ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Tom Dalton, Ealaíontóir & Oibrí Ealaíne


Tom Dalton

Is ealaíontóir agus oibrí ealaíon é Tom Dalton in Mayfield Arts Centre, Corcaigh. Is spás ealaíon tiomnaithe ar leith  é an t-ionad ealaíon atá lonnaithe i gcroílár Bhaile na mBocht i gcathair Chorcaí, ag Newbury House Family Centre. Cuireann Mayfield Arts deiseanna ar fáil do rannpháirtithe nascadh, foghlaim, machnamh a dhéanamh agus gníomhú trí phróisis chruthaitheacha. Is sampla é de dhea-chleachtas i réimsí na n-ealaíon pobail, an ionchuimsiú sóisialta, oideachas neamhfhoirmeálta agus pobail. Forbraíonn, bainistíonn agus soláthraíonn Mayfield Arts cláir ealaíon, oiliúna agus oideachais i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus soláthraíonn sé rochtain ar ghníomhaíochtaí agus próisis ealaíne a éascaíonn forbairt phearsanta agus pobail do dhaoine ar gach leibhéal cumais.  Is céimí de chuid Choláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach é. Tá ról ag Tom san ionad ealaíon tacú le forbairt ealaíonta agus chruthaitheach na n-ealaíontóirí stiúideo Cúig trí mheantóireacht aonair agus ghrúpa. Is grúpa de chúigear ealaíontóirí é Cúig ealaíontóir i stiúideonna tacaithe in Mayfield Arts Centre. Tá an tionscadal Cúig, le tacaíocht ó POBAL, in Mayfield Arts Centre ó 2008, agus is é an t-aon stiúideo tacaithe dá leithéid sa tír. Comhordaíonn agus éascaíonn Tom tionscadail for-rochtana do ghrúpaí scoile agus pobail ar fud na cathrach.



‘Parting Memories’: Múrphictiúr Scoil Náisiúnta Phádraig Naofa do Chailíní

Is féidir leis an aistriú ón mBunscoil go dtí an Meánscoil a bheith ina scéal mór. I rang a 6, is tú an boc mór i measc na mboicíní - tá tú an-eolach ar an scoil, tá meas ag na páistí níos óige ort agus tá tuiscint agat ar do thimpeallacht.  Nuair a chasaim ar bhliainghrúpa Rang a 6 i Scoil Náisiúnta Phádraig Naofa do Chailíní, Cnoc Ghairdinéir, tá an fuireachas le deireadh na scoilbhliana tosaithe. Tá gach duine ar tinneall - sceitimíní den mhórchuid, ach tá ábhar imní ann freisin. Dá mhó atá na cailíní ag súil le laethanta saoire an tsamhraidh atá ag teacht, tá tuiscint ann gurb iad seo na seachtainí deireanacha dá dtréimhse laistigh de bhallaí na scoile. Is cinnte go gcrónóidh na cailíní an áit seo - na hallaí ildaite, fuaimeanna an chlóis súgartha, flaithiúlacht a múinteoirí, an cairdeas atá cruthaithe acu. Bíodh go leanfaidh go leor de na cailíní lena n-oideachas turas gairid trasna an chlóis i gColáiste Phádraig, tá daoine eile cláraithe le scoileanna eile ar fud na cathrach. Is iad na seachtainí deireanacha a bheidh siad le chéile mar ghrúpa.

Chuaigh Príomhoide Scoil Náisiúnta Phádraig Naofa do Chailíní , An Bhean Eileen Kelly, i dteagmháil linn ag Mayfield Arts chun cabhrú le tionscadal ealaíne a cheapadh a rachadh i dteagmháil go cruthaitheach leis na cailíní i rang a 6 le linn an aistrithe seo ina saolta. Tá éiteas láidir ag forbairt iomlánaíoch gach páiste i Scoil Náisiúnta Phádraig Naofa do Chailíní Naomh; ‘Is timpeallacht shona, ghníomhach, shábháilte í ár scoil ina n-áirímid, ina spreagaimid agus ina léirímid meas ar a chéile .'

Ba mhian le Bean Kelly a cuid daltaí a bheith páirteach i rud éigin a thabharfadh ómós do na 'daltaí agus na baill foirne siúd a chuaigh trínár scoil, gach duine díobh a rinne difear.' Thug Bean Kelly mé chuig dorchla lán solais sa scoil agus mhol sí í mar shuíomh ár dtionscadal é.

Múrphictiúr balla tríthoiseach is ea ‘Parting Memories’ atá comhdhéanta de na céadta féileacán origami a chruthaigh na cailíní ar bhonn aonair. Ba príomhspreagadh é i ndearadh an tionscadail deis a thabhairt machnamh a dhéanamh ar an am a caitheadh sa scoil; cuimhní comhroinnte a thabhairt chun cuimhne, a athinsint agus a shamhlú. Bhíothas ag súil go bhféadfadh an próiseas machnaimh roinnte ar an am a caitheadh le chéile an tréimhse athraithe seo a dhéanamh níos éasca do na cailíní; an próiseas cuimhnithe ag feidhmiú mar bhuachloch dóibh agus iad ag dul isteach sa chéad chéim eile dá saolta.

Rinne na hoibrithe ealaíon Wayne Ford agus mé féin, le tacaíocht ó ealaíontóirí Cúig Ailbhe Barrett agus Bríd Heffernan ceithre thuras chun na scoile i rith mhí na Bealtaine, ag déanamh ceardlanna le ranganna Bean Dunne agus Bean Conran ina chúigear dalta is fiche.  Iarradh ar gach dalta dhá fhéileacán beaga a dhearadh agus a chruthú. Tá cuimhne cinn i ngach féileacán idir a fhillte – d'fhéadfaí gur scéal, cuimhne nó mian atá ann don todhchaí.

Féadann se tamall a thógáil ar dhuine dul i dtaithí ar Origami. Fuair cuid dé na cailíní máistreacht ar chruthanna féileacáin a dhéanamh go héasca agus thóg sé níos mó ama ar dhaoine eile. Nuair a d’éirigh duine nó beirt cleachta, ba dheas na cailíní eile a fheiceáil ag cur cabhrú ar fáil do dhaoine eile sa ghrúpa. Scaipeadh foghlaim na scile nua seo agus ba ghearr go raibh an t-urlár breac le féileacáin bheaga pháipéir.

Nuair a bhí an teicníc foghlamtha, tugadh dhá chearnóg de pháipéar tiubh do gach duine – ceann acu línithe i ndath gorm nó dearg, a chuirfeadh páipéar cóipleabhair i gcuimhne duit. Bhí an chearnóg eile bán. Bhí na treoracha simplí; ar an bpáipéar línithe iarradh ar na cailíní scéal nó cuimhne ón scoil a insint Spreagadh na daltaí chun ‘scríobh lasmuigh de na línte’ agus línte an leathanaigh a fhí isteach ina ndearaí. Casadh cuid de na scéalta tríd na línte, spréadh cuid eile san iliomad treonna. Nuair a filleadh ina gcruthanna iad, déanann línte an pháipéir patrúin gheoiméadracha, agus na scéalta agus na cuimhní cinn istigh iontu.

Bhí cead a cinn ag na cailíní ar an dara bileog le cuimhne cinn ó na sé bliana roimhe a shamhlú. Léirigh cuid den obair a rannpháirteachas i ngníomhaíochtaí scoile amhail spórt, drámaíocht agus eolaíocht, cuid eile a léirigh cruthú cairdeas, an timpeallacht nádúrtha mórthimpeall na scoile nó patrúin saothair theibí. Nuair a bhí siad réidh, clúdaíodh gach féileacán le cruaiteoir agus greamaíodh leis an mballa é. Tá an tsuiteáil cosúil le féileacáin ag éirí san aer, rud a léiríonn na cailíní ag imeacht ón scoil – ag bailiú le chéile, ach ag bogadh ar a mbealach féin tríd an saol.

Ba dheas do Micheál Martin TD an múrphictiúr a sheoladh i rith cuairte ar an scoil i mí an Mheithimh. Dúirt sé leis na cailíní gur thug an múrphictiúr i gcuimhne dó gur ar mhaithe le gach duine í an ealaín í agus gur meabhrúchán é gurb é saintréithe gach duine de na cailíní a dhéanann an scoil chomh speisialta sin.

Is é an fíordhraíocht sa tionscadal seo domsa ná na rudaí a thagann chun cinn nuair a chuirtear am agus spás ar fáil do dhaoine le haghaidh machnaimh agus fiosrúcháin. Bhí beocht agus comhrá ann i rith na gceardlanna de réir mar a mheall na cailíní scéalta óna chéile. Is sa chomhchoiteann an chaoi a n-éiríonn leis an múrphictiúr, an teacht le chéile de chodanna aonair chun rud iomlán a dhéanamh. Deir Bean Kelly liom ‘gach uair a fhéachaim ar an múrphictiúr, seasann féileacán nua amach dom'. Ceapaim go bhfuil sé sin go hálainn.

Maoiníodh an múrphictiúr sin go fial ag Scoil Náisiúnta Cailíní Naomh Pádraig , Cnoc Ghairdinéir.

Ba mhaith le Mayfield Arts buíochas a ghabháil leis an bpríomhoide, le Bean Kelly, agus le múinteoirí Bean Conran agus Bean Dunne as a dtacaíocht i rith an tionscadail seo.

Le haghaidh níos mó eolais, tabhairt cuairt ar mayfieldarts.iestpatricksgirls.net

 

Foilsithe

24/8/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh