ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Dan Colley, Dramaturg agus Stiúrthóir Collapsing Horse Theatre


Dan Colley

Is stiúrthóir, drámadóir agus ríomhchláraitheoir é Dan Colley as Baile Átha Cliath. Agus é ina stiúrthóir ar Collapsing Horse Theatre stiúir sé The Water Orchard (le hEoghan Quinn, arna chomhléirithe ag Project Arts Centre) The Aeneid, Bears in Space, Conor: at the end of the Universe, Human Child, Distance from the Event agus Monster/Clock. Is é Dan an tEalaíontóir Cónaithe le Collapsing Horse in Draíocht agus is é an comhstiúrthóir ar Kilkenny Cat Laughs Festival.  D’oibrigh Dan mar dhrámadóir le Macnas, Dublin Fringe Festival, WillFredd agus Sugarglass Theatre i measc roinnt eile. Tá céim bainte amach ag Dan i mBéarla agus i bhFealsúnacht ó Ollscoil na Gaillimhe agus rinne sé staidéar ar Éascaíocht na hAmharclainne Óige le hAmharclann Óige na hÉireann. Fuair Dan Ciste na Chéad Ghlúin Eile in 2016.

Blag 3: Músaem na gCeart

I mo bhlag is déanaí, thug mé eolas faoi “Chéim 1” den phróiseas ina ndearna mé éascaíocht ar cheardlanna dráma agus scéalaíochta le scoláirí ealaíne sa dara bliain i gColáiste Pobail Lorcáin, agus tionscadal ‘idir lámha fós’ de chuid Mhúsaem na gCeart a chuirfear i láthair i bPáirc an Chrócaigh le haghaidh na OCOnna de sheoladh UNCRC25.

Cé go raibh an cur i láthair i bPáirc an Chrócaigh ceaptha a bheith “idir lámha fós”, tá a fhios ag na léitheoirí a rinne an tionscadal idir lámha fós go raibh sé mar a bheadh rud éigin curtha i gcrích ann ina dhiaidh. Tugadh ár ndúshlán i “gCéim 2” de thionscadal Mhúsaem na gCeart rud éigin nua a fháil agus an smaoineamh céanna a chur in úsáid. Ba ag an am céanna, a thosaigh na múinteoirí ealaíne Declan Quinn agus Siobhán Mackenzie (a bhí ina bhfórsa cruthaitheach agus bríomhar riachtanach sa phróiseas ón tús) ag tabhairt faoi deara go raibh siad ag caitheamh níos mó ama ar an gcuraclam de réir a chéile, agus cheap siad go mbeidís ag caitheamh an iomarca ama air dá leanfaidís ar aghaidh leis an bpróiseas. Mar sin, bhí sé deacair go maith dúinn deireadh a chur le céim 1 leis na scoláirí sa dara bliain. Tá mé cinnte gur dúshlán é seo agus is cinneadh a thuigfidh go leor de na hoideoirí a léifidh an píosa seo.

Chun leanúint ar aghaidh, bhí ar Mháire O’Higgins, Leas-Phríomhoide agus comhordaitheoir de chomhpháirtíochtaí ealaíne, múinteoir díograiseach agus grúpa scoláirí a fháil a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an obair. Fuair sí Emma O’Reilly agus a rang OSSP a raibh na tréithe seo acu go láidir.

Ba é an tasc ansin, chun an próiseas de chéim a haon a athchruthú le grúpa nua. Ó tharla gur rang OSSP a bhí ann an babhta seo, rinneamar cinneadh bealach a fháil chun é a dhéanamh trí UNCRC. Rinne Emma O’Reilly rang réamhrá do Chairt na Náisiún Aontaithe faoi Chearta an Pháiste, agus thug mé féin agus Máire O’Higgins tacaíocht dó. Is iad Cearta an Duine ceann de na príomhchoincheapa dá gcúrsa OSSP, ábhar a ndéanfaidís staidéar air sa dara bliain go hiondúil, agus bhí nasc curaclaim ann dá réir.

Sa chéad seisiún eile, d’iarramar ar na scoláirí an t-airteagal is riachtanaí sa UNCRC dar leo a roghnú agus fáth a thabhairt leis. Fuaireamar amach gurbh iondúil go raibh a bhfreagraí bainteach leis an teaghlach (agus ba é seo an téama céanna a chonaiceamar sna rudaí a roghnaigh siad don mhúsaem níos deireanaí ansin). Agus na scoláirí ag rá linn cad iad na hairteagail a bhí riachtanach dar leo, bhí sé de dhualgas orm mar éascaitheoir díospóireacht agus easaontas a spreagadh.

Bhain mé úsáid as cleachtas darb ainm “An Contanam” agus chuireamar na boird agus na cathaoireacha i leataobh, agus bhí ar na daoine a d’aontaigh go láidir leis na ráitis dul chuig taobh amháin den seomra, bhí ar na daoine a d’easaontaigh go láidir dul chuig an taobh eile den seomra agus bhí na daoine a bhí idir dhá chomhairle le fanacht sa lár. Nuair a thug mé ráiteas, bhí ar na scoláirí dul chuig pé áit sa seomra a bhí ag teacht lena dtuairim ar an ráiteas céanna. Mar shampla, b’fhéidir go ndéarfainn “is é ‘Airteagal 24; tá an ceart agat chun cúraim sláinte’ an ceart is riachtanaí” agus chuaigh na scoláirí chuig áit sa seomra ag brath ar an méid a cheap siad den ráiteas, ar aontaigh siad, ar easaontaigh siad nó rud éigin idir eatarthu. Ansin, d’iarrfainn ar na daoine a raibh na tuairimí ba láidre acu cúis a thabhairt. Agus iad ag éisteacht leis an gcomhrá agus leis na pointí contrártha, moladh do na scoláirí bogadh sa seomra dá dtiocfadh athrú ar a dtuairimí.

D’fhoghlaim na scoláirí an tábhacht lena gcearta óna chéile ar an mbealach seo, trí éisteacht leis na scéalta a bhí á n-insint; agus d’fhoghlaim siad faoina gcearta sa saol mar atá. Roghnaigh mé ráitis fíorláidre chun tuairimí gach duine a dheighilt ag an tús agus lig mé cead dóibh na miondifríochtaí a fháil amach eatarthu féin.

I mo chéad bhlag eile, an ceann deiridh, déanfaidh mé cur síos ar an gcaoi ar chuireamar an t-eolas seo in úsáid maidir leis an músaem choimeád, ar an gcaoi ar féidir le duine scéalta a insint agus ciall a chur in iúl ach rudaí a roghnú agus a leagan síos. Déanfaidh mé cur síos; ar an bpróiseas a bhaineann le bheith ag obair le hArd-Mhúsaem na hÉireann, ar sheoladh ár dtaispeántais Mhúsaem na gCeart san Ard-Mhúsaem, i nDún Uí Choileáin agus ar an bPacáiste Oideachais bunaithe ar Mhúsaem na gCeart a choimisiúnaigh OCO.



 

Foilsithe

30/4/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath