ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais


creidmheas íomhá: Thamarai Premareji

Tadhg Crowley

Is é Tadhg Crowley an Coimeádaí Sinsearach Oideachais ag an Glucksman i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cuireann an Glucksman clár fadréimseach de thaispeántais shealadacha i láthair, chomh maith le clár fairsing oideachais chun cuairteoirí a bhfuil ábhair spéise agus cúlraí éagsúla acu a mhealladh. Is céimí de chuid Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh é Tadhg, agus is é an ról atá aige sa Glucksman cabhrú le tuiscint ar na hamharcealaíona a chothú i measc an phobail i gcoitinne. Cheap agus chuir Tadhg an chéad mhodúl Amharc-Ealaíne i láthair go luath in 2015 ar an gcúrsa Teastas sa Mhaireachtáil Chomhaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mhéadaigh Tadhg clár scoileanna an Glucksman le trí bliana anuas agus d’fhreastail níos mó ná 2500 scoláire ar cheardlanna agus turais ag an ngailearaí in 2015. Thug Tadhg an clár Múinteoirí Glucksman isteach in 2014 agus anois, cuimsítear leis an gclár céanna; Máistir-Ranganna do Mhúinteoirí Ealaíne, chomh maith le Tráthnónta Réamhléirithe agus Cúrsa Samhraidh. Rinne Tadhg cur i láthair le gairid ag an bhFóram Oideachais Bhliantúil agus For-Rochtana de chuid Chumann Mhúsaem na hÉireann agus rinne sé an cur i láthair ar an lá a seoladh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Thug sé léachtaí ar an MA a leanas: Clár Ealaíne agus Próisis i gColáiste Ealaíne is Deartha Crawford agus ar mhodúl PhD na dTodhchaíochtaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Agus muid ag tosú amach i mblianta an déagóra, faighimid píosa beag níos mó saoirse. Nuair a fhaighimid an féinriar nua seo, bíonn sé de dheis againn ár gceantar áitiúil a fhiosrú (cathair, baile nó sráidbhaile) trí bheith ag guairdeall thart agus ag spaisteoireacht nó trí phróiseas a bhaineann le húinéireacht ár gceantair i gcoirnéil na sráideanna sa bhaile a bhfuilimid inár gcónaí ann. Tá an próiseas seo riachtanach chun bród saoránaigh a fhorbairt agus chun braistint chómhuintearais a bhunú freisin.

Maidir leis na déagóirí atá ina gcónaí i Soláthar Díreach — a mhaireann i suíomhanna scoite sriantacha — ní thugtar an deis dóibh fáil amach faoina gceantar áitiúil sa chaoi chéanna agus a thugtar do dhaoine óga eile.

Tionscadal ealaíne é Navigating the Urban Landscape inar tugadh an cuireadh do dhéagóirí ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh i gCathair Chorcaí agus i gContae Chorcaí chun oibriú leis an Glucksman agus le healaíontóirí gníomhacha thar thréimhse sé seachtaine san fhómhar in 2016. Ghlac na rannpháirtithe páirt i seisiúin sheachtainiúla ina ndearnadh iniúchadh ar an smaoineamh dérive (turas gan choinne trí thírdhreach uirbeach) ag obair le meáin agus le healaíontóirí éagsúla.

Tugadh cuireadh do 14 dhéagóir (aois 12 bhliain-17 mbliana) ó ionaid soláthair dhírigh ar Bhóthar Chionn tSáile, sa Ghleanntán, i gCloich na Coillte agus i gCaisleán an Driseáin chun oibriú leis na healaíontóirí gníomhacha chun saothair ealaíne a chruthú ina ndéantar iniúchadh ar thírdhreach na cathrach agus ina gcuirtear eispéireas cruthaitheach agus dearfach ar fáil don ghrúpa. Ba dheis í seo do na déagóirí a bheith ag plé le smaointe agus leis na meáin ealaíne agus chun a n-inniúlachtaí cruthaitheacha agus samhlaíocha féin a fháil amach lasmuigh dá dtimpeallacht féin ina mbíonn bacainní ar na déagóirí.

Níl rochtain ag na daoine óga atá ina gcónaí i soláthar díreach ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim; ná ar aon taithí ar ealaín a dhéanamh a bheadh acu ar scoil. Is léir go bhfuil ganntanas áiseanna sna hionaid seo.

Bíonn blianta an déagóra crua ar na daoine óga ar fad ó am go chéile, agus tá sé thar a bheith dúshlánach a bheith ag déileáil leis na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do dhéagóir agus a bheith i do chónaí in áit shriantach agus in áit a bhfuil bacainní ann. Cén bhrí ach go gcuirfeadh deis ar bith don ghrúpa seo le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha agus spreagúla feabhas ar a bhforbairt.

Ó thosaigh mé ag comhrá leis na healaíontóirí, d’aontaíomar ar fad gur cheart gurb é ceann de bhunchlocha na gceardlann seo chun na scileanna a chur ar fáil do na déagóirí leanúint de bheith cruthaitheach tar éis an tionscadail. Chuimseofaí leis na seisiúin; grianghrafadóireacht le Roseanne Lynch chomh maith le líníocht le Cassandra Eustace agus scannánaíocht le Dervla Baker, agus dhíreofaí iontu ar fad ar an ngrúpa a chumasú chun riar scileanna a fhorbairt a chuirfeadh ar a gcumas a scéalta a roinnt. Bhíomar den tuairim go raibh sé thar a bheith tábhachtach go bhféadfaí an méid a foghlaimíodh sna ceardlanna a úsáid nó a roinnt leis na daoine eile sna hionaid.

Bhí sé thar a bheith difriúil a bheith ag obair le déagóirí ná ár gcuid oibre roimhe seo le páistí óga a bhí ina gcónaí i soláthar díreach. Bhí go leor fuinnimh ag na páistí óga, bhí siad sochorraithe go maith agus ní bheidís in ann díriú ar aon rud rófhada agus fuaireamar amach gur fearr gníomhaíochtaí gearra a úsáid a mbeadh torthaí orthu láithreach chun a n-aird a choinneáil. I leith na ndéagóirí, bhí siad an-socair, dírithe agus bhí fonn orthu aghaidh a thabhairt ar na tascanna ar fad a cuireadh os a gcomhair. Ní raibh aon drogall orthu riamh. Bhí an deis seo thar a bheith luachmhar do na déagóirí chun gníomhaíochtaí seach-churaclaim a dhéanamh agus bhí sé soiléir a thiomanta a bhí siad chun an leas is fearr a bhaint as a gcuid ama sa Glucksman. Bhí difríocht shuntasach ann idir an uaillmhian agus an fócas ar fud an ghrúpa le hais na bpáistí níos óige i soláthar díreach ach le hais grúpaí déagóirí eile ar oibríomar leo san am a caitheadh freisin.

Bhí taispeántas ann ag deireadh an tionscadail inar cuireadh saothar ealaíne an ghrúpa ar taispeáint sa Glucksman go luath in 2017. Tháinig na déagóirí ar ais chuig an Glucksman in éineacht lena muintir agus le cairde le haghaidh cóisire chun an taispeántas a sheoladh, agus bhí ceol, bia agus atmaisféar iontach ann, ar cheann de na laethanta is speisialta dá raibh sa Glucksman riamh. Cuireadh an gearrscannán darb ainm ‘Undead Revenge’ ar siúl ag deireadh an lae den chéad uair.

Léirítear san aiseolas coscrach ó na déagóirí a thábhachtaí atá sé go dtugtar grá do na daoine óga seo agus go gcuirtear oideachas orthu agus go dtugtar na deiseanna dóibh ba cheart go mbeadh againn ar fad.

‘Chuaigh na dearaí ailtireachta agus an timpeallacht i bhfeidhm go mór orm. Ghlacamar go leor pictiúr agus bhí orainn rudaí éagsúla a tharraingt. Bhí sé ar cheann de na rudaí is speisialta dá ndearna mé riamh.

Bhí mé cúthail go maith ag an tús, agus dúradh liom, ‘Tá tallann ag gach duine, caithfimid an tallann a thaispeáint chun feabhas a chur uirthi’ agus bhí mé thar a bheith bródúil as mo shaothair ealaíne ó shin i leith.’

Cuir aithne ar chuid de na daoine inár ngrúpa anseo

Thug Scéim Ensembles na nÓg de chuid Chomhairle Ealaíon na hÉireann tacaíocht don tionscadal Navigating the Urban Landscape.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le education@glucksman.org nó téigh chuig glucksman.org



Foilsithe

23/3/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh