ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Jean Tormey, Léiritheoir Luathbhlianta & Teaghlach sa Tate Modern & Tate Britain


Foscríbhinn íomhá; Cuairt na Luathbhlianta ar Tate Modern 2015

Jean Tormey

 

Is Léiritheoir chlár acmhainní, imeachtaí agus tionscadal Luathbhlianta agus Teaghlach sa Tate Modern agus Tate Britain do pháistí faoi chúig bliana d’aois, 8-14 bliana d’aois, agus do luchtanna féachana idirghlúine í Jean Tormey. Tá sí ag obair ar chláreagrú Teaghlach i ndánlanna ón mbliain 2008. Mar chuid dá cleachtas, oibríonn sí le healaíontóirí, luchtanna féachana agus comhghleacaithe in Tate le hábhar agus gníomhaíocht a fhorbairt trínar féidir breathnú ar pháistí agus ar theaghlaigh éagsúla mar chuairteoirí comhionanna agus luachmhara de chuid Tate. Tá Jean ag obair i réimse na foghlama dánlainne ó bhí 2005 ann, mar inteirn i Nua-Eabhrac agus mar léiritheoir foghlama i ndánlanna éagsúla i Learpholl, Cill Chainnigh agus Londain.

Blag Postáil 2:

Sa phostáil seo déantar comparáid idir fealsúnacht Reggio Emilia agus ‘ghnéithe neamh-inchaibidle’ nó luachanna chlár Luathbhlianta agus Teaghlach Tate Learning. Is fiú a lua sula dtosaímid cé chomh héagsúil is atá coinníollacha gach comhthéacs. Cé gur suíomhanna foirmeálta iad scoileanna luathbhlianta Reggio Emilia, cuireann Tate suíomh foghlama neamhfhoirmiúil solúbtha ar fáil nach bhfuil srianta ag éilimh an churaclaim, ach atá fite fuaite le bailiúcháin (agus uaireanta taispeántais) Tate agus na foirgnimh ina mbíonn saothair ealaíne le fáil iontu. In Reggio Emilia, bíonn deis ag na hoideolaithe, na atelieristanna agus na daoine eile a ritheann na scoileanna aithne mhaith a chur ar na páistí agus ar na teaghlaigh, bualadh leo go laethúil agus dul ar aistear leo ar feadh bliain acadúil amháin ar a laghad. In Tate, bíonn foirne na Luathbhlianta agus Teaghlach ag plé de ghnáth le lucht féachana sealadach agus gasta a bhuaileann isteach chuig an gclár ó am go ham – uaireanta trí thimpiste. D’ainneoin seo, tá go leor comhghaol is féidir a dhéanamh idir ár gcuir chuige i leith na foghlama.

Gníomhaireacht

San fhoireann Luathbhlianta agus Teaghlach, táimid an-phaiseanta faoi chaitheamh le páistí ar nós gur cuairteoirí comhionanna dánlainne agus lucht féachana anseo is anois iad seachas lucht féachana forbartha an todhchaí. Cosúil le Reggio, baineann sé seo le caitheamh le gach páiste mar dhuine aonair agus cláreagrú a dhéanamh ar bhealach a aithníonn a spéiseanna, cumais agus spreagthaí faoi leith.

Is í an ghníomhaireacht ceann dár bpríomhluachanna mar fhoireann. Tá sé mar aidhm againn clár a dhearadh a thugann cuireadh do theaghlaigh de gach aois, ó go leor cúlraí éagsúla agus le réimse leathan eispéireas agus eolais bheith rannpháirteach agus teacht ar a gconair phearsanta féin tríd an dánlann trínár gclár. Ba cheart dár n-acmhainní agus imeachtaí bheith ina ndeis do theaghlaigh brí a chomhthógáil le chéile(baineann sé seo freisin le cur chuige Reggio). Is gá go rachadh gníomhaíochtaí i gcion ar dhaoine fásta agus ar pháistí agus go meallfaidís iad ar bhealach an-oscailte ar fad le go n-éireodh leis seo.

Ealaín agus ealaíontóirí

Is féidir cur chuige Reggio a chur i gcomparáid le stádas ealaíontóirí inár gclár agus leis an gcaoi a n-oibrímid leo. Nuair a dhéanaimid ealaíontóirí rannpháirteach inár gcuid oibre, baineann sé le haontú maidir le céard ba mhaith linn a bhaint amach ó thaobh rannpháirtíocht an lucht féachana de, gan eolas a bheith againn ar an gcaoi go díreach a n-éireoidh linn sin a dhéanamh. [1] Bíonn sé ina chaidreamh spéisiúil ach casta, ina mbíonn gá le bainistiú agus athmhachnamh leanúnach.

Ar an gcaoi chéanna a ndéantar in Reggio, sílimid gur saineolaithe ina gcleachtas féin iad ealaíontóirí, agus go bhfuil dearcadh faoi leith acu ar an domhan, dearcadh a d’fhéadfadh a bheith an-éagsúil lenár ndearcadh féin. Ach, é sin ráite, ní bhímid ag súil go mbeidh siad ina saineolaithe ar obair le páistí nó ar bhailiúchán Tate – agus seo an áit a dtagann ár saineolas féin isteach. Ina chroílár seo, tá plé maidir lena gcleachtas stiúideo agus maidir leis an gcaoi a bhféadfadh baint a bheith ag na hábhair agus na próisis seo le rannpháirtíocht le bailiúchán Tate agus lenár lucht féachana.

Fiosracht

Agus muid ag obair le healaíontóir, is féidir ár gcur chuige maidir le frámú gníomhaíochta agus úsáid ábhar a chur i gcomparáid le cur chuige Reggio freisin. Creidimid gur cheart ábhair ar ardchaighdeán a bhaineann le cleachtas stiúideo na n-ealaíontóirí a úsáid, cinn nach féidir teacht orthu i ngnáthshuíomhanna oideachasúla. Tá sé mar aidhm againn na hábhair seo a léiriú ar bhealach a spreagann fiosracht (atá ar cheann dár ngnéithe neamh-inphléite) agus cruthaitheacht páistí agus teaghlach trí ábhair agus próisis a thabhairt isteach i sraitheanna a osclaíonn de réir a chéile, seachas gach rud a thabhairt isteach ag an am céanna. Baineann sé leo le creideamh Reggio Emilia sa ‘timpeallacht mar oideoir’, agus bheadh suíomh agus áit ár ngníomhaíochta san áireamh againn anseo – dánlanna agus spásanna ailtireachta Tate.

Spás sóisialta

Is spás poiblí agus sóisialta é timpeallacht dánlainne. Is spás é inar féidir le teaghlaigh breathnú ar a chéile ar bhealach an-éagsúil ar fad, ar féidir leo bualadh (agus uaireanta greadadh) le cuairteoirí eile, agus ar féidir leo cumarsáid a dhéanamh faoi smaointe agus ceisteanna nach ndearna siad iniúchadh orthu roimhe sin. Sílim go mbaineann an ghné seo dár gcuid oibre leis an tábhacht a leagann Reggio ar pháistí ag cruthú caidreamh le daoine eile ar mhaithe leis an bhfoghlaim. Tá an-fhonn orainn ár gclár a dhéanamh chomh feiceálach agus is féidir sa dánlann ionas gur féidir ár dteaghlaigh agus ár gclár a fheiceáil agus a chloisteáil seachas a bheith i bhfolach i spás stiúideo.

I mo chéad phostáil blag eile pléifidh mé roinnt samplaí de chláreagrú do lucht féachana luathbhlianta in Tate.

[1]   Braithim i gcónaí go mbíonn tagairt ón ealaíontóir Jeremy Deller úsáideach nuair a smaoinítear air seo – “Is ionann comhoibriú maith agus dul ar aistear fada gan léarscáil, agus gan aon eolas agat ar an gceann scríbe a bhainfidh tú amach.”

http://www.tate.org.uk/about/our-work/learning-at-tate

Foilsithe

27/7/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Idirnáisiúnta