spreagúil a bheith ag plé na healaíne le daoine eile.

Bhí na babhtaí oiliúna tomhaiste amach go han-mhaith. Sa Bhabhta Oiliúna do Thosaitheoirí, bhí trí cheist ann. Ach caithfear iad a fháil i gceart, agus san ord ceart, cuimhneamh ar an bhfoclaíocht chruinn, agus bhí sé sin deacair dom ar dtús.  Dúshlán a bhí ann freisin foghlaim cén chaoi le hathleagan a thabhairt go beacht.  Tá go leor scile ag teastáil dó sin. Sa Bhabhta Oiliúna Ardleibhéil, thaitin sé go mór liom a bheith ag foghlaim faoi ráitis a nascadh agus a fhrámú. An chaoi ar féidir leatsa, mar éascaitheoir, ráitis a nascadh agus an fhoghlaim a thógáil sa ghrúpa. Bhain mé sult as an oiliúint agus tuigim gur fúm féin atá sé tacú le mo chleachtas féin agus mé féin a choinneáil spreagtha agus SSA in úsáid.

Céard é an chéad rud eile ar mhaith leat a bheith ag obair air i do chleachtas SSA?

Rinne mé seisiún SSA le rang sochaí agus polaitíochta. Ní raibh aon duine de na scoláirí ina scoláire ealaíne. Bhreathnaíomar ar íomhánna a roghnaigh mé, ag breathnú ar an bpolaitíocht agus ar an tsochaí go háirithe - cine, ceisteanna na hóige, inscne etc. D’éirigh go hiontach le SSA sa rang seo. Bhí an oiread le rá ag na scoláirí agus spreag na híomhánna comhráite géarchúiseacha. Tá spéis agam sa chaoi ar féidir SSA a úsáid i réimsí ábhair eile agus sa chaoi ar féidir liom cúnamh a thabhairt do mhúinteoirí eile SSA a nascadh lena n-ábhair inár scoil.

Foilsithe

25/6/2019

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath