ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Jean Tormey, Léiritheoir Luathbhlianta & Teaghlach sa Tate Modern & Tate Britain


Under 5s Explore with Ania Bas at Queer and Now, June 2017_(c) Tate Photography

Déanann páistí faoi chúig iniúchadh le hAnia Bas ag Queer and Now, Meitheamh 2017_(c) Tate Photography

Jean Tormey

 

Is Léiritheoir chlár acmhainní, imeachtaí agus tionscadal Luathbhlianta agus Teaghlach sa Tate Modern agus Tate Britain do pháistí faoi chúig bliana d’aois, 8-14 bliana d’aois, agus do luchtanna féachana idirghlúine í Jean Tormey. Tá sí ag obair ar chláreagrú Teaghlach i ndánlanna ón mbliain 2008. Mar chuid dá cleachtas, oibríonn sí le healaíontóirí, luchtanna féachana agus comhghleacaithe in Tate le hábhar agus gníomhaíocht a fhorbairt trínar féidir breathnú ar pháistí agus ar theaghlaigh éagsúla mar chuairteoirí comhionanna agus luachmhara de chuid Tate. Tá Jean ag obair i réimse na foghlama dánlainne ó bhí 2005 ann, mar inteirn i Nua-Eabhrac agus mar léiritheoir foghlama i ndánlanna éagsúla i Learpholl, Cill Chainnigh agus Londain.

Blag 4:  Agallamh leis an Léiritheoir Cúnta Lucy McDonald

I mo phostáil blag deireanach, ba mhaith liom díriú ar an ngné nua a cuireadh le clár Luathbhlianta agus Teaghlach Tate – Under 5s Explore the Gallery – imeacht míosúil faoi stiúir ealaíontóirí do pháistí faoi chúig bliana d’aois agus a dteaghlaigh a bhíonn ar siúl i ndánlanna bailiúcháin Tate Britain. http://www.tate.org.uk/whats-on/tate-britain/workshop/under-fives-explore-gallery.

Le guth nua a thabhairt isteach sa tsraith blaganna seo, d’iarr mé ar an Léiritheoir Comhlach, Lucy McDonald [1] (an príomhléiritheoir ar snáithe cláir na bpáistí faoi 5) machnamh a dhéanamh ar a mbaint a bhí aici le forbairt an chláir seo.

Cad as ar tháinig an smaoineamh le haghaidh ‘Under 5s Explore the Gallery’ ?

Is éard a spreag é ná cuspóir institiúideach cur leis an méid a chuirtear ar fáil do theaghlaigh ag Tate Britain – feabhas a chur ar fhreastal, agus ar fheiceálacht an lucht féachana seo freisin. Bhraith sé an-tábhachtach na seisiúin a reáchtáil sna dánlanna – iniúchadh a dhéanamh go hoscailte ar na spásanna agus ar na saothair ealaíne seachas a bheith i bhfolach i spás stiúideo. Tacaíonn láithreacht na gcuairteoirí eile dánlainne le tógáil muinín na dteaghlach maidir le teacht ar a mbealach féin ó thaobh bheith sa dánlann mar theaghlach.



Cad iad príomhghnéithe an chláir seo dar leat?

I measc na bpríomhghnéithe tá ról an ealaíontóra, a dtugtar treoracha cúramacha dó/di maidir lena ról sna seisiúin agus a moltar dó/di bealaí a aimsiú le tacú le haistir na dteaghlach trí na dánlanna. Laistigh de seo, spreagtar páistí leis an turas a threorú – cinntí a dhéanamh maidir le céard air le breathnú, cá háit le dul, agus an luas a ghearradh. Roinneann an ealaíontóir smaointe a bhfuil á n-iniúchadh aige/aici laistigh dá c[h]leachtas féin le straitéisí a chur ar fáil is féidir le teaghlaigh a úsáid chun tuiscint a fháil ar na spásanna agus na saothair ealaíne ar a mbealach féin. I measc na straitéisí seo tá, bealaí le breathnú, smaointe le plé a  maidir le healaín a chur chun cinn agus/nó iniúchadh fisiciúil na ndánlann a spreagadh. Déantar seo de ghnáth le réimse ábhar a thugtar isteach ag pointí a bhfuil machnamh cúramach déanta orthu.

leagan amach na seisiún lárnach freisin. Tá sí ríthábhachtach don chlár bheith sna dánlanna agus bogadh timpeall orthu lárnach, mar sin, tá sé tábhachtach srian a chur le líon na gcuairteoirí atá in ann páirt a ghlacadh. 30 duine an t-uasmhéid do ghrúpa, daoine fásta san áireamh, rud a chinntíonn nach mbíonn na seisiúin iomarcach do na rannpháirtithe nó do chuairteoirí eile. Oibríonn sé seo i dtreo teaghlaigh a chomhtháthú i dtírdhreach laethúil na dánlainne, ionas nach mbraitear gur ‘imeacht speisialta’ atá ann, agus go mbraitheann teaghlaigh cumasaithe le filleadh go neamhspleách. Cuimsítear machnamh cúramach ar am agus luas leis an struchtúr, agus mar gheall gur fad dhá uair an chloig a bhíonn i gceist, bíonn atmaisféar suaimhneach neamhghnóthach ann.

Príomhghné eile de chuid an chláir is ea go bhfuil spás tiomnaithe ann le teacht le chéile don réamhrá, áit a leagtar síos an chaoi an mbeidh cúrsaí agus a dtugtar roinnt príomhsmaointe isteach. Feidhmíonn an spás seo freisin mar spás ar féidir filleadh air le linn na seisiún más gá do na teaghlaigh sin a dhéanamh, agus mar áit ar féidir teacht le chéile arís ag an deireadh chun machnamh a dhéanamh ar an méid a tharla – rud a spreagann teaghlaigh le haithint gur tharla foghlaim.

machnamh lárnach do Under 5s Explore, agus spreagtar é le linn an tseisiúin agus ag an deireadh tugtar cuireadh do theaghlaigh cuimhneamh ar a bhfuil ag tarlú agus ar a gciallaíonn sé dóibh. Bíonn rochtain ag rannpháirtithe ar cheamaraí digiteacha agus is féidir leo iad a úsáid le pictiúir a ghlacadh de rud ar bith a thugann siad faoi deara nó de rud ar bith a tharlaíonn laistigh dá n-aonad teaghlaigh a shíleann siad a bheith luachmhar. Teilgtear na híomhánna ag deireadh an tseisiúin, agus moltar do theaghlaigh breathnóireacht agus plé a dhéanamh ar na nithe a thugann siad féin agus teaghlaigh eile faoi deara, rud a chuireann luach leis an méid atá déanta acu agus a spreagann tuiscint ar bhealaí breise le dul tríd an dánlann ó na teaghlaigh eile.



Cén cineál cleachtais ealaíontóirí a bhfuil spéis agat iniúchadh a dhéanamh orthu agus cén chaoi a bhfuil ealaíontóirí i ndiaidh a gcleachtais a úsáid le gníomhaíocht a éascú?

Tá spéis agam i gcleachtais a spreagann cur chuige séimh i leith iniúchadh a dhéanamh ar smaointe nua, agus ealaíontóirí a bhfuil na scileanna acu tacú le teaghlaigh ó thaobh tuiscint a fhorbairt ar shaothar ealaíne mar is mian leo – ionas go mbíonn na seisiúin inrochtana do na cuairteoirí ar fad, cuairteoirí nua san áireamh. Domsa, is iad na healaíontóirí ar éirigh leo seisiúin a éascú roimhe seo ná na healaíontóirí atá oscailte ó thaobh breathnú orthu mar shraith turgnamh nó féidearthachtaí, agus a bhfuil muinín acu ligean do tharluithe nach rabhthas ag súil leo tarlú agus teacht chun cinn.

Cén cineál freagra atá tugtha ag an lucht féachana ar an imeacht seo?

Bhí sé an-dearfach, agus tá tuismitheoirí agus caomhnóirí i ndiaidh an-easpa clár dánlainne/iarsmalainne don aois seo go sonrach a thuairisciú, go háirithe cláir a spreagann páistí le bheith i gceannas agus a shíleann an dothuarthacht is féidir leo a thabhairt chuig na timpeallachtaí seo a bheith luachmhar. Trí agallaimh a dhéanamh le teaghlaigh le linn an chéad chúpla mí den chlár, fuair mé amach go bhféadfadh réamhthuairimí a bheith acu nach bhfuil Tate Britain chomh fáilteach céanna roimh theaghlaigh agus atá Tate Modern, agus nach bhfuil sé chomh feiliúnach céanna do pháistí faoi 5 bliana d’aois go sonrach. Ar an dea-uair, léiríonn an t-aiseolas a bhailítear go síleann teaghlaigh na seisiúin a bheith an-luachmhar, go dtaitníonn sé leo dul tríd na dánlanna le chéile, agus go bhfuil spéis acu teacht ar ais.

Cén chaoi a bhféadfadh forbairt teacht ar an snáithe seo amach anseo?

Chuaigh an chaoi a ndéanann teaghlaigh (páistí óga go háirithe) iniúchadh an-nádúrtha ar spás na dánlainne lena gcoirp ar fad trí ghluaiseacht go mór i bhfeidhm orm. Ba mhaith liom obair le níos mó ealaíontóirí a oibríonn le gluaiseacht chun triail níos mó a bhaint as seo, mar braithim gur bealach dearfach í an ghluaiseacht mar chleachtas chun dul i ngleic leis na tuairimí diúltacha faoi iompraíochtaí agus béasaíocht dánlainne a d’fhéadfadh a bheith ag teaghlaigh. Bheadh orainn seo a dhéanamh go cúramach leis an ealaíontóir ceart lena chinntiú nach n-éireodh sé róthaibhitheach nó bagrach. 

Ba bhreá liom na teaghlaigh ar fad a fheiceáil ag brath nach dteastaíonn tacaíocht na seisiún uathu le cuairt a thabhairt ar na dánlanna agus le bheith iontu, agus ba bhreá liom dá bhféadfadh líonra teaghlach teacht chun cinn mar gheall ar na seisiúin, a bheadh ina n-ionadaithe ar son páistí faoi chúig i ndánlanna agus in iarsmalanna i gcoitinne.

[deireadh an agallaimh]

Sílim go n-athdhearbhaíonn dearcadh Lucy sa phostáil deireanach seo cuid d’fhealsúnacht Reggio Emilia, chomh maith leis na nithe neamh-phléite a luadh roimhe seo, agus tá súil agam go bhfuil an tsraith ar an iomlán i ndiaidh tuiscint a chur ar fáil maidir le spreagadh, smaointeoireacht agus forbairt an chláir Luathbhlianta in Tate.

[1] Is Léiritheoir Comhlach í Lucy ar an gclár Luathbhlianta agus Teaghlach le dhá bhliain anuas agus béim speisialta ar luathbhlianta, agus tá sí i ndiaidh teacht i gceannas le déanaí mar Léiritheoir (in éineacht le Jessie McLaughlin) le mo shaoire mháithreachais a chlúdach in 2017/18. D’oibrigh Lucy mar Léiritheoir Comhlach freisin ar bhliain dheireanach chlár Big and Small in 2013/14 agus mar bhainisteoir tionscadail ar chúpla BP Family Festival in 2014 agus 2015.

Foilsithe

13/10/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Idirnáisiúnta