ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Kotryna Knystautaite, Taispeántas Student Select


Student Select Exhibition Curators

Tá Kotryna Knystautaite ó Choláiste Pobail Naomh Oilibhéar, agus Niamh Woods ó Choláiste Mhuire, Na Glaschnoic, in éineacht le deichniúr scoláirí eile, ag obair i gcomhpháirtíocht le Gailearaí Highlanes i nDroichead Átha agus le Comhairle na Breataine mar chuid den taispeántas 'In Sense of Place: Student Select'. Roghnaigh agus léirigh na scoláirí a bhí páirteach taispeántas a bheidh ar siúl Dé hAoine, 25 Samhain 2017.

In Sense of Place: Student Select

Taispeántas faoi leith de shaothair ealaíne aitheanta ó Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Dhroichead Átha agus Bailiúchán Chomhairle na Breataine, roghnaithe agus léirithe ag scoláirí meánscoile i nDroichead Átha.

Tugann Comhairle na Breataine, Comhar Creidmheasa Dhroichead Átha, Droichead Átha-Baile an Bhiataigh-Baile Átha Troim tacaíocht do In Sense of Place. Cuireann Comhairle Contae Lú agus an Chomhairle Ealaíon maoiniú leanúnach ar fáil do Ghailearaí Highlanes.



An Áit a Shroicheadh

Tá sceitimíní seasta orainn ar fad anois. Tharla go leor rudaí le coicís anuas, ach nuair a tháinig an leoraí seachadta, fíoraíodh an obair ar fad a chuireamar isteach sa taispeántas seo.

Tháinig na saothair ealaíne i gcrátaí beachta, dea-thógtha, ar ghorm na spéire. Nuair a chonaiceamar an imir galánta den ghorm, bhíomar ar bís iad a oscailt. D’fhoghlaimíomar faoin leoraí a athraíodh go speisialta chun na saothair ealaíne a iompar; ní mór teocht sheasmhach 19 gcéim Celsius a choinneáil chun ligean do na saothair ealaíne dul i dtaithí ar aeráid an ghailearaí. Chomh maith leis sin, scrúdaíomar an stuáil ar na ballaí taobh istigh den leoraí agus na cáblaí a úsáidtear chun na crátaí a choinneáil socair. Bhí orainn na crátaí a fhágáil sa ghailearaí ar feadh cúpla lá ionas go mbeadh deis ag an saothar ealaíne dul i dtaithí ar an aeráid. Chuir sé leis na sceitimíní nuair a baineadh na scriúnna as na crátaí agus osclaíodh an claibín. Chonaiceamar an saothar ealaíne taobh istigh slán sábháilte idir an cúr a bhí deartha go speisialta chun damáiste a sheachaint agus é ag bogadh. Nuair a bhí na saothair ar fad ar oscailt, bhíomar in ann machnamh a dhéanamh ar háiteanna a gcuirfimis na saothair dár dtaispeántas.

 

Bhí taighde déanta againn cheana féin maidir le téamaí a d’fhéadfadh na saothair ealaíne a nascadh le chéile, ach nuair a chonaiceamar iad os ár gcomhair amach, spreag siad smaointe eile ionainn. An chodarsnacht mhór idir grianghraf de shaothar ealaíne a fheiceáil agus an saothar é féin an chúis leis sin, is dóigh liom. Bhain méid agus dathanna geala roinnt saothar geit asainn. Ní raibh deireadh leis na rudaí ar fad a bhí le cur san áireamh agus muid ag déanamh machnaimh ar an áit a gcrochfaimis na saothair. Bhíomar ar fad ar bís cé go raibh go leor cinntí le déanamh againn, mar bhí sé ag tarlú sa deireadh, bhí na saothair ansin os ár gcomhair amach. Anois, bhí orainn cinneadh a dhéanamh maidir le suíomhanna do na saothair; soilsiú, spás balla, na saothair in aice leis, turas an lucht féachana... etc. Faoi dheireadh, tar éis na laethanta ag smaoineamh agus ag athsmaoineamh, ag bogadh na saothar thart, ag déanamh cinntí deacra, thángamar ar chinntí agus ar réitigh. Ní raibh sé éasca mar bhí orainn cuid de na saothair a fhágáil ar lár, mar ba léir nach raibh siad ag teacht leis na saothair eile. Níor cheapamar go mbeadh cinneadh mar sin le déanamh againn.

Rinneamar nasc idir na saothair ealaíne agus chuireamar iad in áiteanna de réir téama, dathanna codarsnachta agus comhlántacha, smaointe. Bhí teachtaireacht ag baint leis an suíomh agus leis an gcúis ar roghnaíomar an suíomh sin, chomh maith leis an ealaín féin, ag spreagadh smaointe agus ceisteanna sa lucht féachana.

Bhí suíomhanna faoi leith ag teastáil ó chuid den ealaín a roghnaíomar. Bhí spás mór oscailte de dhíth do ‘Canoe’ le Tony Craig agus mar sin, cinneadh éasca a bhí ann é a chur thíos staighre. Chuir an spás leathan bán go mór leis an bpíosa dealbhóireachta mór ildaite seo. Agus mar sin, bhíomar in ann déanamh amach cad é a thiocfadh go maith leis an bpíosa dealbhóireachta seo. Bhí áit dhorcha, saor ó thorann de dhíth do ‘The Lion and The Unicorn’ le Rachel MacLean. Ar ámharaí an tsaoil, bhí an spás ceart ann i nGailearaí Highlanes, an ‘seomra suiminte’, áit a raibh an timpeallacht cheart ann don phíosa seo. Saothar ealaíne eile sa taispeántas a raibh orainn machnamh breise a dhéanamh faoin suíomh dó ná ‘Stone Line’, píosa dealbhóireachta le Richard Long – bhí spás mór dá chuid féin ag teastáil ón saothar seo freisin. Gorm an rí a bhí ar na ballaí thuas staighre sa ghailearaí agus cheapamar gur chuir an dath sin leis an liath ar na clocha Cornacha. Bhí an t-ádh orainn go raibh deis againn breathnú ar bhailiúchán ealaíne Bardasach Dhroichead Átha sa tóir ar ealaín a thiocfadh leis an saothar áirithe seo.

Is siúlóid trí thírdhreach atá inár dtaispeántas, turas duine atá ag iarraidh teacht ar a áit féin.

Sa chéad bhlag eile, déanfaimid cur síos ar; oscailt an taispeántais, na turais agus an cheardlann.

Scríofa ag Kotryna Knystautaite

Íomhánna ar fad le caoinchead ó Ghrainne Smith, scoláire

Foilsithe

22/12/2016

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún