ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Liz Coman, Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Éascaitheoir SSA


Artist Kathryn Maguire with artwork by Anita Groener

Ealaíontóir Kathryn Maguire in éineacht le saothar ealaíne le Anita Groener

Liz Coman

Is Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í Liz Coman.  Is éascaitheoir cáilithe Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc le SSA/USA í agus chuir sí oiliúint chomh fada le leibhéal cóitseála i gcrích.  Tá sí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán Erasmus+ Permission to Wonder - togra AE do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ag tástáil chonair oiliúna VTA le hoidí sa seomra ranga agus i dtimpeallachtaí gailearaí. Tá cúlra Stair Ealaíne agus Staidéar Músaeim ag Liz agus taithí cúig bliana déag aici ar thograí nuálacha a dhearadh a thacaíonn leis na healaíona, oideachas agus foghlaim.  Bhí sí i gceannas ar oiliúint i gcuir chuige atá á dtreorú ag fiosrúcháin chun idirghabháil a dhéanamh ar shaothar ealaíne d’éascaitheoirí amharc-ealaíne san Áirc, Ionad Cultúrtha do Leanaí, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, agus An Duais Turner, Doire agus cuireann sí meantóireacht ar fáil go leanúnach d’ealaíontóirí, oidí ealaíon agus múinteoirí aonair.

“Is scátháin muid” – Erasmus+ Permission to Wonder 

Comhrá le hAmharc-Ealaíontóir, Kathryn Maguire

Is modh é Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc atá bunaithe ar thaighde, bunaithe ar obair dhochtúireachta de chuid Abigail Housen (Comhbhunaitheoir SSA) agus a taighde ar fhorbairt aeistéitiúil. Dhírigh taighde Housen ar an gceist - ‘Céard a Tharlaíonn go Cognaíoch Nuair a Bhreathnaíonn Tú ar Shaothar Ealaíne?’  Cheap a modheolaíocht ‘Agallamh Forbartha Aeistéitiúla’ chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a dtuigeann agus a mbaineann réimse breathnóirí éagsúla ciall as an saothar ealaíne céanna.   Leis na sonraí seo, agus ag baint leas as teoiricí foghlama tógachaithe, go háirithe Lev Vygotsky agus Jean Piaget, dhear sí teoiric chéime don fhorbairt aeistéitiúla.  Choinnigh a teoiric chéime súil ar ghnéithe comónta de chúig chéim.  Dar le Housen, tá tábhacht ag baint le gach céim ó nádúr.  Ní féidir céim ar bith a bhrostú nó a sheachaint. Tarlaíonn dul chun cinn le cleachtadh rialta arís agus arís eile ar ealaíon a fheiceáil.  Ina comhoibriú le Philip Yenawine agus MOMA, Nua Eabhrac, d’aithin taighde Housen gur breathnóirí chéim 1 & 2 iad formhór de chuairteoirí a fhreastalaíonn ar an músaem agus ar a chláir.  Tugann breathnóirí chéim 1 & 2 breithiúnas ar shaothar ealaíne bunaithe ar an méid atá ar eolas acu agus a thaitníonn leo, agus d’fhéadfadh an chosúlacht a bheith ar a gcuid tuairimí go bhfuil siad leithleach agus samhlaíoch, agus tá a gcuid tuairimí féin acu ar céard atá réalaíoch agus cuirtear an caighdeán seo i bhfeidhm chun luach a shocrú go minic.  Is scéalaithe iad breathnóirí chéim 1&2, mar gur foghlaimeoirí aeistéitiúla iad.  Is modh uilíoch í an scéalaíocht chun ciall a chruthú. Is gá le smaointeoireacht chriticiúil, machnamh pearsanta, machnamh a dhéanamh ar scata féidearthachtaí, cumarsáid agus díospóireacht mheasúil chun ciall a chruthú.

Ba é droim a thabhairt le seanchleachtais teagaisc cuid den dúshlán dom. B’éigean dom...paraidím nua a fhoghlaim, ceann a chuir daoine chun tosaigh ar an ealaíon, ceann nár dhírigh ar an gcumasú amháin ach ar dhaoine a mhealladh. B’éigean dom seasamh siar ón méid a shíl mé gur cheart do dhaoine a fhoghlaim, chun modh teagaisc/foghlama a chruthú a thabharfadh cúnamh dóibh barr a gcumais a bhaint amach ag am ar bith. – Philip Yenawine

Deir na hamharc-ealaíontóirí gairmiúla SSA linn, a bhfuil oiliúint i Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc déanta acu linn, gur féidir le SSA creat úsáideach a thabhairt dóibh chun breithmheas criticiúil a dhéanamh ar a gcuid saothair ealaíne féin atá ag forbairt. Is uirlis í atá ábalta eolas a thabhairt dá dtuiscint ar éagsúlacht na dtuairimí a bheidh ag an lucht féachana faoin saothar ealaíne.  D’fhéadfadh sé seo a bheith ina ionchur luachmhar i bhforbairt saothair ealaíne sula gcuirtear i ngailearaí nó in áit phoiblí é.  Tuairiscíonn amharc-ealaíontóirí ar chuireamar oiliúint orthu, agus atá ag cur SSA i bhfeidhm mar chuid dá gcleachtas, go háirithe i scoileanna, gurb í neodracht agus críochnúlacht an mhodha SSA an dúshlán is mó dóibh.  Domsa, tá sé seo go hiomlán sothuigthe. Nuair a bhíonn grá agat don ealaín agus do shaol tiomnaithe dá staidéar agus dá cleachtas, ba mhaith leat do chuid eolais agus scileanna go léir a roinnt le do lucht féachana.  Tá na hamharc-ealaíontóirí a mbímid ag obair leo an-fhlaithiúil agus an-tiomanta bheith ag roinnt lena lucht féachana.  É sin ráite, bíonn an t-am agus an tacaíocht chuí chun é seo a dhéanamh an-teoranta de ghnáth.

Laistigh de scoileanna, seans nach mbíonn ann ach deis amháin - an t-aon chuairt ranga amháin ar ghailearaí sa bhliain.  Nó d’fhéadfadh scoil nó ealaíontóir tacaíocht a fháil le haghaidh roinnt seisiún nó cónaitheacht mheántéarmach. Ag cloí le teoiric Housen, is féidir linn a mholadh go gceadaíonn tuilleadh ama rialta agus tacaithe d’ealaín agus d’ealaíontóirí le bheith ag obair le scoláirí deis níos mó chun an dul chun cinn agus an fhoghlaim aeistéitiúil a leabú.  Chomh maith leis an teorainn ama, níl mórán deiseanna oiliúna ann d’ealaíontóirí chun tuiscint a fháil ar an oideolaíocht, ar an gcuraclam agus ar chéimeanna forbartha na ngasúr agus na ndaoine óga de réir aoise, cumais agus traidisiúin chultúrtha. Dá bhrí sin, tá an scil a bhaineann le ciall a bhaint as an amharc-ealaíon le gasúir agus daoine óga a éascú, do go leor ealaíontóirí, bunaithe ar a bpróiseas follasaithe féin agus ar an gcaoi a dtagann an follasú chun cinn ina gcleachtas.

Tá cleachtas Kathryn Maguire bunaithe ar an eolaíocht, an stair agus an domhan sóisialta.  Bíonn sí ag obair i réimse na healaíne pobalghníomhaí, dá bhrí sin, seachas saothar ealaíne a dhéanamh ina haonar, forbraíonn sí saothar ealaíne leis an bpobal ar bhealach a léiríonn meas ar na réimsí a thugann inspioráid di agus ar leas dílsithe an phobail ina gcomharsanacht araon.  Tá scileanna comhoibrithe éifeachtúla ag Kathryn a cheadaíonn spás do shaineolaithe agus d’eolas ó chúlraí agus ó fhoinsí éagsúla chun eolas a thabhairt d’fhorbairt a cuid oibre. Is dealbhóir í, agus tá saineolas aici ar an dealbhóireacht shóisialta go háirithe.   Baineann sí úsáid as scátháin go rialta ina cuid oibre agus tuigeann sí an fiúntas a bhaineann le scátháin a úsáid mar uirlis mhachnaimh, a oibríonn chomh maith céanna sa ghailearaí/músaem agus taobh amuigh, sa nádúr.  Is sampla de seo é saothar ealaíne Kathryn ‘Us’ Again - bothán ar snámh a bhfuil scátháin air, cruthaithe in 2013, i gcomhpháirt le Bothán na bhFear lonnaithe in Ionad Pobail San Aindrias in Rialto mar chuid de chónaitheacht Maguire ag 468 Common Ground.

[caption id="attachment_4918" align="aligncenter" width="800"]Image of ‘Us’ Again -Kathryn Maguire Íomhá de ‘Us’ Again -Kathryn Maguire[/caption]

Rinne an bothán, déanta go hiomlán as scátháin, turas feadh na Canálach Móire, Baile Átha Cliath, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an uiscebhealach ar an obair agus ar an bhfóillíocht in Rialto agus mar thaispeántas agus machnamh ar an bpobal agus ar an gcosúlacht.  Tugann bothán scáthánaithe Kathryn eolas dá cleachtas inniu, de réir mar a leanann sí uirthi ag fiosrú an mhéid atá cosúil eadrainn féin agus ár dtimpeallacht.

Céard a shíleann tú a chuireann SSA le do chleachtas mar ealaíontóir?

Mar ealaíontóir, airím cosúil le hiriseoir iniúchta scaití.  Bailím eolas agus faisnéis agus athraím ina saothar ealaíne iad. Is uirlis chumhachtach í SSA domsa, mar fhoghlaimeoir. Táim i gcónaí ag foghlaim mar sin ceadaíonn SSA do mo chuid eolais a bheith luaineach. Tá sé thar a bheith tábhachtach domsa, i mo shaol, agus mar ealaíontóir, go mbíonn níos mó ná freagra amháin ann. Ceadaíonn éascaíocht a dhéanamh ar SSA dom éisteacht le smaointe difriúla ó gach duine, fanacht neodrach, agus gan glacadh le tuairim amháin nó ceann eile. Tá sé thar a bheith tábhachtach coinneáil ort ag éisteacht le gnéithe difriúla go léir an chomhrá.  Tagaimid uilig leis an méid sin eolais shinsearaigh. B’fhéidir trí am agus spás a chur ar fáil do pheirspictíochtaí difriúla, tá súil agam go n-aimseoimid comhthuiscint éigin.  I ndeireadh na dála seo é an rud a choinníonn spreagtha mé – cuardach ár gcosúlachta. Is é sin an fáth a mbím fós ag obair le scátháin - is scátháin muid.  Mar ealaíontóir, airím gur am an-tábhachtach é an t-am i láthair.  Tá deis iontach ag ealaíontóirí breathnú níos géire, ansin an t-eolas sin a thógáil agus saothar ealaíne a dhéanamh as agus ansin an saothar ealaíne sin a thógáil agus dul go dtí an lucht féachana – is éifeacht na ndúradán séimh, luaineach é.

Céard a thug tú faoi deara a tharla i do chuid oibre le scoileanna agus gailearaithe le linn cainteanna íomhá SSA? 

Is Ealaíontóir Cónaitheach mé faoi láthair le Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Ráth Fearnáin (RETNS). Rinne mé plé SSA treoraithe le deireanas le gasúir 5ú bliain na scoile ag The LAB Gallery agus taispeántas dochreidte Anita Groener ‘The Past is a Foreign Country’. Thug mé faoi deara go raibh na gasúir an-fheasach ó thaobh na timpeallachta de, bhí siad ábalta an tuiscint a bhí acu uirthi a chur in iúl go fíorshoiléir, thuig siad mura bhfuil an timpeallacht ag teacht le chéile, nach bhfuil sé sin go maith dúinne ach an oiread. Rinne siad mo chuid smaointeoireachta féin, go bhfuilimid uilig mar chuid den éiceachóras céanna, a scáthánú. Is taispeántas an-ghoilliúnach é seo, a fhiosraíonn an imirce agus géarchéim na himirce sa tSiria. Níorbh éigean dom insint do na gasúir céard a bhí i gceist leis an saothar.  Níorbh éigean dom script a thabhairt dóibh.  Bhí an script istigh iontu cheana féin.  Ní raibh ag teastáil ach í a tharraingt amach go séimh.  Cheadaigh SSA am dúinn, agus moilliú, breathnú go géar, bheith compordach sa chiúnas.  Bíonn an oiread sin clabaireachta, fón nó am scáileáin inár saol gur rud iontach é a bheith díreach ag éisteacht agus ag cumarsáid lena chéile.  Tarlaíonn an rud iontach seo nuair a bhímid ag cumarsáid le linn sheisiún SSA agus nílim cinnte go fóill céard é an ‘rud’ sin.  Is ionann an ‘rud’ seo agus an méid a thug Permission to Wonder dom mar dhuine agus mar ealaíontóir.

An féidir leat cuimhneamh siar ar Phlé Íomhá SSA a thaitin go mór leat?

Táim tar éis a bheith ag tástáil an Churaclaim Íomhá SSA agus na n-íomhánna Permission to Wonder do bhanc íomhá an tionscadail.  Táim tar éis a bheith ag déanamh cleachtadh ar SSA leis na híomhánna trialacha i Scoil Mhuire, Marino agus Scoil Bhuachaillí San Uinseann.

Roinnt aiseolais ar na seisiúin SSA le Kathryn ó bhuachaillí rang a 3 Scoil Mhuire, Marino, bailithe ón múinteoir, Jennifer Gormley

‘Bhain mé an-taitneamh as agus thaitin sé liom nach raibh sé bunaithe ar ealaíontóir amháin. Thaitin sé liom gur cuireadh ceist orainn céard a cheapamar faoin bpictiúr.’

‘Bhí sé an-deas agus thaitin an bealach ar leagadh amach é liom, mar shampla na ceisteanna a cuireadh orainn.’

‘Bhí sé an-spraíúil. Thaitin sé liom a bheith ag breathnú ar na pictiúir agus insint céard a cheap mé fúthu.’

‘Cheap mé go raibh na pictiúir go han-mhaith agus bhain mé taitneamh as ceisteanna a fhreagairt.’

Ón tástáil íomhá seo measaim go bhfaigheann Creation of the Birds’ 1957 de chuid Remedios Varo freagairt an-láidir, is cuma cén aois agus cén chéim atá i gceist.

B’eispéireas speisialta eile a bhí sa seisiún Wonder Club le saothar ealaíne de chuid Patrick Scott i nDánlann Hugh Lane.  D’athraigh an plé ó phlé reiligiúnach meafarach go díospóireacht reiligiúnach agus pholaitiúil níos polaraithe.  Ba údar mór iontais é seo mar gur feithicil é an pictiúr álainn teibí do dhaoine fásta chun eolas a chur i bhfocail, mar aon le claontachtaí, a raibh orm idirbheartaíocht a dhéanamh fúthu leis an ngrúpa.  Seans gurb é an rud is luachmhaire le daoine fásta, go mbíonn fáil agat ar chuimse eolais na ndaoine mar gheall ar a saol caite.

***Is seisiúin mhíosúla SSA é Wonder Club do dhaoine fásta a bhíonn ar siúl i nGailearaí Bhaile Átha Cliath, An Hugh Lane agus The LAB Gallery

Conas a thug Erasmus+ Permission to Wonder tacaíocht duit chun do chleachtas SSA a fhorbairt?

Dhéanfainn cur síos ar chleachtas SSA mar mhatán a bhfuil gá aclaíocht a dhéanamh leis.   In Permission to Wonder, bhí an mhuinín laistigh den ghrúpa oidí, agus an aire laistigh den ghrúpa comhpháirtí an-speisialta.  Bhí láidreacht chiúin ann sa tacaíocht seo a bhí an-chothaitheach dom chun mé féin a bhrú amach gan a bheith róchompordach, agus éirí níos muiníní sa bhealach a stiúraim seisiún SSA. Bhí na hábhair thacaíochta lóistíochtúla a cuireadh ar fáil dom an-tábhachtach.  Thug rochtain airgeadais ar an oiliúint san Eoraip agus ansin tacaíocht a tugadh do mo chleachtas sa bhaile sna scoileanna agus gailearaithe an deis dom an mhuinín seo a chothú.  Mar thoradh air sin, tá deiseanna oibre i ngailearaithe agus i scoileanna dom ag dul i méid.  Le bliain anuas, bhí an t-ádh dearg orm a bheith ag obair le The LAB Gallery,  Dánlann Hugh Lane, IMMA, The Butler Gallery, Cill Channaigh agus thugadar go léir an-tacaíocht dom agus mé ag úsáid SSA mar chuid de mo chuid seisiún le grúpaí scoile.  Bainim úsáid as SSA ag tús mo sheisiún nach mór mar bhealach chun scoláirí a thabhairt isteach i spás inar féidir leo rúin na n-ealaíontóirí a shú isteach trí osmóis agus ansin forbróidh an seisiún as sin.   Déanaim seisiún SSA de ghnáth, tarraingt bhreathnaitheach ina dhiaidh sin, déanamh ruda níos foirmiúla sa seomra oideachais ina dhiaidh sin.  Feictear domsa nach mbíonn na scoláirí ag cóipeáil a chéile, nuair a bhíonn siad ag sceitseáil tar éis an tseisiúin SSA, tá siad níos mó muiníne acu as an mbealach a dtagann a gcuid smaointe féin amach as an saothar ealaíne.

Céard é an chéad rud eile ar mhaith leat a bheith ag obair air i do chleachtas SSA?

Measaim gurb é an rud is tábhachtaí ar cheart dom a bheith ag obair air ná fanacht neodrach.  Sílim gur féidir leis an ealaín go leor rudaí a tharraingt anuas do dhaoine, nochtaítear go leor tuairimí láidre, neart díospóireachta agus freagraí mothúchánacha chomh maith.   Caithfidh mé a bheith cúramach agus mo chuid barúlacha féin a choinneáil faoi smacht faoin bhfáth a ndéarfadh duine rud ar leith.  Caithfidh mé cuimhneamh, go bhfuil sé ceart go leor murar mhaith le ball an ghrúpa cur leis an bplé nó má tharraingíonn siad siar nó má bhíonn siad ciúin sa phlé.  D’fhéadfadh láidreacht an chiúnais léiriú go bhfuil cúis ann go bhfuil duine éigin ag fanacht ciúin, d’fhéadfadh rud éigin laistigh den íomhá nó den phlé drochmhothúcháin a mhúscailt sa duine sin. Tá go leor le foghlaim ón bpian, ach foghlaim le sábháilteacht agus cúram don ghrúpa a choinneáil ar d’aire freisin, agus súil a choinneáil ar an bhféinchúram dom féin chomh maith.  Labhraím le múinteoir i gcónaí ag tús seisiúin chun fáil amach an bhfuil orm a bheith cúramach le ball éigin de ghrúpa. Tá gá leis an gcumarsáid sin eadrainn féin mar oidí - idir an múinteoir agus an t-ealaíontóir - ionas go mbeidh cead ag an mbreathnóir a bheith ciúin nó cainteach, ag brath ar a riachtanas féin.

Bheinn ag súil le mo chleachtas SSA a bhrú amach níos faide.  Mo chuid éascaithe SSA a bhogadh amach as réimse na healaíne, isteach i réimsí eile ar nós na heolaíochta, na staire, na matamaitice.  Gur féidir liom é a bhogadh amach as domhan na healaíne agus isteach i réimsí eile an oideachais. Measaim go luíonn SSA i ndomhan na healaíne ach go bhfuil an tsolúbthacht agus an ábaltacht aige bogadh níos faide amach ó dhomhan na healaíne.

Foilsithe

28/8/2019

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath