ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais


Film still from 'The power of taste'

Tadhg Crowley

Is é Tadhg Crowley an Coimeádaí Sinsearach Oideachais ag an Glucksman i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cuireann an Glucksman clár fadréimseach de thaispeántais shealadacha i láthair, chomh maith le clár fairsing oideachais chun cuairteoirí a bhfuil ábhair spéise agus cúlraí éagsúla acu a mhealladh. Is céimí de chuid Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh é Tadhg, agus is é an ról atá aige sa Glucksman cabhrú le tuiscint ar na hamharcealaíona a chothú i measc an phobail i gcoitinne. Cheap agus chuir Tadhg an chéad mhodúl Amharc-Ealaíne i láthair go luath in 2015 ar an gcúrsa Teastas sa Mhaireachtáil Chomhaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mhéadaigh Tadhg clár scoileanna an Glucksman le trí bliana anuas agus d’fhreastail níos mó ná 2500 scoláire ar cheardlanna agus turais ag an ngailearaí in 2015. Thug Tadhg an clár Múinteoirí Glucksman isteach in 2014 agus anois, cuimsítear leis an gclár céanna; Máistir-Ranganna do Mhúinteoirí Ealaíne, chomh maith le Tráthnónta Réamhléirithe agus Cúrsa Samhraidh. Rinne Tadhg cur i láthair le gairid ag an bhFóram Oideachais Bhliantúil agus For-Rochtana de chuid Chumann Mhúsaem na hÉireann agus rinne sé an cur i láthair ar an lá a seoladh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Thug sé léachtaí ar an MA a leanas: Clár Ealaíne agus Próisis i gColáiste Ealaíne is Deartha Crawford agus ar mhodúl PhD na dTodhchaíochtaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Agus mé ceithre bliana déag d’aois, sheas mé le mo mhuintir agus le mo chairde in Ardeaglais Pheadair, Cathair Chorcaigh agus bhain mé sásamh as mo shaothar ealaíne a bhí ar taispeáint, agus ba chuma i ndáiríre go rabhamar ag féachaint ar stampa poist a rinne cur síos simplí ar mo thuiscint ar na hÉireannaigh is tábhachtaí i stair na hÉireann (in éineacht leis an uafás Corcaíoch!!). Ba é an rud ba thábhachtaí, ná an pointe ama nuair a bhí a fhios agam go raibh aitheantas á thabhairt don obair chrua a rinne mé agus don tallann atá agam, bhí sásamh á bhaint astu agus bhí an ealaín á roinnt leis an bpobal. Bhí sé thar a bheith tábhachtach go bhfuair mé taithí ar an mbród sin as m’ealaín maidir leis an gcur chuige a bhí agam agus maidir leis an gcaoi a ndearna mé machnamh ar mo chruthaitheacht ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

I mí Aibreáin 2016, rinne múinteoir ealaíne i Meánscoil Chailíní Chríost Rí, teagmháil liom faoi obair ar thionscadal le chéile agus tugadh chun solais dom ar an bpointe boise go raibh an bheirt againn ag iarraidh go mbeadh sé de dheis ag a cuid scoláirí taithí a fháil ar phointe ama den sórt seo. Spreagadh tábhachtach a bhí sa tionscadal chun an timpeallacht a chur ar fáil don scoláire ina bhféadfaidh sé iniúchadh a dhéanamh ar ábhar, chun smaointe a fhiosrú agus chun modhanna spreagúla a fháil chun a bhfreagairtí amhairc féin a chruthú.

‘Mothúchán sa Ghoile: Ba thaispeántas é Ealaín, Bia agus Mothúchán’ ag Glucksman inar baineadh úsáid as an taighde is nuaí de chuid Ollamh John Cryan, agus a chomhghleacaithe ag institiúid micribhithóim APC i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba sa tionscadal seo, a úsáideadh saothair ealaíne a rinne iniúchadh ar ábharthacht an bhia agus a thug aghaidh ar na teorainneacha a bhaineann lena bhfuil i gceist le blasta agus samhnas, rinneadh iniúchadh sa taispeántas ar an gcaoi a mbaineann díleá lenár n-aigne agus mothúcháin freisin.

Cuireadh i láthair i Mothúchán sa Ghoile, túsphointe iontach don tionscadal agus bhí an scoláire in ann tús a chur lena thuras cruthaitheach féin trí smaointe faoin gcaoi ar úsáid sé bia agus an chaoi ar chuimhnigh sé ar bhia.

Cuireadh an taispeántas i láthair do na scoláirí i mí na Nollag 2016, na príomhthéamaí agus rinneamar mionscrúdú ar roinnt saothar ealaíne. Tar éis don ghrúpa an turas treoraithe a chríochnú, bhí sé de dheis ag an ngrúpa taifead a dhéanamh ar a bhfreagairtí tosaigh i gceardlann déanta priontaí leis an ealaíontóir Killian O’Dwyer.

Agus na páistí ar ais ar scoil, cuireadh eolas breise ar fáil dóibh faoi na healaíontóirí/ na saothair ealaíne agus taighde APC. Thug mé cuairt orthu go luath i mí Eanáir chun plé a dhéanamh ar na pleananna maidir leis na céimeanna a bhí le teacht, agus go háirithe chun plé a dhéanamh ar an scannán a chruthóidís. Díol spéise maidir leis an gcuairt seo agus leis an bplé leis an ngrúpa ba ea gur thug na scoláirí réimse faoi bheatha agus faoi mhothúcháin chun solais, réimse nach ndearna iniúchadh air in Mothúchán sa Ghoile. Tháinig smaointe faoi chuma fhisiciúil agus an brú a bhaineann leis sin chun cinn do na scoláirí, agus chuimhnigh siad ar an méid a chiallaíonn sé sin maidir leis an gcaoi a n-airímid faoi bhia agus an chaoi a bhféadfadh neamhoird itheacháin eascairt as sin. Rinne na léiritheoirí in Mothúchán sa Ghoile cinneadh comhfhiosach gan féachaint ar an réimse iniúchta seo agus an taispeántas á fhorbairt de bharr nach mbaineann sé le haidhmeanna taighde APC agus bhí siad den tuairim go raibh iniúchadh machnamhach agus machnamh de dhíth i réimse leis féin.

Ba léir go raibh an grúpa an-tógtha leis an ábhar seo agus b’iontach an rud é a fheiceáil gur chuimhnigh siad go domhain ar an gcaoi a bhféadfaidís íomhánna a chruthú a chuirfeadh a smaointe agus a n-ábhair imní in iúl sna priontaí a chruthaigh siad don taispeántas i mí Márta 2017.

Tugadh dúshlán na scoláirí chun script scannáin a fhorbairt a léireoidh a smaointe ar an taispeántas, sula bhfillfidís ar an Glucksman go luath i mí Feabhra don scannánaíocht. D’oibrigh na scoláirí le chéile, maidin Dé hAoine i mí Feabhra faoi threoir an scannánóra Dervla Baker chun an gearrscannán ‘The Power of Taste a léiriú’

Bhí taispeántas dá gcuid féin ag scoláirí an 5ú bliain i Meánscoil Chailíní Chríost Rí go luath i mí Márta agus cuireadh a saothair ealaíne ar taispeáint ag an Glucksman. Tá súil agam go raibh an bhraistint bhróid chéanna acu, mar a bhí agamsa nuair a bhí mé ag tosú sna healaíona.

Buíochas ó chroí leis na múinteoirí ealaíne ó Mheánscoil Chailíní Chríost Rí – Niamh Rigby, Jodie Kerins agus Aislinn Spillane.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi The Power of Taste nó faoi Chlár Scoileanna an Glucksman déan teagmháil le education@glucksman.org nó téigh chuig glucksman.org

Foilsithe

16/3/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh