ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2: Kevin Gaffney Ealaíontóir & Scannánóir


Kevin Gaffney

Is ealaíontóir agus scannánóir é Kevin Gaffney. Tá a chuid saothair i mbailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus taispeánadh a shaothar go hidirnáisiúnta i dtaispeántais agus i bhféilte scannán lena n-áirítear: European Media Art Festival (An Ghearmáin, 2016); Out There, Thataway in CCA Doire~Londaindoire (2015); agus an 10ú Féile Imagine Science Film Festival (Nua-Eabhrac, 2017). Bhain sé céim amach i gColáiste Ríoga Ealaíne, Londain in 2011 agus bhain sé máistreacht amach i nGrianghrafadóireacht agus Íomhánna Gluaisteacha, agus bronnadh an chéad Scoláireacht Ealaíne air de chuid Sky Academy Arts d’ealaíontóir Éireannach in 2015. Ealaíontóir cónaithe a bhí ann a bhuaigh gradam UNESCO-Aschberg i gCónaitheacht Chang-dong de chuid National Museum of Modern and Contemporary Art sa Chóiré Theas (2014) agus bronnadh the Kooshk Artist Residency Award air chun scannán nua a dhéanamh san Iaráin (2015).

www.kevin-gaffney.com

Mionsamhail a dhéanamh agus scannánóireacht chomhoibríoch 

Ba le linn an chéad seimeastair de mo chónaitheacht in Institiúid Oideachais Marino, a d’oibrigh mé le mic léinn na chéad bhliana ar an gclár, Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas. Chuir mé ceardlanna ar siúl agus thug mé léachtaí ag leibhéal na hollscoile cheana in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil Kyung Hee i Súl, agus mhúin mé ranganna ealaíne do pháistí in Taipei Artist Village agus i mbunscoileanna i Ros Comáin mar chuid den tionscadal Scoile Ealaíne arna reáchtáil ag Jennie Guy. Mar sin féin, ba é seo an chéad uair dom a bheith ag obair le múinteoirí réamhsheirbhíse agus, mar sin, ní hamháin an raibh mé ag múineadh na healaíne an babhta seo ach bhí mé ag iarraidh a thaispeáint cén chaoi chun ealaín a mhúineadh ó dhearcadh an ealaíontóra chomhaimseartha freisin.

Chruthaigh mé ceardlann ina gcuirfí próiseas na scannánóireachta i láthair don rang, rud a d’fhéadfadh a dhéanamh arís i seomra ranga gan mórán acmhainní. D’oibrigh na mic léinn i ngrúpaí, iad ag comhoibriú chun coincheap scannánóireachta a chruthú, an coincheap a shamhlú, agus mionsamhail a dhéanamh bunaithe ar an gcoincheap céanna, mionsamhail a léireodh seit/suíomh an smaoinimh scannánóireachta, na carachtair agus aon athrú radhairc. Bhí mé ag iarraidh díriú ar na gnéithe scéalaíochta agus léirshamhlaithe na scannánóireachta, agus ba í mo phríomhaidhm sa cheardlann, go bhfoghlaimeodh na mic léinn gur próiseas taitneamhach agus próiseas indéanta í an scannánóireacht, a bhraitheann níos mó ar chúrsaí samhlaíochta agus cumarsáide seachas ar threalamh costasach.

Chun an tionscadal a chur i gcomhthéacs, thaispeáin mé samplaí de na seiteanna beochana, roinnt maquette chun seiteanna a dhearadh in amharclann, agus ealaíontóirí a úsáideann colláis le páipéar nó fótamontáis ina saothar (John Stezaker, Hannah Hoch, David Hockney, Peter Kennard), agus ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha ag úsáid teicnící beochana ina saothar (Aideen Barry, Vera Klute).

Chun tús a chur leis an tionscadal, bhí ar gach grúpa ceithre fhocal randamacha a roghnú a shonraigh: (a) seánra; (b) suíomh; (c) príomhcharachtar daonna; (d) carachtar ainmhí. Ansin, bhí orthu oibriú as lámha a chéile chun iad sin a chur le chéile i gcoincheap comhleanúnach. Oibríonn gach grúpa chun mionsamhail a chruthú tar éis cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi chun na gnéithe a chur le chéile. Déantar cinntí faoi phailéad dathanna, faoi mhothú, faoi na hábhair agus faoin scála agus iad ar fad ag déanamh iarracht chun a n-amharcléiriú a chruthú.

Thosaigh na mic léinn ag déanamh a gcarachtar as armatúr agus as marla tar éis dóibh a seiteanna a dhéanamh. Ansin chuireamar tús le próiseas beochana íomhá ar íomhá ach úsáid a bhaint as aipeanna ar fhóin agus ar iPadanna na scoile. Ag an deireadh, bhí beochan chiúin cruthaithe ag gach grúpa, trí úsáid a bhaint as ábhair agus teicneolaíocht a raibh teacht orthu go héasca agus chruthaigh gach grúpa tionscadal uathúil is féidir a mheas maidir leis an gcoincheap a chruthaigh siad agus maidir leis na paraiméadair a shocraigh siad dóibh féin.

Foilsithe

30/4/2018

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath