ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Kieran Gallagher, Múinteoir Ealaíne Iar-Bhunscoile


Kieran Gallagher

Is múinteoir ealaíne é Kieran Gallagher i gColáiste Pobail Naomh Oilibhéar, Droichead Átha. Tá sé i gceannas ar rannóg mhór ealaíne. Ó d’aistrigh sé go dtí Coláiste Pobail Naomh Oilibhéar breis is trí bliana ó shin, tá naisc cothaithe aige leis an ngailearaí ealaíne áitiúil, Gailearaí Highlanes agus tá obair déanta aige ar roinnt tionscadal ealaíne lena chuid scoláirí agus leis an Stiúrthóir, Aoife Ruane. Bíonn Kieran ag cleachtadh a cheirde freisin, agus is ball de Stiúideonna Ormond é i mBaile Átha Cliath.

An bealach a mbainim cothromaíocht amach mar Ealaíontóir-Múinteoir:

Bíonn sé tuirsiúil a bheith i do mhúinteoir ealaíne lá ar bith nó rang ar bith. Nuair a bhíonn 20 scoláire i ngach rang agus aithne mhaith agat ar gach duine; tuigeann tú cén chéim den phictiúr, prionta nó dealbh ar a bhfuil siad ag obair, agus bíonn ort a bheith ag smaoineamh faoin gcéad chéim, fhadhb nó réiteach féideartha eile. Déanaimid é seo go hinstinneach, gan smaoineamh. Faoi dheireadh an lae, is féidir a bheith spíonta, ag dul abhaile, ag ullmhú dinnéir, ag dul ag rith, cén chaoi a mbeadh an t-am agam do mo chuid saothar ealaíne féin?

Caithfidh mé a bheith ionraic, ní bhíonn an chuid is mó den am. Ach cuirim am i leataobh gach seachtain nó gach mí. Éiríonn liom am a chaitheamh ag breathnú ar Facebook, Netflix, mar sin cén fáth nach mbeadh an t-am agam don ealaín? In 2012, chinn mé ar chur isteach ar an Máistreacht Ealaíne san oideachas ealaíne agus deartha. Bhí mé ag múineadh le cúig bliana agus níor chuir mé ar siúl ach taispeántas amháin ó bhí mé sa choláiste. Cúrsa cianfhoghlama a bhí sa mháistreacht, a bhí ar siúl thar dhá bhliain. Luaim an cúrsa seo mar thug sé deis dom díriú ar mo chleachtas ealaíne féin arís, agus thug sé an mhuinín dom chun saothair ealaíne a chruthú arís, cinn a raibh mé sásta leo.

Ar ámharaí an tsaoil, tá spás stiúideo agam i lár na cathrach, i stiúideonna Ormond. (Lean muid ar FB nó breathnaigh ar ár mblag ormondstudios.wordpress.com). Déanann sé an-difear an spás faoi leith sin a bheith agam. Caithfidh mé an saothar a fhágáil agus teacht ar ais chuige, sin an bealach a mbím in ann é a dhéanamh. Bhínn ag obair i seomra breise, ach bhraith mé nach raibh mé in ann an saothar a fhágáil ná aon rud a chríochnú.  Bíonn sé níos éasca orm anois go mbíonn sprioc agam. Bíonn seó ag na baill dhá uair sa bhliain i stiúideonna Ormond, spreagann sé sin mé.

Chomh maith leis sin, bíonn deis agam cuairt a thabhairt ar ghailearaithe agus freastal ar chainteanna le healaíontóirí go minic toisc go bhfuil stiúideo agam i lár na cathrach. Cuireann na cuairteanna seo chomh maith le mo chleachtas ealaíne féin bonn eolais faoi mo chuid múinteoireachta go minic; má bhíonn taighde á dhéanamh agam ar ealaíontóirí, má thugaim cuairt ar oscailtí taispeántais nó má bhíonn téama nua á fhiosrú agam, roinnim sin sa seomra ranga. Tá sé an-tábhachtach coinneáil suas chun dáta le saol na healaíne agus roinnim sin le mo chuid scoláirí chun iad a choinneáil ar an eolas, ach anuas air sin, bíonn an seomra ranga úr agus bíonn mo chuid scéimeanna múinteoireachta de shíor ag athrú.

D’athraigh mo chleachtas ealaíne ó phriontaí a dhéanamh go tarraingt, péintéireacht, meáin mheasctha agus le déanaí suiteáin i bhfoirm fíodóireachta. Tharla an t-athrú i mo chleachtas ealaíne go nádúrtha, ní raibh na háiseanna agam le priontaí a dhéanamh taobh amuigh den Choláiste Ealaíne. Is tionscadal ollmhór é an suiteán is déanaí de mo chuid; bhí na céadta grianghraf agam, a thóg mé do thionscadal dar teideal “When we were giants”. Bhí cuid mhaith de na grianghraif doiléir nó níorbh fhiú iad a úsáid, mar sin, bhí siad i mbosca ar feadh trí bliana. Tháinig mé ar ais chucu le déanaí agus rinne mé cinneadh go raibh mé ag iarraidh feidhm a bhaint astú nó iad a úsáid. Thóg mé na grianghraif i bhforaois, áit a mbínn ag spraoi agus ag tógáil dúnta agus mé i mo leanbh. Bhí taithí agam le sraitheanna agus leis an bhfíodóireacht cheana féin, mar sin, thosaigh mé ag fí na ngrianghraf le chéile bunaithe ar shruthanna dathanna seachas an íomhá féin. An aidhm atá agam ná dún nó puball mórscála a chruthú.

An t-aon mholadh atá agam dóibh siúd ar mhaith leo filleadh ar a gcleachtas ealaíne ná tús a chur le rud éigin, am a chur i leataobh. Níor cheap mé go mbeadh an t-am agam máistreacht a dhéanamh, ach chuir mé am i leataobh, níor cheap mé go mbeadh an t-am agam leanúint ar aghaidh ag cruthú ealaíne tar éis mo mháistreachta, trí bliana níos déanaí, táim fós ag obair liom.  Ní bhíonn an t-am againn riamh, ach má tá sé seo á léamh agat, leag uait d’fhón, caith uait Facebook, éirigh as seo a léamh agus cruthaigh rud éigin.

Foilsithe

15/5/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún