ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Dan Colley, Dramaturg agus Stiúrthóir Collapsing Horse Theatre


Dan Colley

Is stiúrthóir, drámadóir agus ríomhchláraitheoir é Dan Colley as Baile Átha Cliath. Agus é ina stiúrthóir ar Collapsing Horse Theatre stiúir sé The Water Orchard (le hEoghan Quinn, arna chomhléirithe ag Project Arts Centre) The Aeneid, Bears in Space, Conor: at the end of the Universe, Human Child, Distance from the Event agus Monster/Clock. Is é Dan an tEalaíontóir Cónaithe le Collapsing Horse in Draíocht agus is é an comhstiúrthóir ar Kilkenny Cat Laughs Festival.  D’oibrigh Dan mar dhrámadóir le Macnas, Dublin Fringe Festival, WillFredd agus Sugarglass Theatre i measc roinnt eile. Tá céim bainte amach ag Dan i mBéarla agus i bhFealsúnacht ó Ollscoil na Gaillimhe agus rinne sé staidéar ar Éascaíocht na hAmharclainne Óige le hAmharclann Óige na hÉireann. Fuair Dan Ciste na Chéad Ghlúin Eile in 2016.

Blag 4: Músaem na gCeart

Is tionscadal ealaíne rannpháirtíochta é Músaem na gCeart a dhéanann iarracht cur ar chumas na rudaí atá againn ár scéal a insint trí mheán an mhúsaeim. Is é an t-ábhar, saol na scoláirí i gColáiste Pobail Lorcáin agus an chaoi ar chumhdaigh na cearta Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) chomh maith leis an taithí saoil a bhí acu. Nó nach gcumhdaíonn.

Rinne mé mionchur síos i mo bhlag roimhe seo ar an gcaoi ar oibrigh mé le grúpa scoláirí OSSP sa chéad bhliain agus d’iarr mé orthu am a chaitheamh leis na scéalta bunaithe ar a gcuid ceart – agus chun foghlaim faoina gcearta sa saol mar atá.

Sa chéad seisiún eile, thaispeáin mé gnáthrud laethúil do ghrúpa – bróg a bhí ann. Is maith liom na rannpháirtithe a chur i gciorcal timpeall an ruda. D’iarr mé orthu tuairimí oibiachtúla a thabhairt ar an gcéad dul síos: céard is féidir linn a rá faoi seo go cinnte ach féachaint air amháin? Mar shampla; “bróg atá ann”, “tá barriallacha bána inti”, “tá sí dubh” “tá salachar uirthi”. Choinnigh mé orm mar sin, agus chuir mé ina gceart iad, dá ndéarfaidís aon rud suibiachtúil (e.g. “Shílfeá gur úsáideadh iad chun dul ag rith de réir a gcosúlachta” nó “tá drochbhail orthu”). Ná habair ach na fíricí ar féidir a bheith cinnte fúthu ach féachaint orthu.

Nuair nach raibh mórán eile le rá faoi seo, d’iarr mé orthu tuairimí suibiachtúla a thabhairt. Spreag mé iad; cér leis iad na bróga seo? Céard le haghaidh a bhféadaidís iad a úsáid? An raibh siad luachmhar don duine céanna? Agus d’iarr mé orthu tacú le gach tuairim dá raibh acu ach fianaise a thabhairt faoin méid a bhí le feiceáil.

Ansin, chuir mé na bróga ar ardán ardaithe (d’úsáid mé bosca bruscair ach d’iarr mé orthu é a shamhlú mar a bheadh plionta ann i músaem!) agus d’fhiafraigh mé díobh ar athraigh sé an dearcadh a bhí acu air? Ar cheap tú go raibh sé níos tábhachtaí dá réir? Cén fáth? Céard a d’fhéadfadh a bheith chomh tábhachtach faoi na bróga seo is go mbeidís i músaem? D’iarr mé orthu a shamhlú go raibh lipéad air, ar a raibh “Bróga plaisteacha agus canbháis. Méid bróige 5. 2017. An tSiria.” agus d’fhiafraigh mé díobh céard a cheap siad díobh ansin. Cén dearcadh a bheadh acu ar scéal na mbróg seo agus den duine a chaith iad?

Chuir mé na bróga i dtaisce agus chuir mé rud eile ar ár “bplionta”. Bhí an rud seo tábhachtach domsa go pearsanta – péire lúibín cufa ar taispeáint ina mbosca. Ach ní dúirt mé aon cheo fúthu leis na rannpháirtithe go fóill. Arís, d’iarr mé orthu tuairimí oibiachtúla a thabhairt, agus tuairimí suibiachtúla a thabhairt ina dhiaidh sin (an bhfuil sé seo tábhachtach don úinéir? Cén fáth a ndeir sibh é sin?” “An bhfuil siad costasach? Cén fáth a ndeir sibh é sin?” “Cén uair a rinneadh iad” etc.) Ansin, d’inis mé díobh céard iad féin, an scéal fúthu agus an fáth a raibh siad tábhachtach domsa. Ansin, d’iarr mé orthu ar fad rud a thabhairt isteach a bhí tábhachtach dóibh, féachaint ar an UNHCR a bhí acu a rabhamar ag obair air, agus ceangal a dhéanamh idir an méid a bhí tábhachtach dóibh leis an rud agus idir sin agus an t-airteagal sa chairt.

Anois tá an tasc againn taispeántas a chur le chéile in Ard-Mhúsaem na hÉireann i nDún Uí Choileáin. Ba iad seo a leanas na ceisteanna a bhí againn faoi: cén chaoi a léireoimid an obair seo chomh maith leis na rannpháirtithe atá ag obair sa spás sin ionas gur féidir an pobal iad a fheiceáil? Cén chaoi a n-iarrfaimid ar an bpobal a bheith rannpháirteach go gníomhach sna smaointe dá bhfuil ann?

Rinneamar cinneadh é a dhéanamh go simplí; ghlacamar grianghraif de na rannpháirtithe ar fad agus dá rud a bhí roghnaithe acu agus d’iarramar orthu cén fáth a raibh sé tábhachtach dóibh agus cad iad na cearta/céard é an ceart a raibh sé bainteach leis/leo. Ansin fuaireamar Sarah Moloney, dearthóir grafaicí (ach d’fhéadfainn féin nó duine eile a raibh sé d’am acu foghlaim faoi Photoshop é a dhéanamh) na grianghraif a leagan amach agus ráitis na scoláirí ar na híomhánna, chomh maith le téacs ó UNCRC a bhí bainteach. Rinneadh gach ceann acu seo a phriontáil ar chárta A2 agus cuireadh ar taispeáint iad ar bhallaí an spáis taispeántais. D’fhág sé sin go rabhthas in ann na scoláirí ar fad a bhí rannpháirteach a chur in iúl sa taispeántas.

Bhí trí fhuinneog mhóra sa spás, bhí téacs an UNCRC ar an gceann sa lár agus scríobhamar “Céard a bheadh i do Mhúsaem Ceart?” ar an bpéire eile agus d’iarramar ar an bpobal scríobh ar na fuinneoga ach úsáid a bhaint as na pinn leachta cailce a chuireamar ar fáil. Bhí an pobal in ann a bheith rannpháirteach sna smaointe a bhí Músaem na gCeart a chur chun cinn dá réir.

Bhí an Músaem an-chabhrach agus thug siad cás taispeántais dúinn ar iasacht, agus roghnaigh mé ocht rud lena aghaidh a thug léargas ar an ngrúpa ar fad, le cur ar taispeáint i gcaitheamh an taispeántais. Ba é seo croílár Mhúsaem na gCeart agus bhí gnáthrudaí laethúla ar taispeáint ann, a bhuí le saoránaigh óga, agus iad ag baint sásamh as an meas agus as an tábhacht chéanna a bhíonn le rudaí a dtugtar luach dóibh i mbailiúchán an Ard-Mhúsaeim.

Is cosúil go ndeachaigh cumhacht an ráitis seo i bhfeidhm ar na daoine a chuala é agus fuaireamar freagra bríomhar ar an gcuireadh chuig oscailt an taispeántais. D’fhreastail Richard Bruton, an tAire Oideachais ar an oscailt chomh maith le Raghnall Ó Floinn, Stiúrthóir an Ard-Mhúsaeim, Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí, agus na meáin náisiúnta lena n-áirítear nuacht RTÉ agus The Irish Times. Labhair beirt scoláirí ó Choláiste Pobail Lorcáin, Ciarán Hayden agus Isabella Anthony ar eispéireas an phróisis ag an bpóidiam, i dteannta leis an Aire, an Stiúrthóir agus leis an Ombudsman do Leanaí. Stiúir roinnt scoláirí turais léirmhínitheacha treoraithe den taispeántas dár n-aíonna.

Dar liom go gcuimsítear leis an méid atá bainte amach ag Músaem na gCeart; an chaoi a raibh sé in ann éascaíocht a dhéanamh ar fhoghlaim faoi chearta leanaí go gníomhach agus go pearsanta, gur éirigh leis comhluach a chur ar rudaí agus ar scéalta na ndaoine óga a bhí i ndéantáin an Ard-Mhúsaeim, agus an tionchar mór a d’imir Músaem na gCeart ar an bpobal, trí na meáin agus trí na daoine a thug cuairt air.

Cuimsíodh leis na dúshláin ba mhó, an t-am agus an spás a chur ar leataobh, ionas go mbeadh na daoine óga in ann oibriú ar bhealach lasmuigh den churaclam – cé go dtugtar aghaidh ar ábhair churaclaim thábhachtacha. Tá mise an-bhuíoch go deo d’fhoireann Choláiste Pobail Lorcáin, go mór mór Máire O’Higgins as ucht éascaíocht a dhéanamh air sin. Dúshlán eile a bhí agam ná go raibh easpa tuisceana ag na daoine óga a raibh mé ag obair leo ar an smaoineamh cearta an duine agus nár thug siad dóthain tacaíochta don smaoineamh céanna. 

D’fhoghlaim mé an t-uafás ó na tionscadail seo ach is iad seo a leanas na cinn a thagann chun cuimhne

  1. Tá cur chuige difriúil maidir leis an obair, dearcadh ar féidir leis na scoláirí leas a bhaint as. Is minic a bhíonn cur chuige an ealaíontóra níos timpeallaí atá bunaithe ar phróisis agus ar fhiosrúcháin le hais an mhéid a mbíonn cleachtadh ag na scoláirí air san oideachas príomhshrutha. Ní chuireann athbhrí a bhaineann leis an obair isteach ar an gcur chuige céanna agus tú ag obair, agus a chuireann ar do chumas a rá “níl a fhios agam céard é seo go fóill” agus ní drochrud atá ann sa chur chuige seo ach an oiread. Ní hé sin le rá gurb iad na healaíontóirí amháin atá in ann an modh oibre sin a chur in úsáid, ach is rud é is féidir leo a dhéanamh mar thoradh ar an gcaoi a n-oibríonn go leor againn.
  2. Tá sé tábhachtach dom mar ealaíontóir a oibríonn i scoil gurb í sin mo ghairm i gcónaí – ealaíontóir. Tá sé de dhualgas orm a bheith i m’ealaíontóir agus ní múinteoir ealaíne ná OSSP ná aon ghairm eile. Is í ealaíontóir an ghairm agus tá sí luachmhar.
  3. Nuair a dhéanann na daoine óga frámú ar an obair, imrítear tionchar suntasach ar an gcaoi a nglacfaidh daoine leis agus ar an gcaoi a nglacfaidh na daoine óga iad féin leis go háirithe. Faigheann siad eolas faoin luach atá ar a gcuid oibre go fo-chomhfhiosach ón dearcadh a bhíonn ag an saol uirthi (d’fhéadfadh gur cóipleabhar, dealbh nó scéal ranga a bheadh ann). Agus tá mé den tuairim go bhfuil poitéinseal mór ealaíne maidir leis an mbonn a bhaint d’ionchais an luacha chéanna – mar a rinneamar ar bhealach ach “gnáthrudaí” a chur ar taispeáint i músaem.

Rinne Oifig an Ombudsman do Leanaí pacáiste oideachais a choimisiúnú, pacáiste ina bhfuil treoir chun do Mhúsaem Ceart a chruthú i do scoil nó i do phobal, agus beidh fáil uirthi ar a suíomh gréasáin ó théarma an fhómhair 2018 ar aghaidh.

Más ceadmhach dom é a rá, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Tairseach na nEalaíon san Oideachas as ucht an deis a thabhairt dom an próiseas a roinnt; agus le Rebecca Mclaughlin agus Niall Muldoon in OCO as ucht a gcuid tacaíochta agus a bhfíse chun an méid seo a bhaint amach; le Helen Beaumont agus le Lorraine Cormer i Rannóg Oideachais an Ard-Mhúsaeim as ucht gach a rinne siad chun an taispeántas a chur ar siúl, as ucht ardán a thabhairt dó agus as ucht éascaíocht den chéad scoth a chur ar fáil ar an músaem a choimeád do na scoláirí; le Richard Bruton as an taispeántas a oscailt go hoifigiúil; leis na scoláirí i gColáiste Pobail Lorcáin agus leis na baill foirne Siobhán Mckenzie, Declan Quinn, Emma O’Reilly, agus leis an bPríomhoide Thomas Usher. Ba mhaith liom an-bhuíochas a ghabháil le Leas-príomhoide Máire O’Higgins, ní chuirfí tús leis an rud seo ar chor ar bith gan a tiomantas, a fís, a paisean do chúrsaí oideachais agus do na healaíona, thitfeadh na tóin as ag an gcéad iarracht dá n-uireasa.



Foilsithe

29/6/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath