ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Kieran Gallagher, Múinteoir Ealaíne Iar-Bhunscoile


Kieran Gallagher

Is múinteoir ealaíne é Kieran Gallagher i gColáiste Pobail Naomh Oilibhéar, Droichead Átha. Tá sé i gceannas ar rannóg mhór ealaíne. Ó d’aistrigh sé go dtí Coláiste Pobail Naomh Oilibhéar breis is trí bliana ó shin, tá naisc cothaithe aige leis an ngailearaí ealaíne áitiúil, Gailearaí Highlanes agus tá obair déanta aige ar roinnt tionscadal ealaíne lena chuid scoláirí agus leis an Stiúrthóir, Aoife Ruane. Bíonn Kieran ag cleachtadh a cheirde freisin, agus is ball de Stiúideonna Ormond é i mBaile Átha Cliath.

 

Sa chéad bhlag sa tsraith seo leis an múinteoir ealaíne iar-bhunscoile, Kieran Gallagher, foghlaímid faoi na tionscadail a bhfuil Kieran agus a chuid scoláirí ag comhoibriú orthu.

Blag Múinteora Ealaíne – Postáil Uimh. 1

Amhail gach múinteoir ealaíne, tréimhse ghnóthach agus bhisiúil a bhí ann le coicís anuas. Tá an scoilbhliain faoi lánseol; táim féin agus mo chuid scoláirí socraithe isteach go maith sa chéad téarma. Anuas ar na gnáthdhualgais a bhaineann le seomra ealaíne ar a bhfuilimid ag obair go cruthaitheach, chuamar ar thuras ealaíne chuig ‘Sculpture In Context’ le 56 scoláire sa chúigiú bliain, bhí oíche oscailte againn, measúnuithe mhí Dheireadh Fómhair, cruinnithe don taispeántas ‘In sense of place’ agus d’eagraíomar an feachtas #stateoftheart.

An tionscadal is spéisiúla ar a bhfuil mé ag obair le grúpa scoláirí sa chúigiú bliain ná tionscadal léirithe i gcomhpháirtíocht le Gailearaí Highlanes, Bailiúchán Ealaíne Chomhairle na Breataine, agus Coláiste Mhuire, Droichead Átha. A bhuí le roinnt tionscadal eile agus cuairteanna ar Ghailearaí Highlanes a tháinig an tionscadal seo. Tháinig a stiúrthóir, Aoife Ruane, chugam anuraidh leis an smaoineamh seo go léireodh scoláirí taispeántas mar chuid den cheiliúradh 10 mbliana ar an ngailearaí. Ó bhí mí na Bealtaine anuraidh ann, tá mé féin agus grúpa scoláirí ag bualadh lena chéile sa ghailearaí chun tús a chur leis an bpleanáil don taispeántas. Tá na scoláirí an-tiomanta don tionscadal, ag bualadh lena chéile faoi thrí i rith shaoire an tsamhraidh agus gach Déardaoin tar éis na scoile, ar feadh dhá uair an chloig, ó thús an téarma. Faoi láthair táimid ag roghnú saothar ealaíne don VAI, cártaí poist agus póstaeir, mar sin, coinnigh súil amach. Osclófar an taispeántas Dé hAoine, 25 Samhain. Déanfaidh mé níos mó de chur síos ar an tionscadal seo an chéad uair eile.

A bhuí leis an tionscadal thuasluaite, tá nasc déanta agam le scoil eile sa bhaile. Chuir siad grúpa WhatsApp ar bun agus táimid i mbun imeacht éigin a eagrú chun an feachtas #stateoftheart a chomóradh, feachtas atá ag díriú ar an gcuraclam ealaíne don Ardteistiméireacht agus ag cur na ceiste, cén fáth a bhfuil dearmad déanta ar an ealaín? Feictear domsa go bhfuil sé sin craiceáilte, go háirithe agus dordfhocail amhail cruthaitheacht agus nuáil á n-úsáid chomh forleathan sin. Is é príomhaidhm an fheachtais seo ná aird na Roinne Oideachais, na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, agus Choimisiún na Scrúduithe Stáit a tharraingt agus chun rud beag brú a chur orthu curaclam nua, comhaimseartha don Ardteist a chur i bhfeidhm; ceann a théann i ngleic leis an neamhréir idir curaclam agus scrúdú ealaíne na hArdteistiméireachta agus na riachtanais iontrála ag coláistí Ealaíne agus Deartha tríú leibhéal. Sa scoil s’againne, táimid chun na saothair ealaíne ar fad atá ar taispeáint sa scoil a chlúdach. Maidir leis an tionscadal comhoibríoch níos mó sa bhaile? Déanfaidh mé é a phlé an chéad uair eile.

Foilsithe

27/10/2016

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún