ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1: Kotryna Knystautaite agus Niamh Woods, Taispeántas Student Select


Student Select Exhibition Curators

Tá Kotryna Knystautaite ó Choláiste Pobail Naomh Oilibhéar, agus Niamh Woods ó Choláiste Mhuire, Na Glaschnoic, in éineacht le deichniúr scoláirí eile, ag obair i gcomhpháirtíocht le Gailearaí Highlanes i nDroichead Átha agus le Comhairle na Breataine mar chuid den taispeántas 'In Sense of Place: Student Select'. Roghnaigh agus léirigh na scoláirí a bhí páirteach taispeántas a bheidh ar siúl Dé hAoine, 25 Samhain 2017.

In Sense of Place: Student Select

Taispeántas faoi leith de shaothair ealaíne aitheanta ó Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Dhroichead Átha agus Bailiúchán Chomhairle na Breataine, roghnaithe agus léirithe ag scoláirí meánscoile i nDroichead Átha.

Tugann Comhairle na Breataine, Comhar Creidmheasa Dhroichead Átha, Droichead Átha-Baile an Bhiataigh-Baile Átha Troim tacaíocht do In Sense of Place. Cuireann Comhairle Contae Lú agus an Chomhairle Ealaíon maoiniú leanúnach ar fáil do Ghailearaí Highlanes.



Blag Scoláire – Uimh. 1

I dtreo lár na hIdirbhliana, dúirt ár múinteoirí ealaíne, Kieran Gallagher (Coláiste Pobail Naomh Oilibhéar) agus Áine Curran (Coláiste Mhuire), linn go mbeimis ag comhoibriú le taispeántas ealaíne a léiriú i nGailearaí Highlanes, anseo i nDroichead Átha. Sular thosaíomar ar an tionscadal seo, ní raibh mórán ar eolas againn faoin méid a bhíonn ar siúl ag léiritheoir; ná faoin méid oibre agus taighde a bhíonn i gceist le taispeántas a chruthú. Bhíomar inár n-ealaíontóirí i gcónaí, ach níor smaoiníomar riamh faoi bheith inár léiritheoirí. Bhíomar lán fiosrachta, suime agus sceitimíní ag an gcéad chúpla cruinniú ag Gailearaí Highlanes – agus neartaigh na mothúcháin sin agus an taispeántas ag teannadh linn. Ag an gcéad chúpla cruinniú, bhreathnaíomar ar Bhailiúchán Chomhairle na Breataine sa tóir ar shaothar ealaíne a thaitin linn. Ansin, phléamar na cúiseanna ar thaitin na saothair seo linn; labhraíomar faoi na dathanna, na meáin agus an méid a spreag na híomhánna ionainn. Rinneamar liostaí den ealaín a bhí uainn agus sheolamar chuig Comhairle na Breataine iad. Faraor, ní raibh cuid den saothar ealaíne ar fáil – ach leanamar orainn go dtí gur aimsíomar saothair eile a thaitin linn.

Le linn an tsamhraidh, bhí deis againn dul go Baile Átha Cliath agus cuairt a thabhairt ar chúpla gailearaí ealaíne. Chuireamar le chéile ár gcuid taighde féin maidir le cur chuige na dturas, soilsiú agus lipéadú. Bheadh an t-eolas a bhailíomar bainteach lenár dtaispeántas féin agus bhí sé an-chabhrach breathnú ar an mbealach a reáchtáiltear na gailearaithe seo. Ba é An Hugh Lane, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath an chéad ghailearaí a thugamar cuairt air. Rinneamar turas tapa ach eolach mar bhíomar gann ar am. Ansin, thóg ár dtreoraí turais díograiseach ó Mhúsaem Beag Bhaile Átha Cliath ar thuras an-spéisiúil muid trí Fhaiche Stiabhna. Gailearaí Kerlin an chéad áit eile ar ár liosta. Bhíomar ar fad ar aon intinn go raibh an spás gailearaí go hálainn agus uathúil. As Gailearaí Kerlin, chuamar go dtí gailearaí comhaimseartha eile, Gailearaí Douglas Hyde. Ina dhiaidh sin, thugamar cuairt ar an RHA, a bhí lán de shaothair an-láidir. Bhí líníochtaí de chuid Leonardo da Vinci ar taispeáint sa Ghailearaí Náisiúnta ag an am seo agus bhí deis againn iad a fheiceáil. Ar deireadh, tugadh cuireadh dúinn freastal ar oscailt taispeántais in Farmleigh. Fuaireamar taithí shárluachmhar ón turas ar an méid a bheidh romhainn.

Nuair a d’aontaíomar an liosta deiridh de shaothar ealaíne, bhí orainn na saothair ar fad a nascadh le téama. Ar ámharaí an tsaoil, bhí iliomad téamaí i gceist leis na saothair a roghnaíomar. Bhí sé de phribhléid againn freisin saothair a roghnú ó bhailiúchán Ealaíne Bardasach Dhroichead Átha. Ansin, bhogamar ar aghaidh chuig cúram tábhachtach, an taispeántas a ainmniú. Rinneadh go leor moltaí cliste, ach i ndeireadh na dála, bhraitheamar go ndearna “In Sense of Place” cur síos ar an dearcadh a bhí againn ar na saothair ealaíne seo. Ní hamháin go raibh orainn na saothair ealaíne a thabhairt le chéile faoi théama amháin, ach bhí orainn na healaíontóirí a thabhairt le chéile chomh maith. Rinneamar an-chuid taighde ar chúlraí na n-ealaíontóirí seo, agus ar a saothar, a stíl agus a ngluaiseachtaí ealaíne.

Anois agus níos lú ná coicís ann go dtí an seó, tá méadú faoi dhó ar an obair, ach tá méadú faoi dhó freisin ar an díograis agus paisean atá againn.

Scríofa ag Kotryna Knystautaite agus Niamh Woods




Foilsithe

30/11/2016

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún