ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Máire O’Higgins, Múinteoir Iar-bhunscoile


Máire O’Higgins

Is múinteoir agus Príomhoide Cúnta í Máire O’Higgins i gColáiste Pobail Lorcáin, Baile Átha Cliath 1.​​ Chomh maith leis sin, comhordaíonn sí comhpháirtíochtaí don Choláiste agus is í Séiplíneach na scoile í. Tá Máire 26 bliain ag obair i lár na cathrach thoir thuaidh. Sular éirigh sí ina múinteoir, d'oibrigh sí mar aisteoir agus Stiúrthóir Amharclannaíochta.

Is scoil dara leibhéal CDETB DEIS Banda 1 é Coláiste Pobail Lorcáin i lárchathair thoir thuaidh Bhaile Átha Cliath. Is scoil chomhoideachais í le 430 scoláire agus foireann de 48. Tagann scoláirí ó gach cearn de cheantair faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch i mBaile Átha Cliath chun freastal ar an scoil. Is scoil phríomhshrutha muid. Cuirimid Cláir Scoláireachta Ealaíon, Sacair, Cispheile agus Acadúla ar fáil.

Sa chéad cheann dá sraith blaganna, pléann Máire maoiniú, comhpháirtíocht agus doiciméadú mar chuid den den Chlár um Dhéanamh Amharclannaíochta agus Saoránachta le hAmharclann na Mainistreach.



 

Déardaoin an 26 Eanáir 2017

Tá an phleanáil ríthábhachtach nuair a bhíonn tú ag plé le comhpháirtithe. Mar sin féin, chun athleagan a chur ar Robert Burns, ‘The best laid plans of mice and men often go awry!' Tá an tsolúbthacht fíorthábhachtach.

De réir mar a d’fhorbair ár dtionscadal bhíomar aireach ar an mbealach is fearr ar féidir linn ár n-aidhmeanna agus ár gcuspóirí don tionscadal a bhaint amach agus muid ag oiriúnú chun freastal ar chásanna athraitheacha le linn an tionscadail.

Ar an ábhar seo, san am a bhí muid ag obair ar an tionscadal, tharla cúpla rud.

Bhí orainn slán a fhágáil le duine d’éascaitheoirí Scoil Aisteoireachta an Gaiety, Gillian Mc Carthy.

Bhí sé deacair orainn ceangal a dhéanamh le heagraithe TED ED TALKS a raibh súil againn na forógraí don tionscadal a thaifeadadh leo. Táimid tar éis cinneadh a dhéanamh ár bhfíseán féin d’fhorógraí a dhéanamh. Tá grianghrafadóir / físghrafadóir cónaitheach ag Scoil Aisteoireachta an Gaiety, Tom Maher. Beidh Tom i gceannas ar fhíseán a dhéanamh don taispeántas don tionscadal.

Forbairt eile a chuaigh i bhfeidhm ar ár dtionscadal ná gur fhógair an Rialtas tionscnamh cúig bliana i mí na Nollag 2016, ó 2017 go 2022, a chuireann an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Ag teacht leis an tionscnamh spreagúil seo, ar a dtugtar Éire Ildánach, tá scóip agus téama ár dtionscadail comhpháirtíochta beachtaithe againn mar seo a leanas:-​

“Machnamh a dhéanamh ar Oideachas Cruthaitheach agus a Athshamhlú d'Éire Ildánach - Peirspictíocht scoil amháin.      

Machnamh agus Smaointeoireacht Fhísiúil le scoláirí, baill foirne, comhpháirtithe agus cairde Choláiste Pobail Lorcáin i gcomhar le Scoil Aisteoireachta an Gaiety.”

Forógraí a Chruthú

Agus mar sin táimid i gceartlár forógraí agus píosaí taibhithe ar an téama seo a ullmhú le cur i láthair in Amharclann an Mhuilinn i nDún Droma ar an Déardaoin an 30 Márta.

Tá ochtó scoláire sa 1d bhliain ag obair ar dhréachtaí dá bhforógraí.

Thosaigh siad ag féachaint ar na rudaí nach dtaitníonn leo faoin gcóras scoile ina bhfuil siad faoi láthair.

Seo blaiseadh dá ngearáin:-

Déanann troscán scoile dochar do do dhroim! Cén fáth nach féidir le scoláirí níos mó ama a chaitheamh amuigh faoin aer le linn am scoile? Tá málaí scoile róthrom! Cén fáth a ndéanaimid an oiread sin obair bhaile? Cén fáth go bhfuil an lá scoile chomh fada? Cén fáth a gcaitheann muid an oiread sin ama ag scríobh ag an deasc?

Tá réitigh ag na scoláirí: ballaí iniompartha a athraíonn dath chun dul in oiriúint don cheacht; glas le haghaidh scéalaíochta, bán le haghaidh réitigh scríbhneoireachta ar cruacheisteanna Mata, gorm le haghaidh machnaimh. Cathaoireacha leathair ar rothaí. Spásanna glasa le briseadh amach iontu gach uair an chloig agus mar sin de…. 

Anois agus deis ag scoláirí a n-ábhair ghearáin a chur in iúl i gcoinne na gcóras mar atá siad sa chóras oideachais, tá siad ag obair faoi láthair ar an smaointeoireacht fhísiúil ar oideachas a theastaíonn uathu do scoláirí meánscoile in Éirinn a athshamhlú.

Is é an chéad chéim eile dár gcuid oibre a gcuid forógraí a chur in eagar, a chleachtadh agus a chur le chéile chun léirithe agus cuir i láthair a chruthú.

Léirithe a cheapadh

Tá na ranganna Ealaíon ag obair le Michelle Fallon chun dráma a dhéanamh dá bpeirspictíochtaí ar oideachas – roimhe seo, anois agus amach anseo.

Seo sliocht ó cháipéisíocht Michelle ar an bpróiseas:-

I ranganna Dé Máirt, d'iarr mé ar scoláirí monalóg/óráid a chruthú maidir lena dtuairim féin ar oideachas. Chun tús a chur leis d'iarr mé orthu smaoineamh ar chleas chun aird lucht féachana a tharraingt - mar sin scéal greannmhar pearsanta/ staitistic/tuairim phearsanta/ceist reitriciúil nó athfhriotal etc.  Tháinig a lán tuairimí suimiúla faoina dtaithí oideachais féin go dtí an pointe seo ón bplé seo.                                                                                                    

Ina dhiaidh sin, d'iarr mé ar na scoláirí smaoineamh ar an oideachas a fuair siad le linn a gcuid bunscolaíochta agus comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir na rudaí a cheap siad a bhí ar na rudaí ab éifeachtaí agus na nithe ba lú éifeacht agus na gnéithe den bhunscolaíocht a d'fhéadfaí a oiriúnú go héasca dá gcuid meánscolaíochta le nach mbeadh a dtaithí chomh srianta.     

Thaispeáin mé dóibh ansin an físeán gearr ‘I sued the school’ agus spreag sé seo tuilleadh plé. Dúirt duine ón gcéad bhliain gur tháinig cáithníní ar a craiceann. 

B’fhéidir go bhféadfaimis rud cosúil leis seo a dhéanamh? https://www.youtube.com/watch?v=dqTTojTija8

Lean Michelle ar aghaidh ag scríobh:-

Seo cuid de na ceisteanna a sonraíodh ag ranganna Dé Máirt:

  • Ní léirítear an t-ilchultúrachas in ábhar an churaclaim e.g.: filí/úrscéalta Éireannacha a ndéantar staidéar orthu ag Leibhéal an Teastais Shóisearaigh den chuid is mó.
  • Is de bhunadh na hÉireann formhór na múinteoirí laistigh de Choláiste Pobail Lorcáin – uaireanta bíonn sé deacair réiteach leo.
  • Mar mhúinteoir, rinne mé an pointe gurb ionann na filí/téacsanna Ardteistiméireachta atá á dteagasc agam faoi láthair agus na cinn a múineadh dom breis agus 15 bliana ó shin.
  • Níor athraigh struchtúr na seomraí ranga laistigh le 150 bliain – measadh go raibh siad docht agus sriantach. B'fhearr le scoláirí suí ag boird chruinne nó i ngrúpaí mar a dhéantar sa Bhunscoil.
  • Tá sé spéisiúil a thabhairt faoi deara, chrónaigh scoláirí ‘am órga’ is mó óna  n-oideachas bunscoile – trína bhféadfadh siad uair an chloig a bheith acu dóibh féin chun an rud a thaitin leo a dhéanamh - duais bronnta ar dhea-iompar.
  • Thaitin an coincheap ’Aoine saor ón obair bhaile' sa Bhunscoil le scoláirí. Chreid siad gur aitheantas a bhí ann as dea-sheachtain agus gur spreagadh a bhí ann chun an obair bhaile go léir a chríochnú ón Luan-Déar.
  • Córas grádaithe mícheart - bhraith scoláirí go raibh siad sainithe ag an ngrád/litir a fuair siad ina gcuid scrúduithe. D'admhaigh siad gur féidir le litir amháin an tslí a mbreathnaíonn siad fúthu féin agus a bhféinmheas a athrú go hiomlán.
  • Iomaíocht mhíshláintiúil chun na gráid féin-sainmhínithe seo a bhaint amach.
  • Measadh go raibh an comhoibriú níos tairbhiúla ná an iomaíocht.
  • Teorainneacha an chórais scrúduithe – mheas scoláirí go raibh sé éagórach go bhféadfaí dea-obair/iompar/rannpháirtíocht/dúthracht a thomhas ag deireadh cúig bliana trí scrúdú 2.5 uair an chloig. Struchtúr ró-dhocht agus ní chuireann sé saincheisteanna pearsanta, méala, tinneas, imní, néaróga ar lá an scrúdaithe féin san áireamh.
  • Creideann scoláirí nach bhfreastalaíonn an córas scrúdaithe atá i bhfeidhm ar il-intleachtaí.
  • D'fhéachamar ar an gcóras oideachais atá i bhfeidhm san Fhionlainn agus mar atá sé inchurtha lenár gceann féin (Sílim go gcaithfimid rang ag féachaint ar scolaíocht na Fionlainne mar go raibh suim mhór acu ann). Sílim freisin go mb'fhéidir go mbeadh sé spraíúil ‘Ode to Finland‘ a bheith mar chuid dár n-ábhar!
  • Creidim gurb é sin an mhórchuid a ardaíodh. Mar sin féin, bhí siad leis an tasc a chríochnú le haghaidh obair bhaile. Mar sin, d'fhéadfadh níos mó a bheith ann!
    ​As an taighde atá á dhéanamh ag Michelle agus a cuid scoláirí, cuideoidh Michelle agus Liz Tyndall ó Scoil Aisteoireachta an Gaiety le scoláirí script a chruthú do na píosaí ceaptha.

Comhpháirtí nua eile -  an tIonad Cúram Lae áitiúil do Dhaoine Scothaosta

Thug Michelle a rang ealaíon 3ú bliain chuig Ionad Cúram Lae Lourdes do Dhaoine Scothaosta chun agallaimh a dhéanamh maidir le hoideachas san am atá thart. Ansin déanfaidh an rang comparáid agus codarsnacht idir na dearcthaí anois agus ansin i ranganna Ealaíon eile.

Agus comhpháirtí nua eile!

Tá beirt mhúinteoirí ón Roinn Ealaíne sa scoil tar éis teacht ar bord anois le scoláirí na chéad bhliana agus na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF) agus tá siad ag ullmhú saothair ealaíne chun freagairt don smaointeoireacht fhísiúil ar an gcuma a d'fhéadfadh a bheith ar oideachas idéalach.

Go luath i mí Feabhra 2017

Tá an fhoireann múinteoirí agus comhpháirtithe ó Scoil Aisteoireachta an Gaiety ag bualadh le Kate Canning, atá ina Bainisteoir ar Amharclann an Mhuilinn, chun cinneadh a dhéanamh maidir le leagan amach, struchtúr agus dearadh dár n-imeacht.

Is é an dúshlán atá romhainn sna seachtainí beaga amach romhainn ná clúdach a fháil do mhúinteoirí ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag obair le chéile ar an tionscadal seo. Is dúshlán leanúnach é seo san oideachas. Tá comhoibriú, teagasc foirne agus foghlaim thraschuraclaim ina ngnéithe lárnacha de dhea-chleachtas oideachais, ach i bhfírinne tá sé deacair iad seo a bhainistiú agus cosnaíonn siad go leor airgid mar go gcaithfear ionadú a chur ar fáil do mhúinteoirí ionas gur féidir leo teacht le chéile chun comhoibriú agus pleanáil chun tosaigh. Tá ár mbaill foirne go maith ag obair ar an mbealach seo agus tá múinteoirí cineálta agus flaithiúil lena gcuid ama agus toilteanas na próisis seo a éascú.

Guth do gach duine

San fhíseán tá súil againn guthanna na múinteoirí, na scoláirí, na gcomhpháirtithe agus cairde na scoile a chur san áireamh. Ba mhaith linn go gcuirfidís a gcuid smaointe in iúl maidir le hoideachas idéalach.

Seolfar cuireadh trí ríomhphost chuig gach ball foirne, scoláire agus comhpháirtí ag iarraidh orthu freagra a thabhairt laistigh de 1 nóiméad ar an gceamara, chuig an ráiteas:

“Machnamh a dhéanamh ar Oideachas Cruthaitheach agus a Athshamhlú d'Éire Ildánach - Peirspictíocht scoil amháin.”    – mo chuid smaointe (1 nóiméad)

Iarrfar orthu freisin ar mhaith leo freagra físiúil a chruthú ar an téama.

Cuirfimid a gcuid freagraí san áireamh sa taispeántas in Amharclann an Mhuilinn mar chuid de thorthaí ár dtionscadail. Léireoidh an taispeántas agus na léirithe peirspictíocht ár scoile ar thodhchaí fhéideartha an oideachais.

 Cuimhnigh ar an dáta.... Déardaoin 30 Márta 2017 1i.n. in Amharclann an Mhuilinn, Dún Droma ….

 

Foilsithe

30/1/2017

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath