ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Aoi-Bhlagálaí Claire Halpin, Amharc-ealaíontóir, Léiritheoir agus Oideoir Ealaíon


Claire Halpin

Is amharc-ealaíontóir, léiritheoir agus oideoir ealaíne í Claire atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh Claire le réimse grúpaí le fiche bliain anuas ar fud go leor aoisghrúpaí ó leanaí Bunscoile chomh maith le scoláirí sa mheánscoil agus le mic léann, le múinteoirí, le grúpaí pobail, le grúpaí ar a bhfuil míchumas intleachtúil agus le daoine níos sine. Bhí na tionscadail seo ar siúl i réimse suíomhanna agus comhthéacsanna lena n-áirítear i ngailearaí músaeim, sa seomra ranga, i leabharlann, agus i suíomhanna cúraim sláinte, údaráis áitiúil agus i suíomhanna pobail agus thar réimse leathan amscálaí. Déanann Dánlann Olivier Cornet, Baile Átha Cliath ionadaíocht do Claire agus tá sí ag eagrú tionscadal comhoibríoch ealaíontóra darb ainm ‘Imní a dhéanamh faoin Duine eile’ leis an ngailearaí i mí Mheán Fómhair 2017.



Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc le Scoileanna Comharsanachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – S.N. Mhuire, Fionnradharc

Leag mé amach an tionscadal Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc Scoileanna Comharsanachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mo bhlag deireanach agus is comhordaitheoir agus éascaitheoir SSA mé sa tionscadal céanna. Aidhm agus struchtúr na SSA: Leanfaidh Tionscadal na Scoileanna Comharsanachta de bheith ag úsáid “SSA’’ chun cur le saineolas ar na healaíona agus chun cur leis an ómós áite agus leis an eispéireas a bhíonn ag leanaí i S.N. Central Model agus na heispéiris sin a roinnt lena gcuid comharsan trí bheith ag comhoibriú go dlúth le dhá scoil (S.N. Naomh Muire, Fionnradharc agus S.N.B. Naomh Uinseann, an Baile Bocht), dhá scoil a bhfuil cleachtóirí oilte SSA iontu.

Mar a luaigh mé cheana, chuir mé an traenáil SSA Phraiticiúil do thosaitheoirí i gcrích i mí Mheán Fómhair 2016 agus bhí mé ag súil go mór le héascaíocht SSA a thriail i roinnt seisiún le grúpa ranga. Fuair mé tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus rinne mé teagmháil le S.N. Mhuire, i bhFionnradharc. Ba é aidhm na seisiún domsa chun SSA a chleachtadh i nglanfhoirm i S.N. Mhuire, i bhFionnradharc – scoil a bhfuil mé ag obair inti mar ealaíontóir cónaithe le 5 bliana agus mé rannpháirteach sna healaíona leis na leanaí. An rud ba chúis leis seo, ba ea an modh SSA a shamhaltú don mhúinteoir ranga agus chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn SSA domsa mar ealaíontóir gníomhach in oideachas, do na leanaí, agus don mhúinteoir ranga, chun eolas a chur os comhair Phríomhoide na scoile agus Oifig Ealaíne Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Thug an Príomhoide Eibhlín McGarry, agus múinteoir Rang a 4 Evita Coyle, an-tacaíocht go deo dom agus bhí siad ag súil go mór leis an tionscadal agus thángamar ar chomhaontú ón tús go mbeadh cuairteanna taispeántais sna seisiúin ar The LAB, Gailearaí Hugh Lane ar thaispeántais d’ealaín chomhaimseartha.

Tá an tionscadal seo difriúil ón gcaoi a reáchtáiltear an Clár SSA in SAM ar go leor bealaí. Agus táimid ag tabhairt na ndifríochtaí agus rudaí casta seo faoi deara agus an tionscadal á fhorbairt. Is iondúil go gcuimseofaí le Clár SSA ina bhfuil grúpa tosaitheoirí in SAM; sé sheisiún ina bhfuil grúpa ranga thar thréimhse 6 mhí – m.sh. uair sa mhí. D’oibreodh an t-éascaitheoir SSA ón “gcuraclam” ina mbeadh íomhánna a roghnaíodh go cúramach agus a rinneadh a “thástáil” le haghaidh éascaíocht SSA le grúpaí sa seomra ranga agus ní chuimseofaí leis an gclár ach cuairt amháin ar mhúsaem nó ar ghailearaí amháin.

I gcás S.N. Mhuire agus Thionscadal na Scoileanna Comharsanachta SSA, cuirtear an bhéim ar chuairteanna ar thaispeántais agus ar an ealaín chomhaimseartha leis na healaíontóirí Éireannacha is fearr agus úsáid a bhaint as SSA chun staidéar a dhéanamh ar an saothar seo. Sna chéad chúpla seisiún bhí go leor tástála i gceist agus cuireadh an cheist “An ndearnamar é sin i gceart?” go minic, agus bhí breathnóireacht agus nodaireacht íomhánna sna saothair ealaíne, agus ní raibh mórán léitheoireachta á déanamh ar an ábhar lasmuigh de na seisiúin sin, ach anois, bíonn díospóireachtaí gníomhacha ann faoi na saothair, faoi na hábhair, faoin scála agus faoi aidhm na n-ealaíontóirí. Nuair a taispeánadh na Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc dom den chéad uair, míníodh dom gur maith le daoine scéalta a insint agus is maith leo an méid atá ar eolas acu agus an taithí atá acu a chur in iúl duit. Le grúpa Rang a Ceathair, d’fhéadfadh duine a bheith den tuairim go bhfuil na leanaí ar bheagán taithí agus ar bheagán pointí tagartha. Ach mar sin féin, is grúpa Rang a Ceathair é seo as Baile Átha Cliath 3, atá ina gcónaí sa Phort Thoir den chuid is mó, in Achadh an Chairn, an Baile Bocht agus i lár na cathrach ina bhfuil déimeagrafach de 24 náisiúntacht sa scoil – is mór an éagsúlacht shóisialta agus chultúrtha atá acu chomh maith le méid na dtagairtí agus na taithí atá acu.

Ba mhór an onóir agam dul chuig na taispeántais seo le grúpa trí éascaíocht a dhéanamh ar na seisiúin SSA seo mar amharc-ealaíontóir gníomhach. Ba é faoi deara dom machnamh a dhéanamh ar mo shaothair ealaíne féin le dearcadh eile agus ar na tuairimí atá agam ar shaothair ealaíne agus ar thaispeántais. Tá suim mhór agam sa mhéid a thugtar faoi deara, sna teoiricí agus sna díospóireachtaí a bhíonn ar siúl sna seisiúin seo. Ní hamháin go bhfeicim an fhorbairt laistigh den ghrúpa ranga – ach feicim an teanga bhéil, an urlabhairt, na rudaí a thugtar faoi deara chomh maith leis an muinín. Bhí tionchar aige seo ar ábhair eile sa seomra ranga go nádúrtha. Thug Evita (an múinteoir ranga) faoi deara go bhfuil an rang ag baint úsáid as na frásaí “aontaím le” agus “tá mise den tuairim sin mar”. Níos tábhachtaí fós tá siad ag teacht isteach ar an tuiscint go bhféadfadh go mbeadh níos mó ná brí amháin ann, agus go mbeadh dearcthaí éagsúla ag daoine ar ábhar.

Níl an tionchar níos leithne atá ag an Tionscadal SSA leis an ngrúpa ranga seo tugtha chun críche fós. Tá dhá chuid ag baint leis an tionscadal seo – is Tionscadal Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc é ach chomh maith leis sin is tionscadal é ina bhfuil an rang ag tabhairt cuairt ar ealaín chomhaimseartha na hÉireann is fearr i ngailearaithe comhaimseartha, tá siad ag fáil taithí ar an ealaín sin agus tá siad ag dul i gcleachtadh ar an ealaín chéanna. Nuair a fheiceann siad na saothair ealaíne, bíonn siad rannpháirteach agus fiosrach, rud atá fionnuair agus spreagúil. Tá na taispeántais agus na saothair atáimid a fheiceáil agus a bhfuilimid ag dul i dtaithí orthu, dúshlánach agus casta – ní chuireann sé seo isteach ar na cailíní níos mó agus tá siad ar a gcompord agus muiníneach chun plé a dhéanamh ar na healaíona agus chun cuairt a thabhairt ar ghailearaithe agus chun casadh le healaíontóirí agus chun plé a dhéanamh ar a saothair mar a bhí le gairid le Aideen Barry in The LAB.

Táimid ag súil le casadh leis na grúpaí ranga eile, leis na múinteoirí agus leis na Cleachtóirí SSA ó S.N.B. Naomh Uinseann agus ó Scoil Shinsearach Central Model chun na heispéiris a roinnt agus a phlé sa chéad chéim eile den tionscadal a gcuirfear tús léi i mí Mheán Fómhair 2017.

Naisc:

Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath

Tionscadal Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2020

S.N. Mhuire, Fionnradharc

Claire Halpin



Foilsithe

21/8/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath