ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Dan Colley, Dramaturg agus Stiúrthóir Collapsing Horse Theatre


Dan Colley

Is stiúrthóir, drámadóir agus ríomhchláraitheoir é Dan Colley as Baile Átha Cliath. Agus é ina stiúrthóir ar Collapsing Horse Theatre stiúir sé The Water Orchard (le hEoghan Quinn, arna chomhléirithe ag Project Arts Centre) The Aeneid, Bears in Space, Conor: at the end of the Universe, Human Child, Distance from the Event agus Monster/Clock. Is é Dan an tEalaíontóir Cónaithe le Collapsing Horse in Draíocht agus is é an comhstiúrthóir ar Kilkenny Cat Laughs Festival.  D’oibrigh Dan mar dhrámadóir le Macnas, Dublin Fringe Festival, WillFredd agus Sugarglass Theatre i measc roinnt eile. Tá céim bainte amach ag Dan i mBéarla agus i bhFealsúnacht ó Ollscoil na Gaillimhe agus rinne sé staidéar ar Éascaíocht na hAmharclainne Óige le hAmharclann Óige na hÉireann. Fuair Dan Ciste na Chéad Ghlúin Eile in 2016.

 

Músaem na gCeart

An féidir an bhail atá ar ár gcearta a fháil amach bunaithe na rudaí atá againn?

An féidir leo a thaispeáint go seastar lenár gcearta? Na cearta a diúltaíodh dúinn?

Is tionscadal ealaíne rannpháirtíochta é Músaem na gCeart a dhéanann iarracht cur ar chumas na rudaí atá againn é sin a dhéanamh. Is é an t-ábhar, saol scoláirí ealaíne sa dara bliain i gColáiste Pobail Lorcáin agus an chaoi ar chumhdaigh na cearta Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) chomh maith leis an taithí saoil a bhí acu. Nó nach gcumhdaíonn.

Is mise a stiúrann an tionscadal, agus mé ag feidhmiú mar Stiúrthóir ar Collapsing Horse. Is ealaíontóir, léiritheoir, stiúrthóir agus scríbhneoir mé don téatar. Is gnólacht léiriúcháin téatair agus féile é Collapsing Horse a dhéanann obair a eascraíonn as comhoibriú agus spraoi a bhfuil cuspóir leis. Is do dhaoine óga an obair a dhéanaimid scaití agus scaití eile déantar an obair ina dteannta.

Tháinig sé ar an bhfód nuair a tháinig Máire O’Higgins, Leas-príomhoide i gColáiste Pobail Lorcáin aníos chugam agus d’fhiafraigh sí díom dá mbeadh suim agam tabhairt faoi obair leis na scoláirí ann, agus dá mbeadh a fhios agam céard a bhí le déanamh. Rinne sí cur síos ar shamplaí de chuid den obair mhór mhaith a chuir na scoláirí i gcrích le healaíontóirí gairmiúla. Bhí eolas agam ar Larkin ón obair a rinne mé ansin le Roinn Oideachais agus Pobail de chuid Amharclann na Mainistreach agus bhí cion agam ar thiomantas na scoile do na healaíona mar chuid lárnach d’fhorbairt iomlánaíoch a scoláirí. Seastar leis an tiomantas in ainneoin cruachás rialta. Bhí Máire lánchinnte faoi - is scoil i Larkin atá ar bhunlíne pobail a d’fhulaing ceal deise agus de bharr faillí.

Tharla sé thart ar an am a tháinig Rebecca McLaughlin, ó Oifig an Ombudsman Leanaí (OCO), anuas chugam agus a labhair liom faoi smaoineamh a bhí aici faoi rud éigin do cheiliúradh 25ú bliain ar Dhaingniú na hÉireann de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Bhí an chuma ar an scéal gur chor dea-chinniúna a bhí ann! Ba léir go raibh an dá smaoineamh le cur le chéile – go ndéanfainn stiúrthóireacht ar thionscadal Mhúsaem na gCeart i gColáiste Pobail Lorcáin, agus d'fheidhmeodh sé mar chlár píolótach freisin a d’fhéadfaí a scríobh faoi phacáiste oideachais agus a d’fhéadfaí a dhéanamh arís i scoileanna agus i bpobail eile do cheiliúradh 25 bliain ar OCO a bheith ar an bhfód. Níos déanaí ansin, ghlac Ard-Mhúsaem na hÉireann páirt ann mar thacadóir spreagúil, agus dheimhnigh siad go dtabharfaidís gach cúnamh.

Bhí an sprioc soiléir ón tús. Chuirfimis ar chumas grúpa daoine óga taispeántas a chruthú ina léireofaí a dtaithí ar a gcearta a cumhachtaíodh i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ach ní raibh a fhios againn cén chaoi a mbainfimis an sprioc amach.

 

Foilsithe

30/1/2018

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath