ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Kieran Gallagher, Múinteoir Ealaíne Iar-Bhunscoile


Kieran Gallagher

Is múinteoir ealaíne é Kieran Gallagher i gColáiste Pobail Naomh Oilibhéar, Droichead Átha. Tá sé i gceannas ar rannóg mhór ealaíne. Ó d’aistrigh sé go dtí Coláiste Pobail Naomh Oilibhéar breis is trí bliana ó shin, tá naisc cothaithe aige leis an ngailearaí ealaíne áitiúil, Gailearaí Highlanes agus tá obair déanta aige ar roinnt tionscadal ealaíne lena chuid scoláirí agus leis an Stiúrthóir, Aoife Ruane. Bíonn Kieran ag cleachtadh a cheirde freisin, agus is ball de Stiúideonna Ormond é i mBaile Átha Cliath.

Ó phostáil mé go deireanach, ghlac mo scoil páirt san fheachtas ‘State of the Art’ a d’eagraigh (ATAI) Cumann Múinteoirí Ealaíne na hÉireann. Bhí scoileanna fud fad na hÉireann páirteach sa lá gníomhaíochta chun aird a tharraingt ar shiollabas seanchaite ealaíne na sraithe sinsearaí. Tháinig trí cinn de na scoileanna áitiúla i nDroichead Átha le chéile, bhuail breis is 100 scoláire le chéile i lár an bhaile agus chuaigh siad ar mhórshiúl, le balúin dhubha agus plaicird, ag cur eagla, de thaisme, ar chúpla duine aosta amuigh ag siopadóireacht, ar an mbealach go dtí an gailearaí áitiúil, Gailearaí Highlanes. Léigh na scoláirí amach miotais agus fíricí faoin ardteistiméireacht reatha agus d’iarr siad athrú. Tá an chuma ar an scéal gur éisteadh leis na scoláirí agus múinteoirí ealaíne fud fad na tíre, mar aistarraingíodh siollabas Ealaíne na Sraithe Sinsearaí chuig an CNCM agus cuirfear tús leis obair chun siollabas nua a fhorbairt i mbliana.

Ar ais i nGailearaí Highlanes arís, tiocfaidh deireadh le taispeántas ar a raibh mé ag obair in éineacht le mo chuid scoláirí agus scoil áitiúil eile Dé Sathairn, 28 Eanáir. Is féidir léamh faoin tionscadal ar an suíomh gréasáin seo, mar scríobh beirt scoláirí dár gcuid roinnt blagphostálacha ag déanamh cur síos ar an tionscadal agus aistear seo. D’éirigh go hiontach le ‘In Sense of Place’. D’oscail an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, an taispeántas. Bhí go leor cainte faoin taispeántas sna meáin; bhí na scoláirí ar an stáisiún raidió áitiúil, LMFM, ar Nuacht RTÉ agus san Irish Times. Uaireanta, bhí an tionscadal aonuaire seo deacair a láimhseáil anuas ar an obair ranga, ach bhraith sé éasca mar gheall ar dhíograis Stiúrthóir an ghailearaí, Aoife Ruane. Fuaireamar aiseolas an-dearfach ó mo chomh-mhúinteoirí, agus ó scoláirí a thug cuairt ar an taispeántas.

Sa seomra ranga, táim ag iarraidh ciall a bhaint as na hathruithe ar shiollabas na sraithe sinsearaí, an ‘tionscadal 10 seachtaine’. Tá an chuid a bhaineann le hábhar neamhbheo iontach, an-éasca a dhéanamh amach; cuirim fáilte roimh an tobsmaoineamh lena n-áirítear comhdhéanamh an ruda a chleachtadh agus ábhair a thástáil. Tugann sé deis do na scoláirí machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna a bhfuil rudaí á roghnú acu, ar an gcomhdhéanamh agus ar na hábhair.  Tá sé deacair orm an chuid a bhaineann leis an gceardaíocht a thuiscint, áfach, go háirithe an Póstaer. Tá súil agam go réiteoidh mé an fhadhb seo leis an gcleachtadh. An rud a chuireann imní orm ná an easpa soiléireachta ó thaobh na scrúduithe, cén chaoi a ndéanfar scrúdú ar an leabhar oibre, cén céatadán de na marcanna a bhronnfar ar an leabhar oibre i gcomparáid leis an saothar críochnaithe. Beidh soiléireacht ag teastáil go luath, mar déanfaidh ár scoláirí atá sa chúigiú bliain faoi láthair an scrúdú seo i mí Eanáir, rud nach bhfágann go leor ama cleachtadh a dhéanamh ar an tionscadal 10 seachtaine.

Am gnóthach den bhliain atá ann freisin do na ranganna scrúduithe mar beidh na ‘bréagscrúduithe’ ar siúl an tseachtain roimh an mbriseadh lár téarma. Mar gheall ar an leagan amach atá ar an ardteistiméireacht faoi láthair, bíonn orainne, mar mhúinteoirí, iarracht a dhéanamh ceithre scrúdú (3 cinn phraiticiúla agus ceann scríofa) a chur ar an amchlár agus a cheartú idir seo agus tar éis bhriseadh lár téarma. Tá ár scoláirí ar fad sa séú bliain ag obair ar an scrúdú ábhar neamh-bheo an tseachtain seo, ag baint úsáid as 2.5 uair an chloig dá gcuid ama san rang chun ábhar neamh-bheo a chríochnú, scrúdú nach n-aireoidh mé uaim nuair a thiocfaidh an siollabas athbhreithnithe i bhfeidhm. Dúshlán a bhíonn ann gach gné a chlúdach roimh na bréagscrúduithe, ach tá sé riachtanach a léiriú do scoláirí conas atá ag éirí leo agus na rudaí is gá a fheabhsú roimh mhí na Bealtaine.

Tá an t-ádh orm go bhfuil rang de 24 cailíní sa dara bliain agam, atá lán le fuinneamh, níl buachaill ar bith sa rang. Tá siad an-díograiseach agus is aoibhinn leo a bheith ag obair ar thionscadail mhórscála. Tá cathracha ar snámh á dtógáil againn faoi láthair, a bheidh á gcrochadh againn ó na rachta arda sa tsíleáil i mo sheomra. Is as cairtchlár athchúrsáilte a thógfar na cathracha, tá an téama oscailte ach ní mór dóibh a gcuid cinntí maidir le cruth na bhfoirgneamh a mhíniú agus a gcuid tionchar a chur in iúl.  Chun iad a spreagadh, tugaim eolas dóibh faoin ealaíontóir mná comhaimseartha Julie Mehretu agus iontais ailtireachta Zaha Hadid. Is deas an fuinneamh, torann agus díograis bhríomhar mar mhalairt ar an atmaisféar dáiríre sna ranganna scrúduithe thuasluaite.

Foilsithe

30/1/2017

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún