ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1: Kevin Gaffney Ealaíontóir & Scannánóir


Kevin Gaffney

Is ealaíontóir agus scannánóir é Kevin Gaffney. Tá a chuid saothair i mbailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus taispeánadh a shaothar go hidirnáisiúnta i dtaispeántais agus i bhféilte scannán lena n-áirítear: European Media Art Festival (An Ghearmáin, 2016); Out There, Thataway in CCA Doire~Londaindoire (2015); agus an 10ú Féile Imagine Science Film Festival (Nua-Eabhrac, 2017). Bhain sé céim amach i gColáiste Ríoga Ealaíne, Londain in 2011 agus bhain sé máistreacht amach i nGrianghrafadóireacht agus Íomhánna Gluaisteacha, agus bronnadh an chéad Scoláireacht Ealaíne air de chuid Sky Academy Arts d’ealaíontóir Éireannach in 2015. Ealaíontóir cónaithe a bhí ann a bhuaigh gradam UNESCO-Aschberg i gCónaitheacht Chang-dong de chuid National Museum of Modern and Contemporary Art sa Chóiré Theas (2014) agus bronnadh the Kooshk Artist Residency Award air chun scannán nua a dhéanamh san Iaráin (2015).

www.kevin-gaffney.com

Ealaín ar an gCampas 

Thosaigh mé amach i mo ról mar ealaíontóir cónaithe i Meán Fómhair in Institiúid Oideachais Marino (IOM), is tionscnamh atá ann d’ealaíontóirí chun tabhairt faoi obair in institiúidí ina gcuirtear oiliúint tosaigh múinteoirí ar fáil atá arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon. Is iad seo a leanas spriocanna na cónaitheachta: go mbeidh an t-ealaíontóir in ann a scileanna a fhorbairt agus go mbeidh siad in ann oibriú i suíomh tacúil oideachais; go mbeidh na múinteoirí réamhsheirbhíse in ann rannpháirtíocht fhiúntach a ghlacadh sna healaíona; agus chun tacú leis na múinteoirí réamhsheirbhíse chun an mhuinín agus na scileanna cuí a fhorbairt chun na heispéiris fhiúntacha seo a chur ar aghaidh chuig na scoláirí.

Agus muid ag obair go dlúth le Dr Michael Flannery (Ceann an Oideachais Ealaíne agus Reiligiúin in IOM), roghnaíomar clár le haghaidh ionchuir fhoirmeálta i gcúrsaí agus i mbealaí chun mo chuid oibre a scaipeadh ar mhic léinn agus ar an bhfoireann.  Ba le linn an chéad chúpla mí den chónaitheacht, a chuir mé tús le misean chun ‘ealaín a chur ag obair’ ar an gcampas le clár cainteanna, taispeántas agus taispeáintí, mar aon le hionchuir fhoirmeálta a chur ar fáil i ranganna.

Rinne mé cinneadh spás taispeántais a dhéanamh den fhorhalla agus de na fuinneoga san fhoirgneamh Nagle-Rice ina bhféadfadh na mic léinn agus na baill foirne cúpla nóiméad a chaitheamh ag féachaint ar mo chuid oibre. Chuir mé dhá scannán ar taispeáint anseo le linn mhí Dheireadh Fómhair: Scannán amháin darb ainm Everything Disappears a rinne mé sa Téaváin, tá sé i Mandairínis agus tá fotheidil Bhéarla ag gabháil leis; agus ceann eile darb ainm Our Stranded Friends in Distant Lands a rinne mé i bPoblacht na Cóiré atá i gCóiréis agus tá fotheidil Bhéarla ag gabháil leis sin freisin. Bhí priontaí fótagrafacha ar leac na fuinneoige d’íomhánna socra de na scannáin agus bhí scripteanna Béarla ag gabháil leo.

Ansin, thug mé caint ealaíontóra ag am lóin inar pléadh na tionscadail seo, chomh maith leis an taighde a rinneadh fúthu agus an próiseas a bhain leis na tionscadail seo a dhéanamh. Ní hamháin go raibh mé ag iarraidh mo chuid saothair a chur in iúl ar an gcampas ach bhí mé ag iarraidh go bhfeicfeadh na mic léinn an saothar cosúil leis an gcaoi a bhfeictear saothar i ngailearaí, sular chuireamar tús leis an obair le chéile i léacht.

I mí Dheireadh Fómhair, thug mé grúpa de dháréag mac léinn ar thuras chuig mo stiúideo in Fire Station Artist Studios ar Shráid Buckingham, Baile Átha Cliath 1, agus chonaiceamar taispeántas ina dhiaidh sin inar pléadh leis an ealaín a idirghabháil do ghrúpaí bunscoile i ngailearaí darb ainm The LAB de chuid Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar Shráid Uí Fhoghlú. Bhí sé mar aidhm agam go dtiocfadh na mic léinn isteach ar na spásanna amhairc ealaíne ó thuaidh de lár na cathrach, agus go bhfeicfidís ‘an cúlra’ de stiúideo ealaíontóra agus de cheardlann dealbhóireachta freisin, agus ansin, go bhfeicfidís an saothar á chur isteach i ngailearaí.

Chuir mé sraith scannán ar siúl roinnt tráthnónta chun físealaín agus scannánóireacht thurgnamhach a chur i láthair. Ó tharla gur clúdaíodh sa tsraith; tús na físealaíne (Nam June Paik) go dtí osréalachas (Luis Buñuel Salvador Dalí) chomh maith le cleachtais reatha (Hito Steyerl), chuir mé comhthéacs an saothair agus na n-ábhar i stair na healaíne in iúl agus ansin threoraigh mé plé neamhfhoirmeálta i ndiaidh na scannán. Tá súil agam gur thug an tsraith seo spreagadh do na mic léinn a bheith rannpháirteach i scannánaíocht agus i scannánóireacht thurgnamhach de chuid ealaíontóirí, agus gur thug sí an muinín dóibh plé a dhéanamh ar thurais scoile chuig gailearaithe agus músaeim as seo amach.

Tá mé ag súil le leanúint ar aghaidh leis an saothar seo an chéad bhliain eile ar an gcampas agus le páirt a ghlacadh sa Mháistreacht i Staidéir Oideachais (Amharc-ealaíona).

Foilsithe

26/3/2018

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath