ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Dan Colley, Dramaturg agus Stiúrthóir Collapsing Horse Theatre


Dan Colley

Is stiúrthóir, drámadóir agus ríomhchláraitheoir é Dan Colley as Baile Átha Cliath. Agus é ina stiúrthóir ar Collapsing Horse Theatre stiúir sé The Water Orchard (le hEoghan Quinn, arna chomhléirithe ag Project Arts Centre) The Aeneid, Bears in Space, Conor: at the end of the Universe, Human Child, Distance from the Event agus Monster/Clock. Is é Dan an tEalaíontóir Cónaithe le Collapsing Horse in Draíocht agus is é an comhstiúrthóir ar Kilkenny Cat Laughs Festival.  D’oibrigh Dan mar dhrámadóir le Macnas, Dublin Fringe Festival, WillFredd agus Sugarglass Theatre i measc roinnt eile. Tá céim bainte amach ag Dan i mBéarla agus i bhFealsúnacht ó Ollscoil na Gaillimhe agus rinne sé staidéar ar Éascaíocht na hAmharclainne Óige le hAmharclann Óige na hÉireann. Fuair Dan Ciste na Chéad Ghlúin Eile in 2016.

Blag 2 - Músaem na gCeart

Is tionscadal ealaíne rannpháirtíochta é Músaem na gCeart a dhéanann iarracht cur ar chumas na rudaí atá againn é sin a dhéanamh. Is é an t-ábhar, saol na scoláirí ealaíne sa dara bliain i gColáiste Pobail Lorcáin agus an chaoi ar chumhdaigh na cearta Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) chomh maith leis an taithí saoil a bhí acu. Nó nach gcumhdaíonn.

Rinne mé cur síos ar thús an tionscadail sa phostáil deiridh agus ar na comhpháirtithe a tháinig le chéile chun an tionscadal a chur i gcrích; Coláiste Pobail Lorcáin, Oifig an Ombudsman do Leanaí agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Chuir mé tús le hobair ar “Chéim 1” den tionscadal i mí Mheán Fómhair 2017 le dhá rang dara bliain, i dteannta leis na múinteoirí Siobhán McKenzie agus Declan Quinn. Rinne mé éascaíocht ar cheithre cheardlann gach tráthnóna Dé Céadaoin lasmuigh d’am ranga. D’oibrigh mé leis na scoláirí freisin ina ranganna ealaíne lena múinteoirí.

Úsáideadh teicnící dráma agus scéalaíochta chun trí phríomhaidhm a bhaint amach; chun daoine a spreagadh agus siamsa a dhéanamh dóibh, chun iad a chur ag comhoibriú mar ghrúpa, ní mar dhaoine aonair amháin; agus chun foirmeacha nua d’fhéinléiriú a chur i láthair. Bhí cleachtadh i gceist leis an obair ach breith ar liathróid agus í a chaitheamh (ag féachaint ar an strus a dhéanann sí, agus cead a ligean dúinn an liathróid a ligean uainn, agus ag díriú ar an rud tábhachtach, go rabhamar ar fad ag obair as lámha a chéile chun an liathróid a chur timpeall an chiorcail). Sheasamar i gciorcal freisin agus d’imríomar cluiche a dtugaim “Kung Foo” air (agus tá go leor leaganacha éagsúla den chluiche céanna ann lena n-áirítear “zip, zap, boing”) Agus d’imríomar cluiche freisin ina suíonn cúigear rannpháirtithe i sraith, agus glacann siad sealanna chun seasamh suas agus a rá “Is é X an t-ainm atá orm” agus rud éigin fíor a rá. Is í aidhm an chluiche go mbeadh duine ina s(h)easamh i gcónaí agus ag rá rud éigin, chun rud éigin a dhéanamh as taghd chun bearna a líonadh nuair a tharlaíonn sé agus chun aon rud atá fíor a rá, dá leimhe dá bhfuil sé, a thagann chun cuimhne don duine. Bíonn comhráite ag dul anonn agus anall ag teacht chun cinn sa chleachtas seo, (e.g. “Is é Dan an t-ainm atá orm agus tá beirt deartháireacha agam” agus ansin “Is é Stacy an t-ainm atá orm agus tá beirt deartháireacha agam freisin”) cuirfidh na rannpháirtithe aithne mhaith ar a chéile ar an gcaoi seo agus beidh siad in ann iad féin a chur in iúl sa chleachtas.

Dhírigh mé níos mó ar Mhúsaem na gCeart a chruthú, i ndá rang ealaíne sa tseachtain. Cuireadh an t-am sin ar leataobh chun na coincheapa de UNCRC a chur i láthair (fuarthas tacaíocht lena aghaidh ó cheardlann arna seachadadh ag Oifig an Ombudsman do Leanaí) agus díríodh ar rudaí agus ar an scéal atá siad in ann a insint (lenar thacaigh ceardlann darb ainm “If Objects Can Talk” in Ard-Mhúsaem na hÉireann).

Iarradh ar na scoláirí rud a roghnú a bhí fiúntach dóibh agus é a thabhairt isteach sa rang leo.

Iarradh orthu “scríobh gan srian” faoi.

Iarradh orthu seasamh suas agus insint cén fáth a raibh sé fiúntach dóibh chomh maith leis na hairteagail sa UNCRC dá dtagraíonn sé.

An toradh a bhí ar an bpróiseas seo ná na scoláirí ag labhairt faoi na rudaí seo a leanas lena rang:

  • Thaispeáin scoláire amháin cloch ghorm agus cárta Aifrinn a sheanathar. Ba iad a chuir an t-am speisialta a chaith sé lena sheanathair i gcuimhne dó, thugadh sé leis go cluichí peile agus scéalta staire a insint dó faoin mbaint a bhí aige le hÓglaigh na hÉireann. Bhí sé seo bainteach le hAirteagal 31, an ceart chun rochtain a fhail ar chaitheamh aimsire, ar spraoi agus ar ghníomhaíochtaí cultúrtha.
  • Thaispeáin scoláire eile muince ar thug a máthair di agus dúirt sí gur bhog sí féin agus a hathair ón Rómáin go hÉirinn ina dhiaidh sin. Airteagail 9 agus 10; scaradh teaghlaigh agus athaontú.
  • Thaispeáin scoláire eile grianghraf di féin agus dá seanmháthair nuair a bhí sí ina páiste óg. Glacadh an grianghraf sa Bhanglaidéis sular bhog sí go hÉirinn. Airteagail 9 agus 10.
  • Thaispeáin scoláire eile a chuid corn damhsa. Bhuaigh sé go leor comórtas damhsa agus cuireann sé luach ar a bhfuil bainte amach aige, a léirítear sa chorn. Maidir le hAirteagal 31, rochtain ar ghníomhaíochta cultúrtha.
  • Thaispeáin scoláire eile a phas. Is pas Polainne é a phas agus bhí air dul ar ais chuig an bPolainn chun é a athnuachan. Airteagal 7; an ceart chun ainm agus náisiúntachta.

Roinneadh rang Ms. McKenzie i gceithre ghrúpa sa seisiún eile a bhíonn acu gach seachtain. Roghnaigh gach grúpa téama den UNCRC agus chruthaigh siad meabhairmhapa ina léiríodh an téama céanna chomh maith leis na cearta a ndearna sé ionadaíocht orthu. Roinneadh rang Mr. Quinn i gceithre ghrúpa freisin agus chruthaigh siad rudaí feasa idirghníomhacha déanta as páipéar a léirigh na ceithre théama.

Bhí an cur i láthair de Mhúsaem na gCeart a rinneadh i gcéim 1 bunaithe ar an téama ‘idir lámha fós’ agus bhí sé ar siúl i bPáirc an Chrócaigh mar chuid de sheoladh OCO de cheiliúradh UNCRC25 i Meán Fómhair 2017. Sa chur i láthair:

  • Rinne cuid de na scoláirí an cur i láthair i gcásanna taispeántais agus ar phliontaí agus bhí a gcuid scéalta agus na cearta lena mbaineann, lámhscríofa agus ar taispeáint taobh leo.
  • Cuireadh na meabhairmhapaí ar crochadh ar na ballaí.
  • Cuireadh seomra leapa isteach ann ina raibh rudaí gnácha ó sheomraí leapa páistí, agus bhí na cearta a raibh siad bainteach leo scríofa ar na rudaí iad féin.
  • Bhí “balla scríofa” idirghníomhach ann ar scríobh na cuairteoirí an méid a bheadh i Músaem na gCeart air.
  • Bhí taispeántas sleamhnán ar siúl freisin ina raibh grianghraif de chuid de na scoláirí mar aon lena bpasanna.

Chuir na rannpháirtithe a n-iontas agus a ríméad in iúl faoin gcaoi ar cuireadh a rudaí agus a saothar ealaíne ar taispeáint mar a bheidís i músaem gairmiúil. Chuir siad in iúl freisin gur bhain siad as-sásamh as féachaint ar dhaoine eile ag teacht isteach chun féachaint ar a rudaí agus chun an méid a scríobh siad a léamh, agus gur mhothaigh siad go raibh an-éacht bainte amach acu sa mhéid a chruthaigh siad.

Ba í aidhm an tionscadail ‘idir lámha fós’ ceaptha chun deireadh a chur le céim 1 agus tús a chur le céim eile, ach ba ghearr go bhfuaireamar amach go raibh sé mar a bheadh deireadh ann é féin. Maidir le céim 2 den obair, bheimis ag tosú arís le grúpa scoláirí nua agus bealach a fháil chun an obair a rinne an dá ghrúpa a chur le chéile.

 

Foilsithe

27/2/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath